Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceathrar-teachtai-dala-sa-34u-dail-a-bhfuil-conai-orthu-sa-ngaeltacht

Ceathrar Teachtaí Dála sa 34ú Dáil a bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht

Deir iarpholaiteoirí as Conamara gur cailliúint mhór do mhuintir an cheantair nach mbeidh Teachta Dála a bhfuil cónaí air ann den chéad uair le breis is 30 bliain.

Bhí Éamon Ó Cuív, a bhfuil cónaí air i gCorr na Móna, ina Theachta do Ghaillimh Thiar ó 1992 ach níl cónaí i gConamara ar dhuine ar bith den chúigear a toghadh sa Dáilcheantar in Olltoghchán 2024 – Mairéad Farrell (Sinn Féin), Catherine Connolly (Neamhspleách), John Connolly (Fianna Fáil), Hildegarde Naughton (Fine Gael) agus Noel Grealish (Neamhspleách).

Fear Gaeltachta as Bearna ó dhúchas é John Connolly a thug leis suíochán Uí Chuív ach tá cónaí anois air i Rathún agus is comhairleoir i gComhairle Cathrach na Gaillimhe a bhí ann roimhe seo.

Cé gur chuir Mairéad Farrell agus Catherine Connolly cás Chonamara agus na Gaeltachta chun cinn go láidir sa Dáil le roinnt blianta anuas, dúirt an t-iar-aire stáit Gaeltachta, Seán Kyne  go mbeadh Conamara fágtha gan Teachta Dála agus teipthe airsean agus ar iarrthóir eile ó Mhaigh Cuilinn, Noel Thomas, suíochán a bhuachan.

“Tá na vótaí sa chathair, tá an daonra sa chathair,” a dúirt Kyne, a bhí ina Theachta Dála idir 2011 agus 2020 ach a d’fhógair go raibh sé chun éirí as an bpolaitíocht anois.

“Is drochlá dúinne i gConamara go bhfuil muid fágtha gan aon Teachta atá ina gcónaí i gConamara,” a dúirt an t-iarchomhairleoir contae de chuid Fhianna Fáil, Connie Ó Fáthartha, agus í ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. “Nuair a tharlaíonn na rudaí seo, bíonn sé an-deacair é a fháil ar ais.”

Agus í ag labhairt ar an stáisiún céanna, shéan an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfágfaí Conamara faoi mhíbhuntáiste gan Teachta Dála agus go raibh an-chuid oibre déanta aici chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaeltachta agus na n-oileáin ó toghadh í in 2016.

Dúirt Mairéad Farrell amhlaidh.

“Is rud fíorthábhachtach é domsa [ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Chonamara] agus sin an chúis go mbíonn na clinicí agam ar an gClochán, i gCill Chiaráin agus i gCasla agus tá súil agam clinic eile sa bhreis a chur ar fáil,” a dúirt Mairéad Farrell.

“Tá muid uile aontaithe go mbeidh bearna mhór ann nuair nach mbeidh Éamon Ó Cuív [sa Dáil] agus go ndearna sé obair na gcapall do mhuintir Chonamara agus do mhuintir na cathrach freisin agus caithfidh na Teachtaí ar fad a dhéanamh cinnte go ndéanfar an obair sin [arís].”

Cé nach bhfuil aon duine de Theachtaí Ghaillimh Thiar ina gcónaí sa nGaeltacht, cainteoirí Gaeilge iad ceathrar den chúigear – Farrell, Hildegarde Naughton agus an bheirt Connolly. Fágann sin gur Gaeilgeoirí iad 80% de na Teachtaí sa Dáilcheantar, níos mó ná aon cheann eile sa tír.

Gaeilgeoirí iad 14 den 34 Teachta a toghadh sna Dáilcheantair Ghaeltachta ar fud na tíre – 41%. Níl cónaí ach ar cheathrar den 34 Teachta sin sa nGaeltacht – 12%

I nDún na nGall atá beirt acu, Pearse Doherty Shinn Féin, arb as Gaoth Dobhair dó, agus Pat the Cope Gallagher, a bhfuil cónaí air ar an gClochán Liath, a toghadh chun na Dála arís d’Fhianna Fáil tar éis dó a shuíochán a chailleadh in 2020. Gallagher agus Doherty an t-aon bheirt a toghadh i nDún na nGall a bhfuil Gaeilge acu.

Tá beirt Ghaeilgeoirí ar an gcúigear Teachtaí Dála a toghadh i gCiarraí chomh maith – Norma Foley Fhianna Fáil agus Pa Daly Shinn Féin. Toghadh an bheirt den chéad uair in 2020 ach is as Trá Lí an bheirt acu. Fágann sin nach raibh Teachta ó Chorca Dhuibhne sa Dáil ó 1989 nuair a chaill Michael Begley ón Daingean, a bhí ina Theachta ag Fine Gael ar feadh 20 bliain, an suíochán a bhí aige.

Fear Gaeltachta agus cainteoir líofa Gaeilge é Aindrias Moynihan a toghadh in athuair d’Fhianna Fáil i gCorcaigh Thiar Thuaidh. Is é Moynihan, atá ina Theachta ó 2016, an t-aon Ghaeilgeoir a toghadh sa Dáilcheantar trí shuíochán.

Chaill Marc Ó Cathasaigh, a chuir cás na Gaeilge agus na Gaeltachta chun cinn go minic sa 33ú Dáil, a shuíochán i bPort Láirge ach toghadh Gaeilgeoir eile, Conor McGuinness, ar dhuine den cheathrar a thug leo suíocháin in Olltoghchán 2024. Comhairleoir áitiúil a bhí i McGuinness agus tá cónaí air i nGaeltacht na nDéise, áit ar chaith sé tamall ina Oifigeach Pleanála Teanga sa Rinn.

Gaeilgeoirí iad beirt den cheathrar Teachtaí a toghadh sa Mhí Thoir – Darren O’Rourke Shinn Féin agus Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne ó Fhianna Fáil. Gaeilgeoir freisin é ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, a toghadh sa Mhí Thiar ach níl cónaí ar aon duine acu sa nGaeltacht.

Níl aon Teachta ó cheantair Ghaeltachta Mhaigh Eo tofa ach an oiread. Is é Dara Calleary Fhianna Fáil, arb as Béal an Átha dó, an t-aon chainteoir Gaeilge atá i measc an chúigir a toghadh i Maigh Eo.

An Ghaeltacht 

Gaeilgeoirí – 14/34 TD (41%) / Ina gcónaí sa Ghaeltacht – 4/34 (12%)

Dún na nGall

Gaeilgeoirí – 2/5 (40%) / Gaeltacht – 2/5 (40%)

Pearse Doherty* – SF

Pádraig Mac Lochlainn – SF

Pat The Cope Gallagher* – FF

Charles Ward – 100%

Charlie McConalogue – FF

Maigh Eo

Gaeilgeoirí – 1/5 (20%) / Gaeltacht – 0/5 (0%)

Rose Conway-Walsh – SF

Alan Dillon – FG

Dara Calleary – FF

Keira Keogh – FG

Paul Lawless – AON

Gaillimh Thiar

Gaeilgeoirí – 4/5 (80%) / Gaeltacht – 0/5 (0%)

Mairéad Farrell – SF

Catherine Connolly – NS

John Connolly – FF

Hildegarde Naughton – FG

Noel Grealish – NS

Ciarraí

Gaeilgeoirí – 2/5 (40%) / Gaeltacht – 0/5 (0%)

Michael Healy-Rae – NS

Pa Daly – SF

Danny Healy-Rae – NS

Norma Foley – FF

Michael Cahill – FF

Corcaigh Thiar Thhuaidh

Gaeilgeoirí – 1/3 (33%) / Gaeltacht – 0/3 (0%)

Aindrias Moynihan* – FF

John Paul O’Shea – FG

Michael Moynihan – FF

Port Láirge

Gaeilgeoirí – 1/4 (25%) / Gaeltacht – 1/4 (25%)

David Cullinane – SF

John Cummins – FG

Mary Butler – FF

Conor McGuinness* – SF

An Mhí Thiar

Gaeilgeoirí – 1/3 (33%) / Gaeltacht – 0/3 (0%)

Johnny Guirke – SF

Peadar Tóibín – AON

Aisling Dempsey – FF

An Mhí Thoir

Gaeilgeoirí – 2/4 (25%) / Gaeltacht – 0/4 (0%)

Helen McEntee – FG

Darren O’Rourke – SF

Thomas Byrne – FF

Gillian Toole – NS

* Ina gcónaí sa nGaeltacht

Níos mó