Ní choinníonn ach an ceathrú cuid de chomhlachtaí poiblí aon taifead ar chumas Gaeilge a bhfostaithe, de réir taighde nua.
I suirbhé a rinneadh mar chuid d’ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, thug 24% de na comhlachtaí poiblí a ghlac páirt ann le fios go gcoinníonn siad taifead ar inniúlacht Ghaeilge a bhfostaithe.
Is ceann de phríomhaidhmeanna na reachtaíochta teanga leasaithe go mbeadh comhlachtaí poiblí in ann seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal. Rinneadh an taighde chun léargas a fháil ar an gcumas sa nGaeilge atá ag fostaithe san earnáil phoiblí agus ar chur chuige na gcomhlachtaí poiblí i dtaobh na Gaeilge.
Cuireadh ceistneoir chuig 112 comhlacht poiblí ar fad agus fuarthas aiseolas ó 81 acu, ráta freagartha 72%.
Dúirt beagnach trí cheathrú cuid, 74%, de na comhlachtaí a d’fhreagair an ceistneoir nár choinnigh a rannóga acmhainní daonna aon taifead ar chumas teanga na bhfostaithe.
Bhí dhá chomhlacht poiblí eile ann a gheall go mbeadh siad ag coinneáil taifead ar inniúlacht Ghaeilge na bhfostaithe amach anseo.
Dúirt 59 den 81 comhlacht poiblí, 73%, go bhfuil tacaíocht traenála sa nGaeilge curtha ar fáil dá gcuid fostaithe. Ach léiríodh gur beag éileamh a bhíonn ar an traenáil sin, áfach, agus gan ach 3% d’fhostaithe ag freastal uirthi i láthair na huaire.
I suirbhé a rinneadh ar fhostaithe i gcomhlachtaí poiblí, níor thug ach 16% den bheagnach 34,000 duine a d’fhreagair le fios go raibh cúrsa oiliúna nó traenála sa nGaeilge déanta acu. Ba lú fós an sciar díobh, 3%, a bhí tar éis scrúdú TEG a dhéanamh.
Is léir go measann cuid mhaith fostaithe sna comhlachtaí poiblí nach fiú feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Léirigh torthaí na gceistneoirí go raibh líon na gcomhlachtaí poiblí a thugann aitheantas d’úsáid na Gaeilge ag an obair íseal go maith. Dúirt 57% de na freagróirí nach dtugann siad aon aitheantas don Ghaeilge ina bpróisis athbhreithnithe feidhmíochta.
Mar sin féin, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo roimhe seo, thug 23% d’fhostaithe le fios go mbeadh suim acu obair trí Ghaeilge dá bhfaighidís breis oiliúna agus tacaíochta. Dúirt 50% d’oibrithe a d’fhreagair an suirbhé gur mhaith leo cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge.
1.6% de dhaoine sa tseirbhís phoiblí a labhraíonn an Ghaeilge gach lá ina gcuid oibre
Inné a seoladh an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Deirtear go gcuirfear an plean náisiúnta nua i bhfeidhm trí dhá phlean gníomhaíochta trí bliana a chur i gcrích. Foilseofar an chéad cheann díobh sin, a mhairfidh ó 2024-2027, “sna míonna amach romhainn”.
Dúradh gur plean straitéiseach atá sa phlean náisiúnta a bheidh mar bhunchloch faoi na beartais agus na spriocanna a leagfar amach sna pleananna gníomhaíochta nua.
“Is obair straitéiseach agus go deimhin athchóirithe atá i gceist leis an obair seo agus tá sé ráite roimhe seo nach dtarlóidh an t-athchóiriú atá beartaithe thar oíche,” a deirtear.
I measc na bpríomhchuspóirí atá luaite sa bplean, deirtear “go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le mo(i)l-seirbhísí nó clinicí a bhunú ar bhonn píolótach chun croísheirbhísí poiblí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”.
Tá a leithéid de chur chuige molta ag an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, agus ag an iar-Aire Gaeltachta, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, roimhe seo.
Tá bunú seirbhís aistriúcháin a d’fhreastalódh ar an tseirbhís phoiblí trí chéile luaite chomh maith, mar atá forbairtí a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga i gcomhthéacs soláthar seirbhísí poiblí.
Maidir leis an gcuspóir deireanach sin, d’fhógair Údarás na Gaeltachta inné go raibh tús curtha le plean chun uirlis intleachta saorga Gaeilge a fhorbairt faoi dheireadh 2026.
Tá súil ann go mbeidh an uirlis sin in ann feidhmiú le haon táirge intleachta saorga atá ar an margadh agus seirbhís i nGaeilge ghlan, chanúnach a chur ar fáil agus go bhféadfadh comhlachtaí poiblí é a úsáid chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal.