Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
oireachtas-na-samhna 2024-le-seoladh-i-gcill-airne

Oireachtas na Samhna 2024 le seoladh i gCill Airne

| tuairisc | ,

Inniu a thosóidh Gaeil ag triall ar Chill Airne d’Oireachtas na Samhna 2024.

Aire Stáit na Gaeilge Thomas Byrne a sheolfaidh féile na bliana seo ag 1.30pm tráthnóna.

Cuirfear tús le himeachtaí na féile nuair a bhronnfar duaiseanna liteartha an Oireachtais 2024 ina dhiaidh sin.

Anocht a bhronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais chomh maith.

Ar Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4, a bheidh ag éirí as an bhliain seo chugainn, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.

Ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl inniu tá díospóireacht phoiblí atá á reáchtáil ag Tuairisc.

Agus deich mbliana ar an bhfód á cheiliúradh ag an tseirbhís nuachta ar líne, beidh an craoltóir Gormfhlaith Ní Thuairisg sa chathaoir do dhíospóireacht faoi ról na meán Gaeilge, faoina bhfuil bainte amach acu, faoi na dúshláin ar leith atá rompu agus na dualgais ar leith atá orthu.

Beidh Pádhraic Ó Ciardha (iar-Leascheannasaí TG4), Niamh Ní Churnáin, (Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ), Eoghan Ó Néill (Iriseoir agus Craoltóir le Raidió Fáilte) agus Seán Tadhg Ó Gairbhí (eagarthóir Tuairisc) ar an bpainéal ag 4pm

in Amharclann an Oireachtais, in Óstán an Brehon don díospóireacht, Ag caint eadrainn féin? – Na meáin Ghaeilge sna deich mbliana amach romhainn.

Cuirfear tús amárach le comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge agus, mar is gnáth, is iad na comórtais amhránaíochta agus rince ar an sean-nós mórimeachtaí na féile.

“Tá an líon is airde iomaitheoirí ag glacadh páirt sna comórtais taibhealaíon – i measc na ndaoine óga atá an t-ardú is suntasaí le feiceáil,” a deir Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir an Oireachtais.

“Agus cé gurb iad na comórtais croí-imeachtaí na féile tá an iliomad imeachtaí eile ar an gclár, ina measc, seisiúin plé, seimineáir agus díospóireachtaí poiblí chomh maith le raidhse ócáidí liteartha agus drámaíochta; seisiúin, seoltaí agus cóisirí; scoth na gclubanna damhsa, céilí, seiteanna, amhránaíochta, Club na Féile na nÓg agus Club Grinn GaelGáirí.”

Beidh an mórchomórtas sean-nóis, Corn Uí Riada ar siúl Dé Sathairn.

Maidin amárach ag 10.00 am a thosóidh na comórtais ardáin sna healaíona béil agus cuirfear tús le himeachtaí an lae leis an gcomórtas Agallamh Beirte do dhaoine atá faoi bhun naoi mbliana d’aois.

Amárach chomh maith a sheolfar Aonach an Oireachtais, mar a mbeidh seastáin ag comhlachtaí agus eagraíochtaí na nGael ag díol a gcuid earraí agus ag tabhairt éachtaint do dhaoine ar a gcuid oibre.

“Is é Aonach an Oireachtais anois Mol gnó, gréasánaíochta agus siamsa na féile – an áit le dul bualadh le ranna agus comhlachtaí stáit, eagraíochtaí Gaeilge, cultúir, ealaíon agus oideachais, ollscoileanna agus institiúid tríú leibhéal; foilsitheoirí, na meáin chumarsáide agus cuideachtaí agus déantúsóirí earraí Éireannacha, agus Gaeltachta go háirithe.

“Den chéad uair riamh beidh seastán ag Ollscoil Notre Dame in Aonach an Oireachtais agus táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh chomhaltaí agus roimh mhic léinn Roinn Teanga agus Litríochta na Gaeilge na hOllscoile sin,” a deir Máirín Nic Dhonnchadha.

Seo an deichiú huair don Oireachtas a bheith ar siúl i gCill Airne ó 2010 agus an 11ú huair ar fad.

Os cionn 150 imeacht a bheidh ar siúl as seo go dtí an Domhnach, idir chomórtais, seoltaí, craoltaí beo, seisiúin eolais, seimineáir, díospóireachtaí agus ócáidí do pháistí.

Beidh díospóireacht phoiblí á reáchtáil ag Tuairisc i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa Dé Sathairn – Cogadh agus Síocháin – cá háit a seasann an tAontas Eorpach?.

Pléifear ag an díospóireacht seasamh an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an cogadh sa Mheánoirthear. Beidh Cathal Mac Coille sa chathaoir agus ar an bpainéal beidh Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, John Downing, Iriseoir leis an Irish Independent agus Máirtín Ó Duibhir, anailísí míleata le Tuairisc.

Níos mó