Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
achaini-deanta-ar-lucht-na-gcainteanna-rialtais-aghaidh-a-thabhairt-ar-mheath-an-ghaeloideachais

Achainí déanta ar lucht na gcainteanna rialtais aghaidh a thabhairt ar mheath an ghaeloideachais

Deir an eagraíocht Gaeloideachas go bhfuil tréimhse chinniúnach romhainn ó thaobh fás agus forbairt an oideachais lán-Ghaeilge sa stát agus go bhfuil sé riachtanach go ndéanfadh an rialtas nua gníomh dá réir.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Bláthnaid Ní Ghréacháin, nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh ar dhaltaí ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge agus gur gá cur chuige “ceannródaíoch” chun an scéal a chur ina cheart.

Bhí Ní Ghréacháin ag labhairt faoi scéal a bhí ar Tuairisc inné a léirigh an meath atá tagtha ar líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Cé go bhfuil níos mó daltaí iarbhunscoile ann anois ná mar a bhí riamh i stair an stáit, thit líon na ndaltaí atá ag freastail ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge i mbliana.

Tá an céatadán daltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge, idir leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile, anois níos ísle ná mar a bhí aon uair le breis is deich mbliana anuas.

Agus í ag labhairt le Tuairisc, dúirt Ní Ghréacháin gur tháinig an scéal is déanaí maidir leis an meath sa ghaeloideachas ag am tráthúil toisc go bhfuil an rialtas nua i mbun cainteanna faoina chlár rialtais a chur le chéile agus gur cheart go mbeadh réiteach na faidhbe mar chuid den phlé sin.

“Is tráthúil foilsiú na bhfigiúr seo a léiríonn meath ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal agus clár rialtais nua á cheapadh,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Ní haon mhóriontas é nach bhfuil fás láidir agus méadaitheach á léiriú sna scoileanna lán-Ghaeilge, iarbhunscoileanna go háirithe, nuair nach ann do na deiseanna teacht ar oideachas lán-Ghaeilge go héasca nó nuair nach ann go fóill polasaí a aithníonn sprioc cheart agus chothrom maidir le soláthar.

“Faoi mar a sheasann sé, níl deis ag daltaí an t-oideachas lán-Ghaeilge a roghnú dá mba mhian leo é de bharr lonnaíocht lom na scoileanna atá ann.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, anuraidh gur “ceist thábhachtach náisiúnta” a bhí san easpa gaelcholáistí ar fud na tíre agus go raibh sé i mbun fiosrúcháin leis an Roinn Oideachais faoin scéal mar nach raibh “freastal cóir” á dhéanamh ar an éileamh atá ann.

“Tá fuinneog chriticiúil ann d’fhás agus d’fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus an clár rialtais nua á fhorbairt,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Táimid ag impí anois ar na páirtithe é seo a aithint sna comhchainteanna agus gníomhú dá réir chun go mbainfear amach an sprioc atá luaite ag an Aire Foley, sé sin dúbailt ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge de thoradh an Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge.

“Tá gá, gan amhras, le hanailís chriticiúil ar na bealaí chun an sprioc seo a bhaint amach agus a bheith ceannródaíoch sa chur chuige.”

Dúirt Ní Ghréacháin go bhfuil deis “as cuimse” ag an rialtas nua, ag an aire oideachais agus ag oifigigh na Roinne leis an bpolasaí sin “bonn láidir a chur den chéad uair faoin oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus buntáistí an tumoideachais a leathnú go dtí gach uile pháiste sa tír seo.”

Táthar ag fanacht fós ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bhí le foilsiú anuraidh. Dúradh ó shin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais an polasaí a fhoilsiú roimh shamhradh 2025.

Léiríodh imní faoin “easpa uaillmhéine” agus “dóchais” a bhain leis an gcreat de pholasaí a foilsíodh i bhfómhar na bliana seo caite agus dúradh go raibh “easnaimh mhóra” ann, go háirithe i dtaca le spriocanna.

Gheall an rialtas deireanach go ndéanfaí líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt, rud nár tharla ná baol air faoina réim, ach dúirt an tAire Oideachais Norma Foley cheana go mbeadh sprioc dá leithéid arís sa pholasaí nua.

Níos mó