Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
trump-ar-thairseach-an-ti-bhain-aris-agus-e-chun-cinn-sna-stait-luaineacha

Trump ar thairseach an Tí Bháin arís agus é chun cinn sna stáit luaineacha

| tuairisc | ,

Tá na vótaí á gcomhaireamh i gcónaí i dtoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ach tá Donald Trump chun cinn ar Kamala Harris.

Agus gan oiread áiméan idir an bheirt iarrthóirí ar an lá cinniúnach, ba mhó fós an aird ar na stáit sin a athraíonn dath ar a dtoil agus bhí an chosúlacht ar an gcomhaireamh i gcuid mhór acu go mbeadh an t-iaruachtarán ag triall ar an dTeach Bán.

1892 an t-aon uair eile ar éirigh le iaruachtarán filleadh ar an dTeach Bán i ndiaidh gur theip air an dara ceithre bliana a fháil ar a chéad iarracht.

Trump a thug leis an chéad dá cheann de na seacht stát luaineach nuair a fógraíodh an bua dó in North Carolina
agus Georgia agus cé go raibh vótaí fós le comhaireamh in Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin bhí Trump chun cinn sna stáit sin go léir.

Ag dul i laghad a bhí na deiseanna a bhí fágtha ag Harris an bua a fháil de réir mar a tháinig na vótaí isteach.

Dhá stát luaineach iad Arizona agus Nevada freisin, ach déantar go leor den vótáil tríd an bpost iontu agus beidh tamall ann sula mbeidh siad sin comhairthe mar is iad is deireanaí a chomhairtear.

D’éirigh luath go maith le Trump agus Harris stáit a bhuachan a rabhthas ag súil go mbeadh an bua acu iontu – bhí an lá le Trump in Florida, Texas agus stáit phoblachtánacha eile agus bhí an bua ag Harris in New York, Illinois, California agus stáit ghorma eile.

Ag 8.30pm (am an oirthir) aréir a dúnadh na botháin vótála in Pennsylvania, curadhmhír na seacht stát luaineach mar go bhfuil 19 vóta coláiste mar thabhartas ag iarrthóir an pháirtí is mó a gheobhaidh vótaí ansin.

Ba mhó dóchas Trump go dtabharfadh bua in Pennsylvania, Georgia agus Carolina Thuaidh an uachtaránacht dó agus ba as Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin is mó a bhí muinín á cur ag lucht feachtais Harris.

Ag a 9pm, am an oirthir, a chríochnaigh an vótáil in Michigan agus Wisconsin, dhá stát a bhféadfadh cinniúint an chéad uachtaráin eile a bheith ina vótaí. Iadsan agus Pennsylvania stáit an bhalla ghoirm, ach níorbh léir go bhfanfadh siad gorm inniu.

Agus na vótaí á gcomhaireamh i stáit luaineacha amhail Pennsylvania, ba léir go raibh cuid mhór den cheart ag na pobalbhreitheanna ar fad a bhí ag comharthaíocht go raibh Donald Trump agus Kamala Harris i bhfoisceacht mbeannaí Dia dá chéile ó thaobh tacaíochta agus gan an ionga fhéin ag duine ar an duine eile.

Ach ba léir freisin go raibh Trump ag cruthú níos fearr sna stáit luaineacha agus nach raibh ag éirí chomh maith le Harris is a d’éirigh le Joe Biden i gcuid de na stáit sin in 2020.

Ba chinniúnach an lá é an lá inné do phobal na Stát Aontaithe mar beidh polaitíocht agus beartais na Stát Aontaithe i lámha an bhuaiteora as seo go ceann ceithre bliana.

Bheadh an toghchán seo sa táin freisin ar chúis eile –chuirfeadh na vótálaithe an chéad bhean riamh go dtí an Teach Bán ina huachtarán nó chuirfeadh siad ar ais ann an chéad choirpeach atá ciontaithe sa bpost is sinsearaí sa tír.

Tháinig deireadh leis an vótáil i stát Georgia ag a 7pm, am an oirthir, an chéad stát de na seacht gcinn sin a raibh súil seabhaic á coinneáil ar na torthaí iontu ag an dá pháirtí.

Ba mhór i gceist stát Georgia ag Donald Trump in 2020 agus é ag áitiú go ndearnadh calaois vótála ansin. D’fhógair Trump go gairid tar éis a 2am oíche an chomhairimh féin go raibh bua amach is amach aige fhéin sa toghchán.

Ar ndóigh scaip an bhréag sin ar nós na gaoithe agus ba é a deireadh an t-ionsaí bagrach foréigneach a rinne lucht tacaíochta an iarUachtaráin ar an gCaipiteól in Washington ar an 6 Eanáir 2021, coicís sular insealbhaíodh Joe Biden ina uachtarán.

Ní fhéadfaí a rá go bhfuil a phort athraithe ag Donald Trump ó shin mar le roinnt seachtainí tá sé ag maíomh, gan aon bhunús, gur féidir le meaisíní vótála do vóta a athrú agus gur le calaois is séitéireacht an t-aon bhealach a bhféadfadh Kamala Harris an toghchán seo a bhuachan.

Vótáil an pobal inné freisin d’fheisirí nua Theach na Comhdhála, toradh a mbeidh an-tionchar aige ar rath an Uachtaráin nua a chuid nó a cuid pleananna a chur i gcrích. Bhí 435 suíochán Comhdhála le líonadh agus is iad na feisirí sin a rithfidh dlíthe agus a cheadóidh pleananna caiteachais as seo go ceann ceithre bliana. Ag an bPáirtí Poblachtánach atá tromlach sa Chomhdháil faoi láthair.

Tá 34 suíochán le líonadh sa Seanad agus beidh na daoine a thoghfar ag vótáil ar cheapacháin thábhachtacha sa Rialtas. Beidh tromlach ag na Poblachtánaigh sa Seanad i ndiaidh na vótála inné.

Ceann de na ceisteanna is mó a tharraing caint agus imní sa bhfeachtas seo ná ceist an ghinmhillte de bharr an cinneadh a rinneadh faoi Roe v Wade. Cuireadh ceist ar an mballóid ar na vótálaithe in 10 stát inniu cén chaoi ba chóir dá stát an ginmhilleadh a rialú.

Agus na hiarrthóirí ag cur bailchríoch ar a bhfeachtas fada achrannach inné, is mór a bhí idir an fhís a bhí ag an mbeirt do Mheiriceá sna blianta beaga seo romhainn. Sciolladh agus cáineadh a bhí ag Donald Trump do lucht a cháinte agus an dímheas fós aige ar imircigh. Fís dhearfach a d’fhógair Kamala Harris agus í ag áitiú nach mbeadh aon áit i Meiriceá don díspeagadh ná don fhuath. Ní rabhadar ar aon fhocal ach oiread faoin ngeilleagar, cearta ban ná faoin daonlathas féin.

Níos mó