Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
caolseans-go-mbeidh-an-ceathrar-ceanna-ar-ais-i-bport-lairge 

Caolseans go mbeidh an ceathrar céanna ar ais i bPort Láirge 

Sa tsraith speisialta seo, caitear súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugtar tuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain. An babhta seo, tá Port Láirge againn, contae eile ina bhfuil ceantair Ghaeltachta

Port Láirge

Líon na suíochán: 4

Níl aon athrú ar an dáilcheantar seo ó 2020. Contae Phort Láirge ar fad atá ann idir chathair is chontae. Tá cúigear déag (15) iarrthóirí sa tóir ar cheithre shuíochán. Tá an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ag seasamh arís: an tAire Stáit Mary Butler (FF); David Cullinane (SF); Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Matt Shanahan (Nspl) ach caolseans go mbeidh an ceathrar céanna ar ais sa gcéad Dáil eile.

Bhí a dhóthain vótaí ag David Cullinane (SF) le beirt a thoghadh in 2020. Fuair sé 20,569 vóta ach ar an drochuair don pháirtí ní raibh an darna hiarrthóir ag Sinn Féin le buntáiste a bhaint as an rabharta tacaíochta a fuair Sinn Féin. D’uireasa an darna hiarrthóir ag Sinn Féin, ba iad Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Matt Shanahan (Nspl) a fuair cuid mhór den fharasbarr, a chinntigh suíochán don bheirt acu agus a d’fhág Fine Gael folamh. An uair seo tá an Comhairleoir Conor McGuinness (SF) san iomaíocht. Toghadh McGuinness (SF) sna toghcháin áitiúla do cheantar Dhún Garbhán le 1,408 vóta. Tá Gaeilge mhaith aige agus bíonn sé le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta go rialta. Bheadh seans aige ar shuíochán dá roinnfí vóta Sinn Féin réasúnta cothrom idir é féin agus David Cullinane (SF).

Is é Marc Ó Cathasaigh (An Comhaontas Glas) is mó atá i mbaol a shuíochán a chailliúint sa Dáilcheantar seo. Is duine eisean freisin a bhíonn le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta mar urlabhraí an Chomhaontais Ghlais. Fuair sé 3,996 vóta in 2020 ag tráth a raibh bá leis na Glasaigh. Is ar éigean go mbeidh a vóta chomh hard an uair seo ach d’fhéadfadh a chuid vótaí aistrithe a bheith cinniúnach.

Iarrthóir cathrach é Matt Shanahan, a throid an toghchán in 2020 go príomha mar gheall ar easpa seirbhísí cúram croí san ospidéal i bPort Láirge. Fuair sé 4,990 vóta in 2020 agus 1,725 vóta aistrithe ó fharasbarr David Cullinane. Ní bheidh an oiread céanna vótaí le haistriú chuige an babhta seo ach ba cheart go mbeadh sé san iomaíocht go dtí an deireadh. Dá bhfaigheadh sé aistriú maith vótaí ón gCathasach (CG) bheadh seans aige ar an suíochán a thógáil.

Níl aon suíochán sa Dáilcheantar ag Fine Gael. In 2020 chaill siad an suíochán a bhíodh ag John Deasy (FG) de bharr drochráta aistrithe idir a mbeirt iarrthóirí, John Cummins (FG) agus Damien Geoghegan (FG). Cé go raibh beagnach cuóta idir an bheirt níor aistríodh ach 28% den vóta a bhí ag Geoghegan (FG) chuig Cummins (FG), agus chaill Fine Gael an suíochán a fuair an Comhaontas Glas. An uair seo tá an Seanadóir John Cummins (FG) san iomaíocht as féin. Fágann sin go gcaithfidh sé vóta maith céadrogha a fháil ag an tús, mar nach mbeidh mórán avótaí aistrithe le fáil aige. Dea-chomhartha dó go raibh 24% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael sna toghcháin áitiúla, mí Meitheamh.

Sadhbh O’Neill (LO) atá ag caitheamh geansaí an Lucht Oibre. Ní raibh ach 6.5% de na vótaí ag iarrthóirí an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla. Má fhaigheann Sadhbh O’Neill (LO) an méid sin beidh sí ag déanamh go maith ach ní dóigh liom go bhfaighidh. Seans go mbeidh vóta níos fearr aici ná mar a bheas ag an gComhairleoir Mary Roche (DS) atá ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta. Fuair Roche (DS) 643 vóta sna toghcháin áitiúla i gcathair Phort Láirge. Is as cathair Phort Láirge Sadhbh O’Neill (LO).

Bhíodh sí sa gComhaontas Glas. Scríobhann sí altanna go minic faoin athrú aeráide sna nuachtáin. Bainfidh sí roinnt vótaí ó Mharc Ó Cathasaigh (CG). Níor éirigh le Páirtí an Lucht Oibre suíochán Dála a fháil i bPort Láirge ó 2011 agus beidh fanacht beag eile orthu.

As oirthear an chontae an tAire Stáit Mary Butler (FF). Tá sí ag seasamh aisti féin. Fuair sí 6,644 vóta in 2020. Theastódh ar a laghad an méid sin vótaí uaithi leis an suíochán a thógáil. In 2020 d’éirigh léi aistriú maith vótaí a fháil ó iarrthóirí eile agus thóg sí an darna suíochán.

Seans maith go mbeidh suíochán ag David Cullinane (SF), ag John Cummins (FG) agus ag Mary Butler (FF) agus go mbeidh iomaíocht ghéar idir Conor McGuinness (SF), Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Matt Shanahan (Nspl) don cheathrú suíochán.

Tá Ronan Cleary (Aon) ag seasamh d’Aontú agus tá Patrick Curtin (PsB) ag seasamh don pháirtí ar chlé, Pobal seachas Brabús. Fuair Ronan Cleary (Aon) 1,153 vóta in 2020. Chomh maith le Matt Shanahan (Nspl) tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht: Frank Conway (Nspl); Aron Joyce (Nspl); Mark O’Neill (Nspl) agus Killian Mangan (Nspl). Ar an eite dheis tá John D. Walsh (IP) ag seasamh don pháirtí Irish People. 

Tuar Tuairisc: FF 1; FG1; SF 1; Nspl 1

Níos mó