Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
iarratas-pleanala-deanta-chun-ionad-cultuir-agus-ealaion-a-thogail-ar-an-spideal

Iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar an Spidéal

| Padraic O Ciardha | , ,

Tá iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir, ealaíon agus oideachais a thógáil ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Tá sé i gceist amharclann, leabharlann, caifé, spás stiúideo agus áiseanna eile a chur ar fáil i bhfoirgneamh iomlán nua atá le tógáil ar shuíomh an tseanchlochair i lár an bhaile. Tá sé beartaithe athchóiriú a dhéanamh ar an gclochar féin chomh maith agus síneadh a chur leis.

An comhlacht comhairleoireachta MKO a rinne an t-iarratas pleanála ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe thar ceann Fiontar na Gréine Teoranta, comhlacht a bhfuil Ronan Barrett agus Siobhán Barrett ina stiúrthóirí air.

Sa bhfoirgneamh nua a thogfaí, bheadh amharclann ilfheidhme 200 suíochán, leabharlann, mol oideachais do na meáin dhigiteacha, spás stiúideo, seomraí ranga, seomra cruinnithe, caifé agus gailearaí.

Deirtear san iarratas go bhforbrófaí cartlann scannán agus ceol digiteach, a chuirfí ar fáil don phobal mar chuid d’obair na leabharlainne agus go meallfadh an chartlann sin turasóirí agus taighdeoirí idirnáisiúnta.

Foirgneamh trí stór, 1,382m², a bheadh i gceist san iomlán.

Maidir le seanChlochar Naomh Éinde, a bhunaigh Siúracha na Trócaire, dhéanfaí é a athchóiriú agus síneadh a chur leis chun lóistín a chur ar fáil dóibh siúd a bheadh i mbun na gcúrsaí oideachais ar an láthair. Chomh maith le 27 seomra codlata a bheith ann, bheadh ceaintín ann chun freastal orthu siúd a bheadh ag fanacht ann.

Chuirfí spás páirceála ar fáil do 54 feithicil mar chuid den fhorbairt chomh maith le háit chun rothair a fhágáil.

Samhail den ionad nua ón bpríomhbhóthar

Deirtear san iarratas pleanála go rachadh an t-ionad nua go mór chun tairbhe do phobal an Spidéil agus go gcuirfí go mór le “tarraingteacht” an bhaile mar lárionad seirbhísí Gaeltachta agus mar bhaile tábhachtach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Neartódh an t-ionad íomhá an Spidéil mar áit chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus thacódh sé freisin le healaíontóirí a chuireann oidhreacht agus cultúr na Gaeltachta chun cinn, a deirtear sn iarratas.

Luaitear san iarratas nach bhfuil aon amharclann ná ionad taispeántais i nGaeltacht na Gaillimhe a d’fhéadfadh freastal ar lucht féachana 200 duine agus go mbíonn ar dhaoine taisteal lasmuigh den cheantar chun freastal ar imeachtaí, amhail na Gradaim Cheoil  ag TG4 agus Oireachtas na Samhna, cé go bhfuil cumas “iontach” ceoil, litríochta, drámaíochta agus ealaíon i bpobal Gaeltachta na Gaillimhe.

Ní féidir le Conamara sochar airgeadais ná eacnamaíochta a bhaint as óstáil na n-imeachtaí cultúir sin dá bharr, a deirtear.

Tá cead pleanála faighte cheana féin ag Ronan Barrett chun óstán agus ionad leighis a thógáil ar an Spidéal, cúpla céad méadar soir ó shuíomh an chlochair ach tá stop tagtha leis an obair ar an suíomh le roinnt míonna anuas. Tá baint ag Barrett freisin le hionad cultúir agus oidhreachta atá beartaithe do Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta forbairt a dhéanamh chomh maith ar Ionad Oideachais agus Óige ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán, ceithre chiliméadar siar ón Spidéal.

Cuireadh Clochar Éinde ar díol ar €850,000 ag tús an tsamhraidh.

Níos mó