Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-gmail-as-gaeilge-deich-mbliana-d’aois-inniu-–-seans-nach-bhfeicimid-a-leitheid-aris

Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís

Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin seoladh an leagan Gaeilge den tseirbhís ríomhphoist Gmail i mBaile Átha Cliath.

Ach deir duine den mheitheal a d’aistrigh Gmail go Gaeilge le Tuairisc gur dócha ná a mhalairt nach bhfeicfear aon togra mór aistriúcháin eile ar sheirbhísí Google ná ag comhlachtaí móra idirlín mar iad.

Dúirt Kevin Scannell, ceann feadhna an ghrúpa aistritheoirí an Ríomhacadaimh le Tuairisc gur tháinig athrú meoin ar Google agus ar chomhlachtaí móra eile, leithéidí Facebook, tamall de bhliana ó shin maidir leis an aistriúchán agus obair na meithle deonaí.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo i mí na Nollag 2016 go raibh an mórshuíomh comhroinnte físeán, YouTube, ar le Google é, ar an liosta ag an Ríomhacadamh le haistriú go Gaeilge.

Níor tháinig toradh ar an obair sin, áfach, agus níor cuireadh aon táirge eile de chuid Google – leithéidí Google Drive nó Google Calendar – i nGaeilge ó shin.

“Tá sé casta. Níor thug Google cead dúinn YouTube agus na rudaí eile a aistriú. B’obair dheonach í an obair aistriúcháin a rinneadh ar Gmail, agus sílim go raibh imní ar an gcomhlacht maidir le maoin intleachtúil,” a deir Kevin Scannell.

“Bhí siad ag iarraidh conradh a dhéanamh le comhlacht aistriúcháin a dhéanadh an obair ar phá. Ach i ndáiríre, dhún siad gach iarracht aistriúcháin i measc an phobail a dhéanamh timpeall na bliana 2015.”

Ba chomhlachtaí gairmiúla a rinne an obair aistriúcháin ar Google ina dhiaidh sin – do mhórtheangacha agus mionteangacha an domhain.

Rinne na comhlachtaí móra eile an rud céanna – Twitter agus Facebook – agus b’aistritheoirí proifisiúnta a rinne an obair nua ar fad, a deir Kevin Scannell.

“Ag leibhéal amháin tá mé sásta leis sin, mar bhí mé ag caitheamh mórán ama ar an stuif sin, agus toisc go raibh muid [an Ríomhacadamh] sásta é a dhéanamh ar dtús bhí na comhlachtaí sásta leanúint ar aghaidh agus íoc as an gcothabháil ar an leaganacha Gaeilge a bhí déanta cheana féin.

“Faraor, ní raibh siad sásta na haistritheoirí gairmiúla a íoc le haistriúcháin as an nua a dhéanamh ar sheirbhísí eile dá gcuid, agus ní dóigh liom go dtiocfaidh aon athrú air sin sna blianta amach romhainn,” a dúirt Scannell le Tuairisc.

D’éirigh le Scannell agus beirt eile, Dennis King atá lonnaithe i Meiriceá agus Aonghus Ó hAlmhain atá ina chónaí i gCill Mhantáin, a chur ina luí ar lucht an ardáin nua meán sóisialta Bluesky gur chóir comhéadan an tsuímh sin a chur ar fáil i nGaeilge níos túisce i mbliana.

Déantar aistriúchán go Gaeilge ar chorrshuíomh agus ar chluichí idirlín eile freisin ach is dócha nach mbeidh aon cheann de na comhlachtaí móra sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge amach anseo, dar le Scannell.

Sheol Hector Ó hEochagáin ‘Gaelmail’ – Gmail as Gaeilge – i gceannáras Google i mBaile Átha Cliath ar an 11 Nollaig 2014.

Níos mó