Tá ráite ag cainteoir óg Gaeilge a raibh agallamh léi in alt nuachtáin faoin riachtanas teanga don bhunmhúinteoireacht go bhfuil an bhrí mhícheart á baint ag daoine as an scéal.
San Irish Times a foilsíodh an t-alt ‘Fluent Irish requirement ‘a barrier’ to more working-class young people becoming teachers’ ina raibh agallamh le Alex Grogan, mac léinn sa dara bliain den chúrsa BA san Oideachas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Bhí grianghraf d’Alex Grogan leis an alt faoi thuarascáil ina ndeirtear gur mór an bac ar chlann an lucht oibre go gcaithfidh siad Gaeilge líofa a bheith acu le tabhairt faoi ghairm na múinteoireachta.
Bhí an tuarascáil ó Ionad Míbhuntáiste Oideachasúil Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath bunaithe ar agallaimh a rinneadh le 17 mac léinn ó cheantair nach bhfuil cáil an airgid orthu atá ag déanamh cúrsa múinteoireachta san ollscoil sin.
Luaigh 10 as an 17 mac léinn go raibh an líofacht sa nGaeilge ina bac roimh a gcairde, a deirtear sa tuarascáil.
Ach dúirt Alex Grogan ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, nár léirigh an t-alt a tuairimí ná tuairimí na mac léinn eile faoinar cheart fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge.
Mar sin féin, baineadh úsáid fhorleathan as an alt mar fhianaise gur gá fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge. Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Riordáin, mar shampla, go raibh “áthas” air go raibh an riachtanas Gaeilge don bhunmhúinteoireacht á phlé.
D’aontaigh sé gur “bac é ar mhic léinn faoi mhíbhuntáiste”.
Níor luadh san alt nuachtáin an moladh a bhí ag na mic léinn sa tuarascáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Mhol na mic léinn gur chóir “tacaíocht a sholáthar don Ghaeilge agus an rochtain ar theagasc breise in ábhair riachtanacha a mhéadú”.
Ní raibh tuairimí Alex Grogan faoi cheist an riachtanais Ghaeilge luaite san alt ach oiread.
Agus í faoi agallamh ar Tús Áite RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Alex Grogan go bhfuil daoine ag baint “míbhrí iomlán” as an scéal agus nach bhfuil duine ar bith den seachtar déag a bhí páirteach sa taighde ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge:
“Nuair a chonaic mé an scéal ar maidin agus na comments ar Facebook bhí mé like ‘Ó Mo Dhia, cad atá ag dul ar siúl?’. Níl sé seo faoin nGaeilge ar chor ar bith. Tá sé faoin obair iontach a rinne na moil agus an obair iontach a rinne gach duine atá ag obair leis na scoláirí seo. Má tá tú ag caint le héinne i mo bhliain, tá paisean ag an gcuid is mó de na scoláirí don Ghaeilge. Níl siad ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge. Baineann siad taitneamh aisti.”
Dúradh sa chéad leagan den alt san Irish Times gur fhreastail Grogan ar ‘Gaelscoil Bhaile Munna, Scoil Chaitríona i nGlasnaíon agus scoileanna Deis’ ach ceartaíodh an t-alt ar líne níos déanaí sa lá le tabhairt le fios gur scoileanna Deis iad an dá scoil lán-Ghaeilge sin. Dúirt Alex Grogan ar Tús Áite gur chóir go mbeadh níos mó Gaelscoileanna Deis ann chun freastal ar an éileamh ar an ngaelscolaíocht i gceantracha atá faoi mhíbhuntáiste.
An tIonad Míbhuntáiste Oideachasúil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a d’ullmhaigh an tuarascáil agus scrúdaigh siad an tionchar a bhí ag na trí “mol foghlama for-rochtana” a bhunaigh an ollscoil in 2017 i gcomhar le Comhpháirtíocht Cheantar Thuaisceart Bhaile Átha Cliath i nDarndál/An Chúlóg, Cill Bharróg agus Fionnghlas.
Ó osclaíodh na moil sin seacht mbliana ó shin, d’éirigh le 47 scoláire a bhí ag staidéar iontu áit a fháil ar an gcúrsa oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, athrú mór ón uair gurbh “ar éigean” a tháinig scoláire amháin fhéin as na ceantair sin sna deich mbliana roimhe sin.
Tá Alex Grogan ar dhuine de na daoine óga a bhain tairbhe as an mol i bhFionnghlas agus tá sí sa dara bliain anois den chúrsa Baitsiléir Oideachais. D’fhreastail Alex ar Ghaelscoil Bhaile Munna agus ar Scoil Chaitríona i nGlas Naíon, scoileanna DEIS an péire.
“Thuig mé luath go maith gur mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir. Ba gheall le pobal amháin muid sa dá scoil sin,” a dúirt sí.
“Cuid de na leanaí sna scoileanna sin, d’fhéadfadh gurbh iad na múinteoirí an t-aon duine fásta stuama a bhí ina saol, an t-aon duine fásta a bhainfeadh gáire astu an lá sin, nó lena mbraitheadh siad slán sábháilte. D’éiríodh leo atmaisféar dearfach a chruthú i gcónaí sa scoil.”