Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
lucht-feachtais-ag-suil-le-buisead-‘nios-uaillmhianai’-o-thaobh-na-gaeilge 

Lucht feachtais ag súil le buiséad ‘níos uaillmhianaí’ ó thaobh na Gaeilge 

| tuairisc | ,

Tá lucht na Gaeilge ag súil gur chun leasa chás na teanga i mBuiséad 2025 a bheidh sé gur iar-aire stáit Gaeltachta, Jack Chambers, atá ina aire airgeadais agus go bhfuil aire stáit nua i Roinn na Gaeltachta.

Inniu a fhógrófar Buiséad 2025 agus lucht feachtais ag súil go mbeidh ardú suntasach ann i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta agus d’eagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4.

Bhí dóchas i measc lucht feachtais tráthnóna inné go mbeadh Buiséad 2025 “níos uaillmhianaí” ó thaobh na teanga ná mar a bhí Buiséad 2024.

Bhí foinsí lenar labhair Tuairisc ag súil go gcabhródh sé le cás na teanga gur ceapadh cainteoir líofa Gaeilge, Feargal Ó Coigligh, ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó bhí an buiséad deireanach ann.

Chomh maith leis sin, den chéad uair le fada, tá rúnaí cúnta ag plé go sonrach leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Sular ceapadh Aodhán Mac Cormaic sa ról sin i mbliana, ba é Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta an t-aon cheann sa Roinn nach raibh faoi chúram Rúnaí Cúnta.

Seo an chéad bhuiséad chomh maith ag Thomas Byrne mar aire stáit na Gaeltachta agus dóchas ag lucht feachtais go n-éireoidh leis ardú suntasach a fháil don teanga, mar atá déanta aige don spórt agus an cúram sin air roimhe seo.

Ní bhfuair Roinn na Gaeltachta ach an cúigiú cuid den mhaoiniú a lorg siad don Ghaeilge in 2024.

Léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Roinne a fuair Tuairisc gur €20.435 milliún a lorgaíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024.

€4.2 milliún breise a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024.

Nuair a fógraíodh an Buiséad, ghéill Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur “buiséad crua” a bhí ann don teanga.

€100.1 milliún a d’fhógair an Rialtas do Roinn na Gaeltachta in 2024.

Dúirt Sinn Féin gur buiséad “frithGhaeltachta eile” a bhí ann agus nach raibh aon “uaillmhian” ag baint leis ó thaobh na teanga.

Rinne Conradh na Gaeilge cáineadh chomh maith ar an Rialtas anuraidh as a bheith neamhuaillmhianach i leith na teanga.

De réir an bhuiséid mhalartaigh a d’fhógair Sinn Féin an tseachtain seo caite chuirfidís pacáiste €63.2 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Chuirfidís maoiniú breise ar fáil do TG4, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus don oideachas lán-Ghaeilge.

€57 milliún breise don teanga atá á lorg ag Conradh na Gaeilge ón Rialtas.

Ar na príomhéilimh a bhí ag an gConradh mar chuid dá bhfeachtas réamhbhuiséid, bhí, go gcuirfeadh an Rialtas na milliúin bhreise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, do Roinn na Gaeilge, d’Fhoras na Gaeilge agus do TG4.

Níos mó