Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
buisead-‘tubaisteach’-don-ghaeilge-agus-don-ghaeltacht

Buiséad ‘tubaisteach’ don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Buiséad ‘díomách’ ‘suarach’ agus ‘tubaisteach’ atá i mBuiséad 2025 don Ghaeilge agus an Ghaeltacht, dar leis an fhreasúra agus le heagraíochtaí Gaeilge.

Deir Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge nach dtagann an t-ardú €9 milliún a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht inné – €6 milliún do Roinn na Gaeltachta agus €3 milliún do TG4 –‘cóngarach’ don mhéid atá de dhíth le dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhaineann le cúrsaí teanga.

Deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nach bhfuil “aon leigheas in aon chor” sa mhéid atá fógartha ag an rialtas ar “na deacrachtaí móra” a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

“Tá sé tubaisteach nár thapaigh an rialtas an deis cuidiú leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Bhí an deis acu ach arís is pingineacha suaracha atá curtha ar fáil don Ghaeltacht, atá i ngéarchéim.

“Níl an gaeloideachas luaite áit ar bith sa bhuiséad, níl ach fíorbheagán tugtha d’Údarás na Gaeltachta, cé go mbeidh cúraimí breise orthu cuidiú le daoine le tithe inacmhainne a thógáil sa Ghaeltacht agus chomh maith leis sin níl an infheistíocht cheart déanta in TG4, i bhForas na Gaeilge. Níl an chuma ar an scéal go mbeidh cosaint ann don Ghaeilge ná fás ag teacht ar an Ghaeilge ón bhuiséad seo.”

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh “aon trácht” sa bhuiséad do cheann “de phríomhearnálacha gnó na Gaeltachta”, na coláistí samhraidh. “Níl aon rud ar fáil le tacú leo, ná le Scéim Labhairt na Gaeilge in ainneoin go ndúirt an rialtas go dtabharfaí a leithéid ar ais,” arsa Ó Snodaigh.

Ní hiad polaiteoirí an fhreasúra amháin a bhí míshásta leis an soláthar don Ghaeilge sa bhuiséad. Dúirt Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, go raibh “an-díomá” air.

“Sé mhilliún, is beag é. Nuair a bhainfidh tú as sin ardú sna costais ó bhliain go bliain….beidh 3-4% bainte as an [ardú] 6% sin,” a dúirt Ó Cuív agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta.

“Caithfidh mé a rá go bhfuil an-díomá orm. Ní léir go bhfuil tada suntasach do TG4 ann. Tá RTÉ ag fáil airgead ón státchiste ach ní léir go bhfuil aghaidh tugtha ar an easpa airgid atá ar TG4 le fada an lá agus nach bhfuil forbairt á déanamh air mar an dara stáisiún náisiúnta teilifíse, mar ba cheart.

“Ba cheart go mbeadh na seirbhísí céanna ag lucht na Gaeilge mar atá ag lucht an Bhéarla. Tá éacht as cuimse déanta ag TG4…”

Dúirt Ó Cuív go raibh díomá air nár luadh Foras na Gaeilge inné ach oiread agus gur chóir don Rialtas ó dheas airgead a chur ar leataobh le caitheamh ar an nGaeilge sa Tuaisceart.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur údar díomá atá sa bhuiséad mar nach dtagann sé “cóngarach” don mhéid atá de dhíth le cás na Gaeilge a fheabhsú sa Ghaeltacht agus sa tír go léir.

“Tá bearna ollmhór idir an méid atá ag teastáil agus an méid atá sa bhuiséad le dul i ngleic le riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a shásamh.

“Ní thagann an €9 milliún atá curtha ar fáil cóngarach don €57 milliún a lorgaíomar agus má chuireann tú sa chomhthéacs sin é, tá sé níos measa arís. Caithfidh an rialtas a bheith i bhfad níos uaillmhianaí agus tosaíocht a thabhairt don teanga,” a dúirt de Spáinn.

Cé gur ‘buiséad flaithiúil’ atá á thabhairt ar bhuiséad 2025, deir de Spáinn gur a mhalairt atá i gceist i dtaobh na Gaeilge.

“Tá a lán daoine ag trácht ar an mbuiséad seo mar cheann de na buiséid is flaithiúla riamh ach níl sé sin fíor i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Má amharcann muid siar go dtí an Buiséad in 2021, tá an méid airgid breise tite go mór. Cuireadh €18 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa cháinaisnéis in 2021 agus tá sin tite go mór le dhá bhliain anois.”

Chuir Údarás na Gaeltachta “fáilte mhór” roimh an scéal go bhfuil €1.9 milliún le bronnadh ar an eagraíocht faoin mBuiséad. Is ionann é seo agus méadú 5.25% ar bhuiséad an Údaráis in 2024.

Dúirt an tÚdarás go gcuirfeadh an maoiniú breise le cumas na heagraíochta a gcuid oibre sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a leathnú agus go mbainfear leas as na hacmhainní breise chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeltachta agus “spriocanna uaillmhianacha forbartha” a bhaint amach.

Níos mó