Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dioluine-on-ngaeilge-ag-an-lion-is-mo-daltai-riamh-–-figiuiri-nua

Díolúine ón nGaeilge ag an líon is mó daltaí riamh – figiúirí nua

| tuairisc | ,

Tá ardú eile tagtha ar líon na ndaltaí sa gcóras oideachais a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge agus díolúine ag beagnach 70,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile anuraidh.

De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc ón Roinn Oideachais don scoilbhliain seo caite, 2023-24, bhí díolúine ón nGaeilge ag breis is 7% de dhaltaí i scoileanna an stáit anuraidh – 67,850 dalta le díolúine as 972,659 dalta ar fad.

Cé gur tháinig laghdú beag ar líon na ndíolúintí a bronnadh ag leibhéal na bunscoile anuraidh, rud a d’fhág gur thit céatadán na ndaltaí bunscoile le díolúine ó 2.4% an bhliain roimhe go dtí 2.2% anuraidh, ardú a bhí i gceist arís ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Bronnadh beagnach 20,000 díolúine nua ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh, rud a d’fhág go raibh 55,660 dalta ar fad ann ag an dara leibhéal a raibh díolúine acu ón nGaeilge. B’ionann sin agus 13.4% de líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile ag an tráth sin (416,575).

Tá líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a cheadaítear ag déanamh imní d’eagraíochtaí teanga agus do shaineolaithe oideachais le roinnt mhaith blianta. Glactar leis go minic go bhfuil líon áirithe daltaí a bhainfeadh tairbhe as díolúine ó staidéar na Gaeilge ach go bhfuil líon na ndíolúintí atá á mbronnadh i bhfad ró-ard agus go mbaintear úsáid astu chun an t-ábhar a sheachaint.

Rinneadh athrú ar chóras na ndíolúintí i 2019, tráth a ndúirt an tAire Oideachais ag an am, Joe McHugh, go ndéanfaí rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge ach is amhlaidh atá siad níos coitianta ná riamh anois.

Tá an 13.4% de dhaltaí iarbhunscoile a raibh díolúine ón nGaeilge acu anuraidh níos airde ná mar a bhí aon uair roimhe seo agus i bhfad níos airde ná an 2.5% a bhí i gceist aimsir na mílaoise.

Mhol coiste Oireachtais níos luaithe i mbliana go gcuirfí deireadh ar fad leis an gcóras agus go gcuirfí cur chuige nua i bhfeidhm.

Tá séanta ag an Aire Oideachais reatha, Norma Foley, go bhfuil géarchéim ann i dtaobh líon na ndíolúintí atá á mbronnadh ar dhaltaí agus gur ardú ar líon na ndaltaí le Riachtanas Speisialta Oideachais (RSO) cuid den chúis leis an ardú ar líon na ndíolúintí.

Dúirt an tAire Foley an mhí seo caite go raibh sé “dochreidte” nach raibh ach 7% de dhaltaí ag fáil díolúine ón nGaeilge nuair a bhíonn Riachtanas Speisialta Oideachais ag tuairim is 25% de dhaltaí na tíre.

Bronnadh 56% den 23,453 díolúine nua a bronnadh ar dhaltaí scoile anuraidh de bharr RSO a bheith ag dalta. Is ar bhonn RSO a bronnadh aon trian de na díolúintí ar fad ón nGaeilge a bhí ag daltaí a d’fhreastail ar an mbunscoil nó ar an iarbhunscoil anuraidh.

Deir an Roinn Oideachais gur chóir breathnú ar an scéal i gcomhthéacs níos leithne agus gur chóir a chur san áireamh freisin, mar shampla, go bhfuil breis is 18,000 dalta tar éis teacht isteach sa gcóras oideachais ón Úcráin le trí bliana anuas. Bronnadh os cionn 40% de na díolúintí nua ar fad a ceadaíodh do dhaltaí scoile anuraidh ar dhaltaí a tháinig “ón iasacht”.

Deir an Roinn go raibh litir scrofa chuig gach scoil sa tír chun na critéir a bhaineann le bronnadh díolúine a mheabhrú dóibh agus go ndéanann oifigigh na Roinne “monatóireacht ghrinn” ar bhronnadh díolúintí i scoileanna.

Dhiúltaigh an Roinn tuilleadh eolais a thabhairt maidir le hiniúchadh a bhí beartaithe ar na scoileanna is mó a bhronnann díolúintí ón nGaeilge. Níor dúradh ach gur scríobhadh chuig bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar leith nuair a measadh go raibh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhí á mbronnadh acu ard agus go raibh machnamh á dhéanamh ar na bealaí is fearr le tacaíocht a thabhairt do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge sna scoileanna sin.

Deir an Roinn go bhfuiltear ag obair ar roinnt bealaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge sa gcóras oideachais, ag áireamh na bpolasaithe don oideachas lán-Ghaeilge sa nGaeltacht agus lasmuigh di, tacaíocht do chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge agus maoiniú d’eagraíochtaí ar nós COGG agus Foras na Gaeilge.

Deirtear go meastar go gcabhróidh an infheistíocht sin sa teanga le deireadh a chur leis an ngá le díolúine ón nGaeilge a cheadú do dhaltaí.

Níos mó