Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-lucha-a-ndeanamh-tredhearcach-ag-eolaithe-agus-pudar-oraiste-is-cuis-leis

Tá lucha á ndéanamh trédhearcach ag eolaithe agus púdar oráiste is cúis leis

| conor torboid | , ,

An bhfuil ré an mheaisín x-ghathaithe thart? An malartófar na seomraí MRI ar Stórais Tartraisín sna hotharlanna? Is cosúil go bhfuil teicneolaíocht an domhain eolaíochta á cur trína chéile ag an ruaim bhia oráiste ó foilsíodh taighde nua san irisleabhar Science ag tús na míosa seo. Tugann tartraisín an dath oráiste cáiliúil do tháirgí amhail deochanna súilíneacha agus brioscáin phrátaí.

Trí thurgnamh a dhéanamh ar lucha leis an ruaim seo, d’fhoghlaim foireann an taighde go ndéanann tartraisín craiceann luiche beagnach go hiomlán trédhearcach mar gheall ar bhunphrionsabal fisice frithiomasach. Próiseas in-aisiompaithe agus neamhthocsaineach é seo a ligeann don tsúil lom trédhearcacht an chraicinn a fheiceáil (nó gan é a fheiceáil b’fhéidir). Is dóiche go gcuirfidh tartraisín, a dtugtar Yellow 5 air fosta, próiseas an íomháithe eolaíochta bunoscionn.

Bhí eolaithe in ann orgáin luiche a fheiceáil trí bholg an ainmhí gan an craiceann a ghearradh. D’úsáid siad an modh céanna chun fuileadáin sa bhlaosc a fheiceáil, chomh maith le fíocháin matáin a fheiceáil go soiléir le micreascóp. D’fhéadfadh an modh seo tionchar dearfach a imirt ar straitéisí diagnóiseacha míochaine agus ar chóireálacha má dhéantar tuilleadh taighde ar a shábháilteacht agus éifeachtúlacht.

I instantly looked at it and went, ‘My God, this is revolutionary,’” arsa Christopher Rowlands, léachtóir sinsearach agus taighdeoir bithfhótónaice ag Imperial College, Londain. Níor ghlac Rowlands féin páirt sa staidéar ach scríobh sé alt ar an taighde i ndiaidh dó athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí. “The most advanced current optical imaging techniques might allow a scientist to see a couple of millimeters into live tissue, but the new method could make detail more than a centimeter deep visible to the naked eye,” a dúirt Rowlands.

Go bunúsach, má chuimlítear tuaslagán tartraisín ar chraiceann luiche gan fhionnadh, déantar an craiceann trédhearcach. Nuair a bhaintear an ruaim, imíonn an trédhearcacht.

Biological tissues, like skin, are usually not see-through because light gets scattered as it passes through them,” a dúirt Guosong Hong, comhúdar sinsearach an staidéir agus bithinnealtóir ag Ollscoil Stanford. Athraíonn an ruaim tartraisín innéacs athraonta uisce mar gheall ar a hionsú cumhachtach tonnfhaid ghorma, ag déanamh uisce níos cosúla le saill. Mar thoradh air seo, bíonn sé níos fusa ag fótón dul tríd an chraiceann amhail is go bhfuil an fíochán aonchineálach. Ní phreabann an fótón chomh minic céanna, ag laghdú an ionsú solais agus, ar deireadh, ag soilsiú taobh istigh den luch.

Ní fhéadfadh luch iomlán a dhéanamh dofheicthe leis an ruaim, ná taobh istigh de bholg duine a fheiceáil ach oireadh. Ní théann tartraisín ach chomh domhain nuair a chuirtear ar fhíochán é, mar sin de ní bheidh sé chomh úsáideach céanna ar chraiceann níos tibhe. B’éigean d’eolaithe straitéis soláthair dhírithe a phlé dá mbeadh siad ag iarraidh an ruaim a úsáid le haghaidh íomháithe. Agus cé nach raibh údar imní le fáil sna measúnuithe tocsaineachta go dtí seo, ní hé sin le rá nach mbeadh drochthionchar ag ró-úsáid na ruaime ar an chraiceann.

Más sábháilte an ruaim Yellow 5, d’fhéadfadh uachtair logánta a dhéanamh do dhaoine ar mhaithe le haimsiú ailse craicinn, leis an phróiseas tógáil fola a dhéanamh níos compordaí, nó baint tatúnna a dhéanamh níos gasta.

Cheap achan duine gur na meacáin dhearga a chuireann feabhas ar amharc na súl sa dorchadas, ach na Doritos atá dár ndéanamh trédhearcach!

The post Tá lucha á ndéanamh trédhearcach ag eolaithe agus púdar oráiste is cúis leis appeared first on NÓS.

Níos mó