Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-athru-ag-teacht-ar-rol-na-mban-in-eirinn-o-thaobh-gneis-de

Tá athrú ag teacht ar ról na mban in Éirinn ó thaobh gnéis de

| sorcha ni dhubhain | , ,

Gnéas: gníomhaíocht atá ar siúl leis na cianta agus atá ar bun ag formhór na cruinne. Is iomaí leabhar atá scríte agus ealaín atá bunaithe ar an ábhar seo ach conas atá athrú tagtha ar chúrsaí gnéis do mhná na linne seo? 

Ar an gcéad dul síos tá dhá chaidreamh éagsúla ag mná agus fir i dtaobh an ghnéis. Baineann brí dhifriúil le gnéas do mhná toisc go mbíonn leanaí acu. 

Is dóigh liom go n-athraíonn an dearcadh atá ag daoine i leith an ghnéis agus iad ag dul in aois fosta. Nuair a bhí mé ar an mbunscoil, níor thugas faoi deara na difríochtaí atá idir buachaillí agus cailíní. Réitigh mé go maith leis na buachaillí toisc gur saghas cailín báire a bhí ionam. Ansan, go tobann, scaradh na buachaillí agus cailíní ar an meánscoil, díreach ag an bpointe ag a n-éiríonn gach duine saghas ciotach. 

D’fhreastail mé ar mheánscoil do chailíní amháin. Fén am go raibh mé críochnaithe leis an scoil, ní raibh cliú agam conas comhrá a thosnú le buachaillí gan trácht ar conas lámh a leagan ar orthu. Nuair a smaoiním siar, ní cuimhin liom an raibh mianta na colainne agam; is dócha go raibh. Ag an am, bhí ort buachaillí a phógadh nó an ‘shift’ a fháil toisc go raibh gach duine eile á dhéanamh. Dhéantá féin é sa tslí chéanna inar thriailteá dul isteach sa chlub oíche áitiúil nuair a bhí tú faoi aois….bhí gach duine eile á dhéanamh.

Chun carr a thiomáint, caithfidh tú scata ranganna a thógaint ar a laghad sula bhfaigheann tú do cheadúnas tiomána iomlán. Ní thugtar aon ranganna oideachais faoi conas dul i ngleic le corp duine éigin eile. Tír iasachta a bhí i gcorp fir; aisteach, bagrach, fionnaitheach. Gné dhosheachanta den saol a mbíonn ort tabhairt fúithi agus gan cliú fén spéir agat cad atá á dhéanamh agat. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir ba é an t-oideachas gnéis a fuair mé ó mo thuismitheoirí ná: ‘Ná téir i gcúinní dorcha le buachaillí.’ Is ráiteas é seo a dúirt mo mháthair liom.

Bhí mé ag éisteacht le hamhrán de chuid Rachael Lavelle, ‘Perpetual Party’, le déanaí agus tá líne spéisiúil aici ag tús an amhráin. Tosaíonn an rian le Lavelle ag rá, ‘Some exotic dream/That grips me/Some hypnotic dream/That lifts me/And tips me over the edge/I call to you/Singing/When it stops…’.

Leathshlí tríd an ngiota san, tosnaíonn sí ag canadh na liricí, ansan stopann an ceol go tobann. ‘Make love to me…,’ a deir sí sula dtagann buile leictreonach athbhríoch isteach. Is suimiúil an teachtaireacht atá á cur in iúl aici i gcomhthéacs na mban agus an ghnéis. Tá sí ag rá gur rud é an gnéas a tharlaíonn di; ní gníomhaíocht é a dhéantar in éineacht le páirtí. 

B’in iad na róil éagsúla a bhí ag fir agus mná ar feadh na mblianta agus iad ag codladh le chéile. Ní raibh na mná ag déanamh aon chinntí; gníomh a bhí sa ghnéas a tharla dóibh. Soitheach géilliúil a bhí sa bhean, a bhí ag ligint don bhfear a dhúil a shásamh agus a corp á úsáid aige.

É sin ráite, táimid ag maireachtaint i dtír anois atá ag éirí níos oscailte maidir leis an ngnéas. Nuair a dhéantar cuardach ar líne ar ainm Jenny Keane, is é ‘oideoir gnéis iomlánaíoch’ a fheictear. Seo teideal an chúraim atá idir lámha aici. Is dóigh liom go raibh bearna ollmhór in Éirinn do dhuine a bhí sásta a bheith praiticiúil agus oscailte faoin ngnéas. Tá Keane sásta cabhrú le daoine a bhfuil fonn orthu a gcumas gnéasach a chomhlíonadh. 

Baineann go leor den obair a dhéanann Keane le mná agus iad ag úsáid a nguth sa seomra leapan chun a gcuid mianta a chur in iúl. Treoraíonn sí iad chun na mianta san a bhaint amach. Múineann sí do dhaoine conas pléisiúr a fháil óna gcorp. Tá fonn uirthi an chumhacht a thabhairt ar ais do mhná na tíre seo. Go traidisiúnta b’eachtra é an gnéas nach raibh róphléisiúrtha do mhná. Dualgas a bhí ann — ról a bhí orthu a chomhlíonadh mar chuid de ról na mná céile maithe. Tá sé sin ag athrú áfach. Ní sráid aontreo é an pléisiúr i gcás fir agus mná na linne seo. Is sráid dhá bhealach anois é.

Is dócha go mbíonn daoine ag lorg nithe difriúla agus iad ag codladh le duine eile: smacht, dlúthchaidreamh, compord, scíth, ceangal nó fuascailt de shaghas éigin. Beidh an liosta difriúil do gach duine. Tá daoine eile ann agus níl sa ghnéas ach gníomhaíocht fhisiciúil. Ní bhíonn aon bhaint ag mothúcháin le gnéas do na daoine seo. Nuair a smaoiním ar na babhtaí ab áille a bhí agam agus mé i dteannta páirtí fireannach, bhain compord agus sábháilteacht leis an gcaidreamh. Comhrá leanúnach a bhí i gceist. Ní monalóg ach dialóg a bhí ann. 

Baineann dhá ghné leis domsa go pearsanta: mo mhianta fisiciúla agus an nasc atá agam le mo pháirtí. An gnéas is fearr a bhí agam, bhí ceangal mothúchánach agam le mo pháirtí. Tá an dá ghné fíorthábhachtach. Chomh maith leis sin, bíonn tábhacht le mo mheon aigne. Caithimse troid uaireanta chun m’intinn a chiúnú agus éisteacht le mo chorp. 

Beidh mé 40 bliain d’aois ar mo chéad bhreithlá eile agus braithim nach bhfuilim ach ag teacht isteach ar chúrsaí gnéis anois. Ba cheart go mbeadh gnéas mar chuid dár saol agus sinn ag dul in aois. Tá daoine ann agus deir siad go bhfeabhsaíonn gnéas agus iad sna 60idí, 70idí 80idí agus 90idí. Luíonn sé seo le ciall dar liom. Nach cleachtadh a dhéanann máistreacht? Tá pléisiúr agus spraoi ag baint leis an gcleachtadh san. Mar thír táimid ag éirí níos compordaí ag labhairt faoin ngnéas. Níor cheart go mbeadh náire orainn faoi chúrsaí gnéis; is cuid álainn agus nádúrtha den saol é.

The post Tá athrú ag teacht ar ról na mban in Éirinn ó thaobh gnéis de appeared first on NÓS.

Níos mó