Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-scannan-gaeilge-mor-le-ra-‘kneecap’-roghnaithe-ar-an-ngearrliosta-do-dha-ainmniuchan-oscar

An Scannán Gaeilge mór le rá ‘Kneecap’ roghnaithe ar an ngearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar

Tá ‘Kneecap ‘roghnaithe ar dhá ghearrliosta d’ainmniúcháin Oscar, an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus an gearrliosta don Amhrán Nua is Fearr

An Scannán Gaeilge mór le rá ‘Kneecap’ roghnaithe ar an ngearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar

Tá an scannán Gaeilge mór le rá Kneecap roghnaithe ar dhá ghearrliosta d’ainmniúcháin Oscar, an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus an gearrliosta don amhrán nua is fearr.

Fógraíodh anocht go mbeadh Kneecap ar cheann den 15 scannán a bheidh san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar do dhuais an fhadscannáin idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, beidh an t-amhrán ‘Sick in the Head’ ón scannán san iomaíocht le 14 amhrán eile d’ainmniúchán don Amhrán Nua is Fearr.

Kneecap, scannán Rich Peppiatt faoi theacht in inmhe Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, an triúr cainteoirí Gaeilge ón dTuaisceart a bhfuil dul chun cinn éachtach déanta ag a mbuíon rap, ar an dara scannán Gaeilge ar éirigh leis dul chomh fada seo sa phróiseas roghnúcháin don ghradam don Oscar don scannán idirnáisiúnta is fearr.

Beidh deis anois ag an scannán an gaisce céanna a rinne an An Cailín Ciúin in 2023 a dhéanamh agus áit a bhaint amach ar liosta na gcúig ainmniúchán don Oscar sin, nó an gaisce sin a shárú agus dhá ainmniúchán a fháil.

D’fhógair an Academy an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr anocht agus beidh cúig scannán as an 15 scannán le roghnú ag baill an Academy idir seo agus mí Eanáir.

Bhí scannán as 85 tír ar fad san iomaíocht d’áit ar an ngearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Cuirfear Kneecap agus an 14 scannán eile a bhain áit amach ar an ngearrliosta faoi bhráid na mball go léir ar an Academy – thart ar 9,000 duine – agus tá cead ag aon duine acu vótáil do na cúig ainmniúchán dheireanacha, fad is go bhféachann siad ar na scannáin go léir ar an ngearrliosta.

Fógrófar na cúig ainmniúchán don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus na cúig ainmniúchán don Amhrán Nua is Fearr sna catagóirí eile ar an 17 Eanáir. Ar an Domhnach an 3 Márta a bhronnfar na gradaim Oscar don 97ú huair.

Seo an seachtú huair ar cuireadh scannán Gaeilge chun cinn do na gradaim Oscar.

Tá ardmholadh faighte ag Kneecap ó léirmheastóirí ó tháinig sé amach níos luaithe i mbliana agus gradaim go leor buaite aige ar fud an domhain.

Scannán dúghrinn gáirsiúil fiáin fíorghreannmhar a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Os cionn €4.3 milliún a ghnóthaigh an scannán ag Oifig na dTicéad.

Níos mó