Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
moilleadoireacht-&-cacamas-na-nollag

Moilleadóireacht & Cacamas na Nollag

| aine ni dhonnaile | ,

Tá an Nollaig ag druidim linn go tiubh agus má tá tú i do mhoilleadóir breá cosúil liomsa, is dóigh nach bhfuil ord ná eagar ar an liosta rudaí atá le déanamh agat roimh an lá mhór.

De réir mar a shleamhnaíonn na blianta thart, is cinnte nach mbím ag díriú ar na bronntanais a bhíonn faoin chrann ach ar na daoine féin a bhíonn thart air. Ní bhím ag dúil le lear mór bronntanas maidin Nollag a thuilleadh ach is cinnte go bhfuil mé ar bís bualadh le mo chuid cairde uilig agus oíche mhór ragairne a bheith againn i nDoire. 

Tá sceitimíní an domhain orm tabhairt faoi dhinnéar na Nollag chomh maith agus amharc ar chlár speisialta Gavin and Stacey le bosca seacláidí agus mo theaghlach ar fad thart orm.

É sin ráite, caithfidh mé bronntanas de chineál éigin a thabhairt do na daoine is speisialta i mo shaol agus bíonn sé deacair go leor orm é sin a dhéanamh le rudaí fisiciúla. An leor coinneal nó buidéal fíona le taispeáint do dhuine an oiread sin grá atá agam daofa?

Nuair a dhéanaim iarracht bronntanas fisiciúil a cheannach, is minic a bhím ag rith thart sna siopaí ar Oíche Nollag agus ag piocadh amach cibé truflais atá os mo chomhair (agus ní bhíonn fágtha sna siopaí ar an 24 Nollaig ach an cacamas nach mbíonn de dhíth ar dhuine ar bith!). Is fuath liom a leithéid de stuif a bheith ina luí thart timpeall an tí agus ag líonadh na gcófraí i ndiaidh na Nollag, stuif a cheannaigh mé go díreach le rud a cheannach do dhuine.

Bealach furasta thart air sin is ea eispéireas a cheannach nó a chur in áirithe do dhuine. In áit bronntanais a cheannach dá chéile anuraidh, shocraigh mé féin agus mo bhuachaill turas go Cóbanhávan na Danmhairge a chur in áirithe. D’imigh muid linn ag deireadh mhí Eanáir (bealach maith le fáil réitithe de ghruaim an gheimhridh) agus bíonn muid ag caint uirthi go fóill mar cheann de na saoirí ab fhearr dá raibh againn riamh. 

Mar a tharla sé, bhí na heitiltí Ryanair níos saoire ná féiríní beaga don stoca agus cártaí gimiciúla a cheannach dá chéile, rud a thug píosa beag airgead breise dúinn le haghaidh béilí deasa agus cúpla Aperol Spritz ar fud na cathrach.

Is cinnte nach dtógann sé na céadta euro bronntanas iontach a cheannach do dhuine, áfach, agus ní chaithfidh tú dul thar lear ach an oiread. Rogha eile is ea ticéid chuig ceolchoirm nó dráma a chur in áirithe, nó fiú ticéid don phictiúrlann. Fuair Daidí na Nollag ticéid One Direction domsa sa bhliain 2012 agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar an oíche sin go deo! 

Níl ann i ndáiríre ach seans le bualadh le do chairde nó le do theaghlach agus le taispeáint daofa go bhfuil tú ag smaoineamh orthu. Díreach cosúil lenár laethanta saoire anuraidh, bíonn sé ar dóigh rud a phleanáil le bheith ag súil leis agus muid ag dul isteach sa bhliain úr.

Tá a lán roghanna eile ann fosta – dearbhán béile nó caifé deas, is féidir íoc as rud éigin praiticiúil ar nós ballraíocht sa ghiom nó síntiús le hardán sruthaithe ar nós Netflix nó Spotify, nó (is breá liom an ceann seo) thig leat dearbhán a fháil le híoc as cóiriú ingne nó séidtriomú daofa.

Mar sin, éirigh as do chuid moilleadóireachta agus beidh Oíche Nollag i bhfad níos taitneamhaí agus níos saoire agat i mbliana. Níl dabht ar bith ach go mbeidh níos lú glanadh suas le déanamh ag do chairde i ndiaidh na Nollag fosta. Seachain an cacamas!

The post Moilleadóireacht & Cacamas na Nollag appeared first on NÓS.

Níos mó