Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-tsraith-dramaiochta-gaidhlig-is-costasai-riamh-le-craoladh-go-luath

An tsraith drámaíochta Gàidhlig is costasaí riamh le craoladh go luath

An stiúrthóir Éireannach Tom Sullivan, a stiúir an scannán Gaeilge Arracht a stiúir an dráma nua coireachta, ‘An t-Eilean’

An tsraith drámaíochta Gàidhlig is costasaí riamh le craoladh go luath

Craolfar an tsraith drámaíochta Gàidhlig is costasaí riamh ar BBC Alba agus BBC Four “go luath” sa bhliain 2025. Is é an stiúrthóir Éireannach Tom Sullivan, a stiúir an scannán Gaeilge Arracht a stiúir an dráma nua coireachta. Tá na chéad ghrianghraif ó sheit an dráma An t-Eilean (An tOileán) chomh maith le liosta iomlán na n-aisteoirí ag an BBC.

Is í an t-aisteoir óg as Leòdhas Sorcha Groundsell (a bhí in His Dark Materials, Shetland, agus The Innocents) a bheidh sa bpríomhról sa dráma coireachta seo – an póilín Kat Crichton. Titeann an dráma amach i Leòdhas agus na Hearadh, oileán Gàidhealtachda in iarthar na hAlban nuair a mharaítear bean shaibhir, Mary Mclean.

Is í Kat Crichton agus an Bleachtaire Ard-Chigire Ahmed Halim (Sagar Radia) a fhiosraíonn dúnmharú na mná i gceithre chlár na sraithe nua. Ar na haisteoirí eile a bheidh sa dráma nua tá Iain Macrae, Elspeth Turner, Sinéad MacInnes, Andrew Macinnes, Meredith Brook, agus Sam James Smith.

Is é an comhlacht léiriúcháin Black Camel Pictures a rinne An t-Eilean don BBC. Scríobh Nicholas Osborne agus Patsi Mackenzie an script agus chosain an tsraith seo tuairim £1m punt (€1.2m) an eipeasóid. Rinneadh an chuid is mó den scannánaíocht i Leòdhas agus na Hearadh agus i nGlaschú.

Dúirt Sorcha Groundsell gur “cor cinniúnach” i ndán na Gàidhlig é léiriú an dráma nua teilifíse agus gur “pribhléid” a bhí ann páirt a bheith aici féin sa chlár.

“Shílfeá gur cor cinniúnach don Ghàidhlig é seo. Ar fud na cruinne tá teangacha dúchais ag teacht chun cinn go bródúil as an dorchadas agus ag fáil an aitheantais atá dlite dóibh. Breathnaím ar an gclár s’againne mar chuid den ghluaiseacht dhomhanda sin, is ceiliúradh é ar gach atá uathúil fúinn.

“Ba phribhléid agus údar lúcháire é a bheith ag obair ar An t-Eilean. Tá mé an-bhródúil go raibh baint agam le léiriú atá ag treabhadh na ngort nua seo don Ghàidhlig agus ag léiriú áilleacht, cruthaitheacht, agus doimhneacht ár dteanga don domhan mór,” a dúirt Groundsell.

Níos mó