Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
suil-ann-go-gcuirfidh-an-ceathrar-gaeilgeoiri-o-chill-dara-i-dteach-laighean-cas-na-teanga-chun-cinn

Súil ann go gcuirfidh an ceathrar Gaeilgeoirí ó Chill Dara i dTeach Laighean cás na teanga chun cinn

| Padraic O Ciardha | ,
Gaeilgeoirí iad beagnach leath de na Teachtaí ó Chill Dara a bheidh sa gcéad Dáil eile agus iarbhaill de Choiste Gaeilge na Comhairle Contae iad triúr nua-thofa

Súil ann go gcuirfidh an ceathrar Gaeilgeoirí ó Chill Dara i dTeach Laighean cás na teanga chun cinn

Shónagh Ní Raghallaigh agus Joe Neville

 

Tá an eagraíocht Cill Dara le Gaeilge ag súil go mbeidh na Teachtaí Dála nua ón gcontae a toghadh chun na Dála an mhí seo ina gcabhair mhór i dtaobh na Gaeilge a chur chun cinn sa chontae.

Gaeilgeoirí iad ceathrar den naonúr Teachtaí Dála ó Chill Dara a bheidh sa gcéad Dáil eile, Seán Ó Fearghaíl Fhianna Fáil, atá á lua le post an cheann comhairle arís,  agus triúr Teachtaí nua-thofa – Naoise Ó Cearúil (FF), Joe Neville (FG) agus Shónagh Ní Raghallaigh (SF). Choinnigh Ó Fearghaíl a shuíochán i gCill Dara Theas tar éis dó a bheith ina Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach agus toghadh Ní Raghallaigh sa dáilcheantar céanna. Tá Ó Cearúil agus Neville ar bheirt den chúigear a toghadh i gCill Dara Thuaidh.

Fágann sin go mbeidh níos mó Gaeilgeoirí ó Chill Dara ina dTeachtaí sa gcéad Dáil eile ná mar a bheidh ó aon chontae eile sa tír lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (13 Teachta le Gaeilge) agus Gaillimh (5). Ceathrar Gaeilgeoirí a toghadh i gCorcaigh chomh maith.

Sheol Cill Dara le Gaeilge an dara plean teanga le déanaí, plean a chuirfear i bhfeidhm sa tréimhse idir 2024 agus 2030 agus deir an eagraíocht go bhfuiltear ag súil go n-oibreoidh na Teachtaí ó Chill Dara chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gcontae agus go náisiúnta agus iad ag obair i dTeach Laighean.

“Is díol suntais, agus sásaimh, é gur bhaill de Choiste Gaeilge na Comhairle Contae iad triúr de na Teachtaí Dála is nua sa chontae – is iad sin Shónagh Ní Raghallaigh, Naoise Ó Cearúil agus Joe Neville,” a dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge. “Bhí na hiarChomhairleoirí sin ag tacú le hobair Chill Dara le Gaeilge fad is a bhí siad ar an gcoiste.”

Ba é Joe Neville a sheol an plean teanga in Áras Chill Dara ag deireadh mhí na Samhna agus tá Naoise Ó Cearúil ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad.

Joe Neville,  Daithí de Faoite, agus Regine Uí Chollatáin

Tá tacaíocht tugtha ag Shónagh Ní Raghallaigh don fheachtas chun stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach do cheantar Nás na Ríogh agus na Sollán, ceann de na príomhspriocanna atá luaite i bplean teanga an chontae. Tá sé mar aidhm acu freisin Cultúrlann a bhunú sa gceantar amach anseo.

“Táimid ag súil go leanfaidh siad den obair sin a bhí ar siúl acu leis an nGaeilge ar leibhéal an chontae agus go mbeidh siad ag díriú ar an nGaeilge a choinneáil ar an gclár plé ag leibhéal an Rialtais seo agus go mbeidh tuilleadh Gaeilge le cloisteáil sa Dáil sa téarma seo atá romhainn,” a dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin ó Chill Dara le Gaeilge.

Tá thart ar 800 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i Nás na Ríogh faoi láthair agus os cionn 3,100 scoláire ar fad atá san 11 Gaelscoil agus Gaelcholáiste atá  i gCill Dara.

Faoin bplean teanga, tá an eagraíocht ag iarraidh caidreamh a chruthú le forais stáit agus le heagraíochtaí deonacha a fheidhmíonn i gCill Dara chun na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí a fheabhsú chomh maith le daoine eile agus grúpaí pobail a mhealladh i dtreo na teanga. Táthar ag iarraidh tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh faoin gcéad phlean teanga, a bhí i bhfeidhm ó 2019.

“Ní fiú plean a bheith ann gan fís a bheith taobh thiar de. Is é ár bhfís ná go mbeidh daoine sa chontae seo in ann gach gné dá saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge anseo i gcontae Chill Dara, dá mba mhian leo sin a dhéanamh. Is ag obair le chéile a bhainfimid amach na spriocanna sin, ag tógáil ar an dea-obair atá déanta againn go dtí seo. De réir a chéile a thógtar na caisleáin,” a dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge ag seoladh an phlean teanga nua.

Is féidir an plean teanga a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Chill Dara le Gaeilge.

Níos mó