Rianta na Míosa – Meán Fómhair 2024
Bheadh turas trí lá ort chun an ghealach a bhaint amach. Mhairfeadh seinnliosta Rianta na Míosa NÓS fad an aistir — tá 104.5 uair an chloig de cheol air ag an bpointe seo — is bheadh fós cúpla port fágtha nach mbeadh cloiste agat dá mbeadh ábhar éisteachta uait is tú amuigh ar shiúlóid ghealaí. Tá trí dhosaen rianta curtha leis an liosta agam an mhí seo, agus é i gceist agam leanúint ar aghaidh leis go dtí go mbeidh ár ndóthain againn le haghaidh turais go Mars (sin 21 mí, nó 15330.021 uair an chloig!).
I measc na nÉireannach a d’eisigh ceol úr le linn na míosa tá Súil Amháin (“big spailpín energy” ar an láthair!), Macdara Yeates, Róis agus Maria Somerville. Tá singlí úra againn ó leithéidí The Cure, Koreless, Campus Christy, Tildatoonz, Moin agus Jeff Mills.
Bí ag súil le dordcheol úr ó 1-800 Girls, Martyn, Amy Dabs, dBridge, Dj Don’t Sleep, DjRum, Drum Dance agus Dubamine.
Tá ceol shoegaze úr againn ó julie, ceol úr qawwili ó Nusrat Fateh Ali Khan nach maireann, snagcheol nua-eisithe ó Svaneborg Kardyb, Rob Mazurek agus IIIIIIIIIIIIIIIIIIII, ceol comhthimpeallach ó X.Y.R. na Rúise agus func Brasaíleach milis ó Marcus Valle.
I measc na n-atheisiúintí atá curtha leis an liosta an babhta seo tá ceol ó Dirty Faces as Doire, Tom Waits, The Flaming Lips, Galaxie 500, The Go! Team, Izumi Kobayashi, Orquesta La Fantastica, Timmy Thomas, Patrick Cowley agus Egle Martin.
The post Rianta na Míosa – Meán Fómhair 2024 appeared first on NÓS.