Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
olltoghchan-ag-borradh…

Olltoghchán ag borradh…

| Dáithí Anraí |

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní furasta an dáta ceart don olltoghchán a aimsiú. Bíonn cúig bliana ag gach rialtas ach tagann cathú orthu i gcónaí fanacht chomh fada agus is féidir, ach tá contúirt leis sin. Má tharlaíonn a dhath as cosán sa tréimhse sin, ní bheidh aon seans an vóta a chur siar le go ndéanfar dearmad air. Agus má tharlaíonn tréimhse chorraitheach i bpáirtí an fhreasúra, bíonn deis ag an rialtas teacht i dtír air sin.

B’fhéidir go mbeadh sé ró-shoiléir dá nglaofaí an toghchán agus feachtas i gcoinne Shinn Féin faoi lán seoil sna meáin ach shíl ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Roderic O’Gorman, nár mhiste dáta an 29 Samhain a lua go luath. Beidh gach páirtí ag iarraidh uisce a tharraingt ar a mhuileann féin maidir le dáta an olltoghcháin ach is ag an Taoiseach atá an ceart an cnaipe a bhrú agus déanfar an cinneadh nuair is fearr do Fhine Gael seachas na páirtithe eile.

Is é sprioc gach páirtí a bheith sa rialtas ach ní lena leas fadtréimhseach a bhíonn an rogha i dtólamh, go háirithe mionpháirtithe ón eite chlé, Páirtí an Lucht Oibre, mar shampla, agus an Comhaontas Glas faoi láthair. Fiú Fianna Fáil, ‘páirtí an rialtais’ mar a tugadh air, ní léir gur chuidigh an seal ag tábla na comh-aireachta leo ar chor ar bith. Taispeánann na figiúirí sna pobalbhreitheanna go bhfuil titim ina dtacaíocht ón am a chuaigh siad isteach sa rialtas. Tá argóint ann go dtabharfadh seal sa fhreasúra deis dóibh an páirtí a athfhorbairt i ndiaidh imeacht Mícheál Martin.

Tá cás Fhine Gael go hiomlán éagsúil le cás Fhianna Fáil. As an dá pháirtí ón eite dheis, is follasach go bhfuil páirtí Simon Harris, agus áit Simon Harris féin, i bhfad níos daingne. Ach tá ceisteanna le cur faoi Fhine Gael chomh maith. Cad chuige, mar shampla, a bhfuil níos mó ná leathchuid de na Teachtaí Dála s’acu ag imeacht an iarraidh seo, leas-cheannaire an pháirtí ag an am, Heather Humphreys, san áireamh? De ghnáth, bíonn TD-anna ag briseadh a gcos le bheith ar ais ach cad é atá cearr anois?

Cé go mbeidh dóchas ag páirtithe an chomhrialtais mar gheall ar na deacrachtaí a bhí ag Sinn Féin le roinnt seachtainí anuas, beidh siad san iomaíocht lena chéile ag am nach bhfuil siad go díreach comhaontaithe maidir le polasaí. Beidh orthu a rá gur éirigh go maith leo mar fhoireann ach ag an am céanna a mhaíomh go bhfuil siad chomh difriúil lena chéile gur gá an uimhir a haon a thabhairt dóibhsean seachas don pháirtí eile.

Maidir le polasaí, gan fiacail a chur ann, theip glan ar an pholasaí tithíochta s’acu. Níor baineadh amach cuid ar bith de na spriocanna a leag siad féin síos agus beidh Fine Gael sásta an locht a fhágáil ar Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta. Sular tháinig an fhíor-eite dheis chun tosaigh le bliain anuas, bhí tithíocht ar bharr an liosta tosaíochta ag an lucht vótála agus bhí Sinn Féin ag céasadh an rialtais ar an cheist. An mbeidh fócas uirthi arís agus an feachtas toghchánaíochta ar siúl?

Níl gach rud sona don rialtas má amharctar go grinn ar an scéal. An scannal faoi Kyran Durnin, an páiste ocht mbliana d’aois atá ar iarraidh, an ceann is déanaí. Anois go bhfuil cosaint leanaí i mbéal an phobail, ba chóir go mbeadh ceisteanna crua le freagairt ag rialtas a lig don chás seo dul ar aghaidh ar feadh dhá bhliain. Agus, cé go séanfaidh an rialtas freagracht as an chás, is iad a bhí i gcumhacht i rith an ama.

Taobh amuigh den iarracht ghalánta atá déanta ag cuid de na meáin ó dheas Sinn Féin a náiriú as na deacrachtaí atá sa pháirtí, tá ceist eile ann. Is rud míshláintiúil don daonlathas go raibh an dá mhórpháirtí bunaíochta i gcumhacht an t-am ar fad ó bunaíodh an stát.

Ag an deireadh seachtaine, d’iarr ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, comhaontú idir páirtithe na heite clé i ndiaidh an olltoghcháin le go mbeadh siad faoi réir le labhairt leis na mórpháirtithe maidir le comhrialtas. Smaoineamh maith ach ní mór don eite chlé a bheith níos uaillmhianaí ná sin nó beimid ar ais san fháinne fí le Fine Gael agus Fianna Fáil arís agus srian ar na polasaithe radacacha. Nach mithid dúinn díriú ar chomhrialtas radacach le tabhairt faoi na fadhbanna móra atá ag déanamh tinneas do chuid mhaith den lucht vótála? Tá an dualgas sin ar gach páirtí a mhaíonn go bhfuil fíorathrú uathu.

Níos mó