Tá cáineadh géar déanta ar an iarthaoiseach Leo Varadkar as a rá go mb’fhéidir go mba ghá béim níos lú a leagan ar an nGaeilge ar mhaithe le ‘Éire aontaithe’ a bhaint amach.
Ag labhairt dó ag ócáid in Ollscoil Notre Dame in Indiana, dúirt gur rud “nádúrtha” a bheadh in athaontú na tíre ach go gcaithfí géilleadh d’aontachtaithe an Tuaiscirt maidir le roinnt rudaí.
De réir tuairisc ar nuachtán na hOllscoile, The Observer, luaigh Varadkar cosaint bhunreachtúil don mhionlach Briotanach in Éirinn, athrú a dhéanamh ar shiombailí náisiúnta na hÉireann agus béim níos lú a leagan ar an nGaeilge [‘de-emphasizing the Irish language’].
“Caithfidh tú moladh a dhéanamh go mbeidh daoine meallta aige,” a dúirt Varadkar. “Is cinnte nach ionann an fhís d’Éirinn aontaithe sa 21ú haois agus fís 1916.”
Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh caint an iarthaoisigh faoin nGaeilge “suarach”.
“Ba cheart go mbeadh muid ar fad ábalta sochaí cheart-bhunaithe a éileamh. Níl cearta teanga mar ábhar idirbheartaíochta anois nó riamh arís. Samhlaigh cearta aon phobail eile a bhaint, a chur as radharc, nó a dhíbirt chun freastal ar mhianta frith-chearta dream eile. Suarach,” a dúirt Conradh na Gaeilge i ráiteas a chuir siad amach ar na meáin shóisialta.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide le Conradh na Gaeilge, nár chóir glacadh leis go mbeadh an Ghaeilge á cur chun cinn “mar a bheadh cipín idirbheartaíochta ann”.
Dúirt Ó Tiarnaigh gur léir go bhfuil an t-aos ceannais, agus Leo Varadkar, go háirithe, den tuairim gur gá baint de chearta Gaeilge chun gur féidir Éire nua a bhunú. Is léir go gcreidtear, a deir sé, go ndéanfadh a leithéid cúrsaí “níos compordaí” d’aontachtóirí agus gurb amhlaidh go síltear gurb é sin a theastaíonn uathu.
“…Sílim go bhfuil sé sin samhnasach, go bhfuil sé náiriste go bhfuil muid ag amharc ar chearta Gaeilge nó cearta teanga trí chéile nó cearta aon phobail mhionlaigh mar rud gur féidir a dhíol amach, mar rud gur féidir a mhaolú chun freastal ar mhianta atá, b’fhéidir, fréamhaithe sa seicteachas nó sa bhiogóideacht, nó sa chos ar bholg, nó aon rud eile.”
Níor cheart, a dúirt Ó Tiarnaigh, a bheith ag iarraidh “maolú” a dhéanamh ar chearta teanga, a dearbhaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin, le freastal “ar scaifte iontach iontach beag daoine a bhfuil meon frithGhaeilge acu”.
“Sílim go ndéanann sin an-dochar do chás na Gaeilge ó thuaidh san am i láthair, tráth a bhfuil muid ag déanamh an-iarracht cearta teanga a bhaint amach agus feachtas a riar atá fréamhaithe i gcoincheap cearta mionlaigh, an Ghaeilge a chur chun mar theanga do gach duine sna sé chontae.
Deir Ó Tiarnaigh go ndéanann caint Varadkar agus daoine eile faoin nGaeilge “dochar don chás gur teanga chomhroinnte do gach duine í an Ghaeilge”.
Tá sin do-ghlactha, dar leis.
“Samhlaigh ar feadh soicind an loighic sin a úsáid agus tú ag plé le cearta aon phobail eile, bíodh sin an lucht siúil, an pobal LGBTQ, an pobal eitneach nó eile, go mbeifeá fiú ag smaoineamh nó ag rá os ard go mbeifeá i bhfách le cearta an phobail sin a dhíbirt nó a mhaolú chun freastal ar dhaoine nach bhfuil i bhfách le cearta a thabhairt do na daoine sin? Ní bhfaighfeá ar shiúl leis.”
Ní hé seo an chéad uair ag Leo Varadkar a mhaíomh gur gá machnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge má tá Éire Aontaithe le bheith ann amach anseo.
Ag Ard-Fheis Fhine Gael in 2021 dúirt sé go gcaithfí machnamh a dhéanamh faoi gach a mbeimis sásta “a athrú”, stádas na Gaeilge san áireamh.
I mBunreacht na hÉireann dearbhaítear gurb í an Ghaeilge “príomhtheanga oifigiúil” an stáit.
In 2019, nuair a bhí sé ina Thaoiseach, dúirt Varadkar ag Féile an Phobail i mBéal Feirste go gcaithfeadh daoine a thuiscint gur ‘Stát eile’ a bheadh ann dá mbainfí Éire Aontaithe amach.
Dúirt sé go mbeadh gá sa chás sin le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifigiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.
In 2017 mhol Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.
Bhí Leo Varadkar ag caint in éineacht leis an toscaire speisialta chuig an Tuaisceart Joe Kennedy III ag ócáid a d’eagraigh Institiúid Keough-Naughton don Léann Éireannach in Notre Dame.