Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cursai-saor-in-aisce-sna-colaisti-samhraidh-agus-e26-milliun-breise-do-tg4-a-mholadh-ag-pobal-seachas-brabus

Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús

| Padraic O Ciardha | ,

I bhforógra an pháirtí a seoladh Déardaoin, deirtear go bhfuil “faillí” á déanamh ag an rialtas ar an nGaeilge agus nach bhfuil dóthain acmhainní á gcur ar fáil do dhaoine ar fud na tíre atá ag iarraidh an teanga a úsáid nó a fhoghlaim

Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús

An Teachta Dála Paul Murphy. Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Deir an páirtí Pobal seachas Brabús go maoineofar trí cinn de chúrsaí saor in aisce i gcoláistí samhraidh Gaeilge do ghasúir má éiríonn leosan a bheith i gcumhacht i ndiaidh an olltoghcháin.

I bhforógra an pháirtí a seoladh Déardaoin, deirtear go bhfuil “faillí” á déanamh ag an rialtas ar an nGaeilge agus nach bhfuil dóthain acmhainní á chur ar fáil do dhaoine ar fud na tíre atá ag iarraidh an teanga a úsáid nó í a fhoghlaim.

I measc na mbeartas atá beartaithe ag Pobal seachas Brabús chun an Ghaeilge a chur chun cinn, deir siad go gcuirfear deis freastail ar choláiste samhraidh ar fáil do pháiste scoile ar feadh trí bliana.

Deirtear freisin go gcinnteofar go mbeidh deis ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil, bíodh sin ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile nó na meánscoile. Díreofar ar ranganna áirithe sa mbunscoil a mhúineadh trí Ghaeilge amháin agus tabharfar tuilleadh tacaíochta do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus freisin do mhúinteoirí atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Deir Pobal seachas Brabús go gcuirfear acmhainní breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus do Roinn na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i dtograí sa nGaeltacht agus chun tacú leis an bpobal. Cuirfear airgead i dtreo postanna a chruthú sa ngeilleagar glas, foirgnimh a uasghrádú agus freisin i dtreo na pleanála teanga agus deirtear go dtabharfar “tuarastal cóir” do na hoifigigh pleanála teanga. Chuirfí airgead breise ar fáil do Foras na Gaeilge chomh maith chun an Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht.

Maidir le cúrsaí tithíochta, tá sé mar pholasaí ag Pobal seachas Brabús an €14 billiún d’airgead cánach atá le fáil ó Apple a úsáid chun Comhlacht Tógála Stáit a bhunú chun tithe sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil agus go n-oibreodh an comhlacht sin le hÚdarás na Gaeltachta chun tithe a thógáil sa nGaeltacht.

Gealltar sa bhforógra freisin go gcuirfear €26 milliún breise ar fáil do TG4 in 2025 chun cláir Ghaeilge a fhorbairt.

Leagtar béim sa bhforógra ar dheiseanna chun an teanga a fhoghlaim. Deirtear go gcuirfí fóirdheontais ar fáil le haghaidh ranganna Gaeilge ar ardchaighdeán do dhaoine fásta. Chuirfí ranganna saor in aisce ar fáil sna breac-Ghaeltachtaí chun an teanga a thabhairt ar ais sna ceantair sin agus deirtear go gcuirfí ranganna ar fáil do theifigh nó iarrthóirí tearmainn atá ag cur fúthu sa nGaeltacht.

Tá beartas sa bhforógra chomh maith, mar a bhí ag an gComhaontas Glas, go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí a bhíonn ag díol bia agus deoch in Éirinn lipéadú dátheangach a chur ar a dtáirgí.

35,000 teach sa mbliain a thógfadh an Comhlacht Tógála Stáit atá beartaithe ag Pobal seachas Brabús, ceann de na príomhbheartais atá luaite sa bhforógra.

Bhunófaí seirbhís náisiúnta phoiblí chomh maith chun cúram leanaí saor in aisce a chur ar fáil.

Deirtear chomh maith go bhfaighfear réidh ar fad leis an Muirear Sóisialta Uilíoch dóibh siúd atá ag saothrú níos lú ná €100,000 sa mbliain agus go dtabharfaí rátaí cánach nua isteach a dhíreodh ar lucht ardioncaim.

Níl Bríd Smith, an t-aon Ghaeilgeoir a bhí ag Pobal seachas Brabús sa Dáil dheireanach, ag seasamh sa toghchán seo.

Níos mó