Tá sé ráite i bplean náisiúnta nua gur dúshlán ar leith a bheidh ann dóthain daoine le Gaeilge a earcú sna seirbhísí sláinte amach anseo chun cloí leis an reachtaíocht teanga.
Sa bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, a foilsíodh inné, deirtear gur “ceist ar leith” a bheidh i gcur i bhfeidhm an phlean i gcás Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte toisc go bhfuil an oiread sin daoine atá ag obair sa tseirbhís a thagann ón iasacht.
Is í FSS an fostóir aonair is mó san earnáil phoiblí sa Stát agus breis is 160,000 duine fostaithe aici i láthair na huaire. Faoin reachtaíocht teanga, beidh dualgas uirthi seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil don phobal agus freisin beidh ar 20% de na hearcaigh chuig FSS a bheith ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.
Is léir go gcreideann údair an phlean nua go mbeidh sé thar a bheith deacair an sprioc sin a bhaint amach.
Deirtear sa bplean gur “dúshlán suntasach” don Stát é earcú a dhéanamh agus acmhainní a sholáthar do na seirbhísí sláinte i láthair na huaire agus go mbeidh sin ina dhúshlán i gcónaí amach anseo.
Faoi láthair, is daoine nach Éireannaigh iad 14.2% d’fhoireann iomlán FSS, ach is airde fós an céatadán nuair a dhírítear ar dhaoine a chuireann seirbhís phearsanta ar fáil. Tagann 36.4% de na dochtúirí atá ag obair le FSS ó thíortha lasmuigh d’Éirinn agus tagann 22.5% dá cuid altraí ón iasacht.
Ba as an India agus na hOileáin Fhilipíneacha 60% den fhoireann altranais a d’earcaigh FSS anuraidh agus níorbh as Éirinn ach 25% de na daoine a chláraigh den chéad uair le Boird Altranais & Cnáimhseachais na hÉireann in 2023.
“Mar gheall ar an nganntanas idirnáisiúnta oibrithe cúram sláinte agus na héilimh mhéadaitheacha, leanfaidh an céatadán [d’fhostaithe na FSS nach as Éirinn iad] de bheith ag méadú thar na blianta atá romhainn,” a deirtear sa bplean.
“Tá go leor den fhoireann seo imlonnaithe laistigh de sheirbhísí cúraim do dhaoine scothaosta atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó in ospidéil ghinearálta a chuireann seirbhísí géarchúraim ar fáil do phobail na Gaeltachta.
“Níl cúrsaí earcaíochta agus comhtháthaithe foirne ó thíortha, cultúir agus teangacha éagsúla uathúil don FSS, ach is ceist ar leith a bheidh i scála an spleáchais seo agus an riosca sláinte i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta seo mar aon le sprioc earcaíochta 20% an Achta go ginearálta.”
Deirtear go leanfaidh FSS ag glacadh “páirt ghníomhach” sa gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a réitigh an Plean Náisiúnta, chun bealaí a fháil líon agus caighdeán na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.
Níor aontaigh FSS scéim teanga riamh faoi chóras na scéimeanna teama a bhfuil deireadh le cur leis faoin reachtaíocht nua. Sa dréachtscéim a réitíodh in 2016 ach nár cuireadh i bhfeidhm riamh, dúradh gurbh iontach an rud go mbeadh cumas sa nGaeilge ag daoine a d’earcófaí chun a bheith ag obair sa nGaeltacht – go mbeadh sé “highly desirable“.
Faoin reachtaíocht teanga leasaithe, tá córas na gcaighdeán teanga le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna. Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, ag brath mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.
Agus an Plean Náisiúnta foilsithe, tá trí mhí ag Aire Stáit na Gaeltachta dátaí a leagan síos faoina gcuirfear na seirbhísí poiblí sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) ar fáil trí Ghaeilge agus faoina mbeidh oifigí poiblí a bheidh lonnaithe sna LPT ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
De réir taighde a rinneadh mar chuid den réiteach ar an Phlean Náisiúnta, léiríodh gurb iad oibrithe sna seirbhísí sláinte ba lú a bhí ar an eolas faoin sprioc earcaíochta 20%. De réir an taighde, ní raibh a fhios ach ag 15% d’oibrithe san earnáil sláinte gurb ann don sprioc earcaíochta sin.