Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-iontaofa-iad-na-cuimhni-ata-againn-no-an-dar-gceasadh-fein-ata-sinn?

An iontaofa iad na cuimhní atá againn nó an dár gcéasadh féin atá sinn?

| sorcha ni dhubhain | ,

Tá mo chuimhne ag dul i léig, níl aon amhras faoi. Chuir cara liom pictiúirí sa ghrúpa Whatsapp an lá faoi dheireadh de thuras a dhein dream dúinn sa Téalainn. Seo saoire a dheineamar 16 bliain ó shin. Is cuimhin liom fíorbheagán ó na saoire san. 

Thosnaigh na cailíní ag malartú scéalta sa ghrúpa. Ní raibh aon chuimhne agam ar 99.9% de na heachtraí a raibh cur síos á dhéanamh acu orthu. Tá grianghraif agam ón turas; is léir go raibh am iontach agam ann… 

Bhí grianghraif agam de Sarah ag an gcóisir lánghealaí, Sarah ar an tráigh, Sarah amuigh oíche amháin le mionghúna cóisire gorm ina glaic. Ach nuair a théim trí m’intinn agus stopaim ag an gcáipéis atá marcáilte ‘An Téalainn 08’, níl aon rud ann. Uaireanta tá an oiread san fonn orainn cuimhní a dhéanamh beo beathach go gcuirimid an dallamullóg orainn féin, ag ceapadh go bhfuil na cuimhní seo againn. Cuireann sé seo brón uafásach orm. Is gruama an fíorú é.

Tá go leor drámaí, grianghraf, ceoil agus saothair ealaíne a dhéanann iniúchadh ar an ábhar seo. Dráma Shelagh Stephenson, ‘The Memory of Water’, na scannáin ‘May December’ agus ‘All of Us Strangers’; táid ar fad mar gheall ar chuimhne nó ar easpa cuimhne. In ‘The Memory of Water’, tá scata deirfiúracha tar éis teacht le chéile toisc go bhfuair a máthair bás. Caithfidh siad an tsochraid a eagrú. Tá cuimhní contrártha acu go léir ar a máthair agus ar an óige a bhí acu. Ar nós go leor ealaín mhaith, tá brón agus greann fite fuaite le chéile sa saothar seo. Seo sliocht ón ndráma:

Catherine: I had a horrible childhood.
Teresa: We all had the same childhood. It wasn’t horrible.
Catherine: Mine was.
Mary: That’s because you’re an egomaniac.

Is sampla é seo den tslí ina bhfuil an chuimhne suibiachtúil. Is féidir dhá leagan éagsúla den tréimhse chéanna a bheith ag beirt daoine. An bhfuilimid ar fad ar nós Catherine? Níl sna cuimhní ach léiriú ar ár n-eispéireas féin ag an am. 

Athraíonn am cuimhní chomh maith. Bíonn gach duine ag caint faoi na ‘seanlaethanta’ ach féachaim ar phictiúirí d’óige mo thuistí agus cím páistí gan aon bhróga, éadaí gioblacha, clanna móra bochta. Tagann an cheist im’ cheann: ‘na seanlaethanta… an rabhadar chomh maith san?’ Bhí mé ag oíche oscailte le déanaí agus d’inis fear a bhí ann scéal fíorphearsanta dom. Cailleadh a mháthair nuair a bhí sé trí bliana d’aois. Anois agus é ag triailt go tréan, níl aon chuimhní fágtha aige dá mháthair. Is léir gur rud cruálach í an chuimhne freisin.

Deir m’athair gur cuimhin leis fós an uair a thosnaigh mé ag siúl den chéad uair riamh agus mé i mo leanbhín óg. Tá mo Dhaid 81 bliain d’aois. Sin cuimhne mhaith duit! De réir cosúlachta bhí mé i mo sheasamh in aice an teilifíseáin agus bhrúigh mé cnaipe air fé mar a dhéanfadh páiste. Go tobann, tháinig fuaim ard aisteach amach aisti, torann bán. Bhí mé chomh scanraithe sin gur rith mé sall chuig m’athair. D’fhéach mé síos ar mo chosa le halltacht. Mo chéad bhabhta ag siúl! Ní hamháin go rabhas ábalta siúl ar mo dhá choisín ach bhíodar úsáideach chun éalú ó bhagairtí freisin is léir.

Tugtar ‘cuimhne’ ar na próisis a bhaineann le stóráil agus le haisghabháil eolais. An chéad chéim ná ionchódú. Seo an próiseas ina n-athraítear eolas go foirm dhifriúil. Déantar é seo ionas gur féidir leis an gcóras dul i ngleic leis agus é a stóráil.

An dara céim ná comhdhlúthú (nó stóráil). Baineann sé seo le heolas ionchódaithe a choinneáil inár gcuimhne thar thréimhse ama.

Is í an tríú céim ná aisghabháil – nó eolas a athshlánú ón stóras. Ba dheas liom fáil amach go díreach cén chuid den bpróiseas san atá deacair domsa. Ansan b’fhéidir go bhféadfainn é a fheabhsú.

Uaireanta nuair a bhíonn daoine ar laethanta saoire nó ar ceolchoirm, deir siad go bhfuil siad ‘ag cruthú cuimhní’. Cuireann sé seo eagla orm toisc go mbím ag smaoineamh, ‘Bhuel b’fhéidir nach mbeadh aon chuimhne againn air seo amach anseo’. Nuair atáim ag féachaint ar chlár beathaisnéise faoi dhuine éigint cáiliúil agus iad ag caint faoina n-óige, ní bhíonn cliú agam conas is féidir leo smaoineamh chomh fada siar san.

Braithim go bhfuil blianta faoi leith imithe ó m’intinn. Samhlaigh é sin. Blianta iomlána caillte! Scanrúil. Nuair a fhéachaim siar ar mo shaol go dtí seo, tá go leor eispéireas nach cuimhin liom. 

Nuair a bheidh mé críonna cad a bheidh fágtha agam? An dtiocfaidh na cuimhní atá caillte agam ar ais? An féidir liom troid chun iad a fháil ar ais? Nuair a thagann sé chuige, níl againn ach réimse iarsmaí difriúla ón saol: boladh do leannáin, aghaidh ghreannmhar a dhéanann cara leat, rud álainn soineanta a deir do nia. Níl agam ach cúlsplancanna a eitlíonn trí mo cheann go tapaidh. Ní féidir liom mo lámh a leagan orthu. Ní féidir liom iachall a chur orthu fanacht. Imíonn siad chomh tapaidh agus a thagann siad. 

Nuair a smaoiním air, níl againn ach anois, an lá seo, an nóimeat seo, an soicind seo. D’fhéadfainn cúrsaí a fhiosrú agus féachaint an bhféadfainn mo chuimhne a láidriú. An t-aon rogha eile ná a bheith sásta glacadh leis an bhfíric seo: nuair atá an t-eispéireas imithe, tá sé imithe go deo. Tá rud éigin iontach agus tragóideach mar gheall air sin. Sin é an saol is dócha, meascán de ghliondar agus de bhriseadh croí. Maidir le mo shaoire sa Téalainn, ar a laghad tá na grianghraif fós agam.

The post An iontaofa iad na cuimhní atá againn nó an dár gcéasadh féin atá sinn? appeared first on NÓS.

Níos mó