Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
leamh-na-nollag-sna-leabhair-spoirt

Léamh na Nollag sna leabhair spóirt

| John Allen | ,
Ní bheidh aon easpa ábhar léitheoireachta ortsa ná ar an té sin i do shaol ag a bhfuil suim sa spórt

Léamh na Nollag sna leabhair spóirt

 

Tá an Nollaig beagnach tagtha agus an fhógraíocht inár dtimpeall i ngach siopa. Thosnaigh na fógraí móra teilifíse díreach nuair a d’imigh an chailleach i ndiaidh oíche Shamhna. Agus dar ndóigh tá margadh na leabhar faoi lán seoil agus na siopaí leabhar lán go doras le leabhair idir shean agus nua.

Maidir leis an gCumann Lúthchleas Gael bhuel tagann cúpla leabhar nua amach gach bliain do mhargadh na Nollag agus ní haon eisceacht í Nollaig 2024.

Tá beirt sheanfhondúirí ós na meáin a bhfuil leabhar nua acu i mbliana. Is iomaí cluiche feicthe agus alt scríte ag Martin Breheny agus Dónal Keenan agus chuireadar na cloigne le chéile agus iad ag cur a leabhar nua Pulse of the Nation : GAA 140 Years le chéile. Tá cur síos acu sa leabhar faoi chuid maith de bhuaicphointí Chumann Lúthchleas Gael le céad daichead bliain.

Tá cuid mhaith ann faoi na himreoirí is fearr sa dá chód agus foirne pioctha acu. Tá cur síos acu ar na héachtaí is mó atá bainte amach ag na contaetha go léir chomh maith le cur síos ar chuid des na conspóidí a bhris amach ó am go ham. Scríobhann siad freisin ar an tionchar mhór atá ag CLG ar shaol sóisialta agus cultúrtha na tíre.

Mholfainn freisin leabhar Paul Rouse The Hurlers a tháinig amach roinnt blianta ó shin. Rinne Rouse mórán taighde ar an iománaíocht ón tús agus chuir se le chéile leabhar thar a bheith suimiúil ar fhorbairt na hiomána beagnach ó aimsir Chúchulainn. Bhaineas an-taitneamh as an leabhar sin agus d’fhoghlaimíos mórán nach raibh ar eolas agam faoin iománaíocht agus an tír i gcoitinne idir pholaitíocht, cúrsaí eaglaise agus fás agus forbairt Chumann Lúthchleas Gael.

Chuir Joe Canning agus Vincent Hogan peann le pár nó méar chuig méarchlár chun Joe Canning: My Story, a dhírbheathaisnéis a sholáthair do stocaí na Nollag. N’fheadar conas a ghlaonn siad dírbheathaisnéis air agus an t-iriseoir Vincent Hogan ainmnithe mar údar ar an leabhar. Níl aon dabht ach go bhfuil Hogan thar a bheith cáilithe mar ealaíontóir focal agus féith na cumadóireachta go smior ann.

Níl an leabhar léite agam fós ach le Canning mar ábhar agus Hogan mar chumadóir déarfainn gur fiú tabhairt faoi.

Bhí imreoir eile gnóthach ina chéad bhliain ó d’éirigh sé as an gcluiche idirchontae agus sin é Richie Hogan Chill Chainnigh. Tá a leabhar Whatever It Takes díreach tagtha ar an margadh agus seoladh déanta aige air le déanaí. Uaireanta, nó b’fhéidir gur go minic ba cheart dom a rá, bíonn an iomad staitisticí agus cur síos ar chluichí difriúla i mbeathaisnéisí imreoirí CLG. Bíonn scéalta pearsanta ag teastáil chun dath a sholáthar don léitheoir agus corr-rud nach bhfuil ar eolas ag an bpobal a nochtadh. Déanann Hogan (agus Fintan O’Toole a scríobh) iarracht sinn a thabhairt isteach i ‘ndomhan rúnda‘ Chill Chainnigh le linn ré Brian Cody.

Tugann an ghrianghrafadóir aitheanta Ray McManus agus a chomhlacht Sportsfile leabhar grianghrafanna, A Season of Sundays amach an t-am seo gach bliain, leabhar lán de phictiúir d’aicsean na bliana sa CLG.

Agus taobh amuigh de dhomhan sin na hiománaíochta tá leabhar againn ó Johnny Sexton, Obsessed, My Autobiography againn ó Davy Russell, The Racket ó Conor Niland, an tÉireannach a bhí ina imreoir proifisiúnta leadóige agus a thugann súil dúinn ar an Tour, bhuaigh a leabhar duais mhór William Hill do Leabhar Spórt na Bliana le déanaí.

Mar sin ní bheidh aon easpa ábhar léitheoireachta ortsa ná ar an té sin i do shaol ag a bhfuil suim sa spórt.

Níos mó