Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nil-an-easpa-solathair-don-oideachas-iarbhunscoile-lan-ghaeilge-coir’-–-an-coimisineir-teanga

‘Níl an easpa soláthair don oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge cóir’ – An Coimisinéir Teanga

| Padraic O Ciardha | ,

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur ‘ceist thábhachtach náisiúnta’ a bhí san easpa gaelcholáistí agus go raibh sé ag plé leis an Roinn Oideachais faoi réiteach a fháil

‘Níl an easpa soláthair don oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge cóir’ – An Coimisinéir Teanga

padraTá ráite ag an gCoimisinéir Teanga nach bhfuil “freastal cóir” á dhéanamh ar an éileamh atá ann don oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge agus go bhfuil seisean agus a oifig i mbun fiosraithe leis an Roinn Oideachais i dtaobh an fhadhb a réiteach.

Agus é ag labhairt le Coiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean tráthnóna inné, dúirt Séamas Ó Concheanainn go bhfuil “míréir” ann idir líon na ndaltaí a dhéanann a gcuid bunscolaíochta trí Ghaeilge agus an líon a théann ar aghaidh ansin chun freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Tá léirithe ag figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfágann sciar suntasach daltaí an córas oideachais lán-Ghaeilge tar éis dóibh críochnú sa mbunscoil. Luaitear go minic an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal i measc na gcúiseanna don titim.

Rinne Conradh na Gaeilge gearán le hoifig an Choimisinéara Teanga in 2022 faoin easpa scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

“Tagann isteach agus amach le trí scór míle dalta agus mac léinn faoi anáil an oideachais lán-Ghaeilge in aghaidh na bliana, idir bhunscolaíocht agus iar-bhunscolaíocht náisiúnta agus Ghaeltachta. Ní léir go bhfuil freastal cóir á dhéanamh, áfach, ar an éileamh ar sholáthar iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge,” a dúirt Ó Concheanainn.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “ceist thábhachtach náisiúnta” a bhí anseo agus go raibh sí á fiosrú ag a oifig i gcomhthéacs na ndualgas reachtúil atá ar an Roinn Oideachais maidir le hoideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil.

“Tá muid théis a bheith i dteagmháil leis an Roinn Oideachais le roinnt ama anois agus tá faisnéis faighte againn maidir leis an staid reatha,” a dúirt Ó Concheanainn.

“Ag an bpointe seo, tá an chuma air go bhfuil míréir nó easpa coibhneasa suntasach idir líon na ndaltaí atá ag freastal ar leibhéal na bunscolaíochta agus an líon freastail atá ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge.

“Tá bearna ann a chaithfear a fhiosrú agus tá muid á dhéanamh sin,” a dúirt sé.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh eolas a lorg a oifig ón Roinn Oideachais faighte agus scagadh á dhéanamh air anois agus go mbeidh “cinneadh á dhéanamh go han-luath faoin gcéad chéim eile den phróiseas.”

“Tá muid ag cur acmhainní ar leith ina threo le déanamh cinnte go ndéanfar an cíoradh cuí ar an gceist sin.”

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh an reachtaíocht “ríshoiléir” maidir leis na riachtanais atá ann go ndéanfaí freastal ar phobal teanga ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus teanga.

Dúirt Ó Concheanainn freisin go gcaithfear tosú ag pleanáil “ag leibhéil na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge” chun a chinntiú go mbeadh dóthain daoine le Gaeilge ar fáil chun sprioc earcaíochta na reachtaíochta teanga – sin go mbeadh 20% d’earcaigh nua chun na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi 2030 – a bhaint amach.

“Mar atá trácht déanta agam air cheana, beidh beart náisiúnta ag teastáil ag leibhéal na hOllscolaíochta Gaeilge freisin d’fhonn céimithe a chur ar fáil sna disciplíní éagsúla a bhíonn ag teastáil le dul ag obair in earnálacha éagsúla den tseirbhís phoiblí.”

Níos mó