Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
$100k-bainte-amach-ag-bitcoin-–-cad-a-chiallaionn-se?

$100k bainte amach ag Bitcoin – cad a chiallaíonn sé?

| tomai o conghaile | , ,

Tá corraíl mhór le brath i saol na gcriptea-airgeadraí faoi láthair agus an bonn digiteach is mó ar domhan, Bitcoin, i ndiaidh praghas $100,000 a bhaint amach den chéad uair riamh.

Tá a luach tite de bheagán arís le cúpla lá anuas ach is cloch mhíle stairiúil in aistear Bitcoin é an figiúr suntasach sé dhigit.

Is ag $16,000 a bhí praghas an bhoinn ag deireadh 2022 ach tá sé ag ardú de réir a chéile ó shin agus is méadú 45% atá tagtha air ó bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta SAM corradh beag le mí ó shin.

Is i dtimthriallta ceithre bliana a bhíonn éiceachóras na gcriptea-airgeadraí ag feidhmiú ó tháinig siad chun cinn agus, cé go raibh borradh orgánach faoin earnáil i mbliana, is cinnte gur chuir bua an Trumpaigh thall dlús leis an ardú tapa is déanaí.

An fáth leis sin ná go bhfuil tacaíocht léirithe ag uachtarán tofa SAM do Bitcoin agus go bhfuiltear den bharúil go mbeidh polasaithe a rialtais nua níos fabhraí don chriptisféar ná mar a bhí cur chuige níos sriantaí na nDaonlathaithe.

Agus go leor den phláinéad in ísle brí gur atoghadh an fear gnó conspóideach, is ag ceiliúradh a bhí an chuid is mó d’earnáil na gcriptea-airgeadraí.

I dtaca le héiceachóras Bitcoin féin, is mór an fás atá tagtha air ó cruthaíodh é in 2008 – rud is soiléir ón phraghas reatha – ach is coincheap é a chothaíonn mothúcháin láidre go fóill, idir dhearfach agus diúltach.

Tá siad ann a chuireann béim ar an ollúsáid leicteachais atá i gceist leis na boinn a ghiniúint – is é sin sár-ríomhairí atá dian ar fhuinneamh a choinneáil ag imeacht chun suimithe casta a phróiseáil.

Tá daoine eile ann a dhíríonn ar an leas a bhaineann coirpigh as na híocaíochtaí gasta idir piaraí is féidir a chur i gcrích le Bitcoin.

Ní hannamh a deirtear ach oiread gur infheistíocht amhantrach é an criptea-airgeadra agus go bhfuil luachanna baotha an chaipitleachais i gcroílár na ráigeanna sceitimíní a thagann ar sciartha den phobal dá bharr.

Ar an taobh eile den bhonn (maith domh é!), luann an dream atá ar a shon gur le fuinneamh in-athnuaite a dhéantar breis agus 50% de mhianadóireacht Bitcoin anois, agus go bhfuil an líon sin ag dul i méid i gcónaí.

Deir siad chomh maith gur mó i bhfad líon na gcoireanna a dhéantar le hairgeadraí traidisiúnta – nó airgead ‘fiat’ mar is fearr aithne air sna criptichiorcail – agus gur ar son an leasa choitinn agus ar mhaithe le luach airgid daoine a shábháil a úsáidtear criptea-airgeadraí in go leor cásanna.

Gan amhras, bheadh an chúis deiridh sin ag teacht le ceann de phríomhchuspóirí Satoshi Nakamoto, an duine (nó grúpa daoine) a chuir Bitcoin ar bun faoi ainm cleite Seapánach breis agus 16 bliana ó shin nuair a bhí an ghéarchéim airgeadais sna ceannlínte nuachta agus muinín caillte ag daoine sna gnáthbhainc.

Freagra a bhí ann ar chóras na n-airgeadraí náisiúnta a dtagann laghdú ar a luach thar am de bharr boilscithe agus a mbíonn a n-eisiúint faoi smacht na rialtas.

Bhí sé de sprioc ag Nakamoto córas airgeadais foinse oscailte díláraithe a bhunú a bheadh an gnáthdhuine in ann a úsáid gan idirghabhálaí agus a dtiocfadh méadú ar a luach thar am seachas a mhalairt.

Is chuige sin a cuireadh uasteorainn le líon na mbonn Bitcoin is féidir a ghiniúint – 21,000,000 BTC san iomlán – agus a cinneadh an cód a scríobh i mórleabhar leictreonach trédhearcach – an blocshlabhra – a bhfuil teacht air ag duine ar bith a bhfuil ceangal idirlín aige.

Agus in ainneoin na scéalta iomadúla i gcoinne an chriptea-airgeadra sna meáin phríomhshrutha le fada, is léir go bhfuil níos mó spéise á cur ann i rith an ama.

De bharr na teicneolaíochta agus na réamhshocruithe do-athraithe atá i gcód Bitcoin, is mar stóras luacha is mó atá daoine ag plé leis seachas mar airgead a úsáidtear ó lá go lá – smaoinigh ar ‘ór digiteach’ in ionad módh áisiúil le hidirbhearta laethúla a dhéanamh.

Agus costais mhaireachtála fós ina bhfadhb mhór ar fud na cruinne agus gan mórán sochair le fáil ó chuntais choigiltis na mbanc, tá bealaí eile á lorg ag daoine le greim a choinneáil ar an airgead atá saothraithe acu, agus dealraíonn sé gur modh é Bitcoin atá á roghnú ag go leor.

Go deimhin tá beagnach €2 thrilliún infheistithe ann go dtí seo ag daoine aonair, ag comhlachtaí, ag comharchumainn agus ag náisiúnstáit (is airgeadra dlítháirgthe é sa tSalvadóir), agus is ag dul i dtreis atá an treocht.

Is feiniméan sóisialta é Bitcoin faoin am seo agus tá athrú ó bhonn á dhéanamh aige ar an chaidreamh atá ag daoine le hairgead.

Is fiú a rá nach ionann BTC agus mórchuid na gcripteabhonn eile atá amuigh ansin san fhiántas digiteach. Cé go bhfuil roinnt criptighréasáin éifeachtacha ann atá anois á n-úsáid san infreastruchtúr airgeadais agus go bhfuil seasamh na n-údarás ag éirí níos dearfaí ina leith, tá na mílte eile acu ann nach bhfuil aon fheidhm leo ach brabús a dhéanamh dá mbunaitheoirí anaithnide.

Is fíor fosta nach i líne dhíreach a fhásann éiceachóras Bitcoin agus gur féidir lena phraghas luascadh go tobann, ag brath ar nuacht an lae nó ar chúinsí eacnamaíochta.

Agus $100k in aghaidh an bhoinn sroichte anois ag BTC, áfach, tá sé léirithe go bhfuil teacht aniar nach beag sa phríomhchriptea-airgeadra agus sa phobal ilghnéitheach a chreideann ann.

In ainneoin na n-ainneoin, tá luach an bhoinn i ndiaidh méadú faoi 10 le dornán blianta anuas: an bhféadfadh sé an cleas céanna a dhéanamh arís agus $1 mhilliún a bhaint amach sna blianta seo amach romhainn?

I bhfianaise an turais atá siúlta aige go dtí seo, ní chuirfinn geall ina choinne.

The post $100k bainte amach ag Bitcoin – cad a chiallaíonn sé? appeared first on NÓS.

Níos mó