Tá áisíneacht nua a chuirfeadh comhairle ar chomhlachtaí poiblí faoi chruinneas Gaeilge molta ag an gCoimisinéir Teanga.
Mhol an Coimisinéir Teanga chomh maith go mbunófaí lárionad seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Ag labhairt dó ag Coiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo, dúirt Séamus Ó Concheanainn gur cheart ceangal a dhéanamh idir an próiseas pleanála teanga agus an reachtaíocht teanga chun go mbeadh freastal i bhfad níos fearr á dhéanamh ag an stát ar phobal na Gaeilge.
Dúirt sé go bhféadfaí “molanna nó campais ilfhreastail” a bhunú ina mbeadh fostaithe ó chomhlachtaí poiblí éagsúla ag obair le chéile chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Mhaígh sé go gcuirfeadh lárionaid seirbhísí Gaeilge le caighdeán na seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht agus leis an éileamh ón bpobal ar na seirbhísí sin.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeadh na hionaid seirbhísí Gaeilge nua ag teacht chomh maith leis an gcuspóir sa dlí teanga go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre in oifigí na gcomhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht.
Dúirt an Coimisinéir Teanga chomh maith go bhfuil fadhb mhór maidir le míchruinnean teanga sa státchóras.
“Laige mhór eile a bhíonn le feiceáil sa soláthar a dhéanann comhlachtaí poiblí áirithe is ea an míchruinneas teanga a bhíonn le feiceáil sa soláthar sin,” a dúirt sé.
Dúirt an Coimisinéir Teanga gur cabhair a bheadh sa dualgas nua atá ar chomhlachtaí poiblí ball foirne sinsearach a cheapadh chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an reachtaíocht teanga agus go raibh beartas eile ag teastáil chun tacú le comhlachtaí poiblí cruinneas teanga a bhaint amach, go háirithe i réimse na fógraíochta.
“Léiríonn líon agus éagsúlacht na bhfógraí atá le feiceáil agus le cloisteáil anois, de thoradh na forála nua ar fhógraíocht, go bhfuil géarghá le hacmhainn dhaonna ag a bhfuil sainscileanna, cuir i gcás, sa smaointeoireacht chruthaitheach, sa scríbhneoireacht, san aistriúchán, i ndearadh grafaice, in athghuthú, san fhotheidealú agus, i léiriú físe trí Ghaeilge.”
Ba chóir, a dúirt Ó Concheanainn, áisíneacht náisiúnta comhairleoireachta teanga a chur ar fáil don bhreis is 500 comhlacht poiblí a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Dúirt sé go gcabhródh áisíneacht mar sin le comhlachtaí poiblí “cruinneas teanga a chinntiú ina gcuid soláthar ar bhonn leanúnach”.