Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-comhrialtas-nua-le-300,000-teach-nua-a-thogail-agus-300,000-post-nua-a-chruthu-faoi-2030

An comhrialtas nua le 300,000 teach nua a thógáil agus 300,000 post nua a chruthú faoi 2030

| tuairisc | ,

Tá sé i gceist ag an gcomhrialtas nua 300,000 teach nua a thógáil agus 300,000 post a chruthú sna cúig bliana seo romhainn.

Tá an dá sprioc sin luaite sa dréachtchlár rialtais a foilsíodh inniu.

Bhí cúrsaí tithíochta ar cheann de na hábhair is mó a tháinig chun cinn le linn an fheachtais toghcháin agus deir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách go bhfuiltear anois chun dlús a chur faoi thógáil tithe nua le linn théarma an chomhrialtais.

Deirtear sa dréachtchlár go dtógfar breis is 300,000 teach nua roimh dheireadh 2030 agus go mbeidh 60,000 teach sóisialta nua – 12,000 teach sa mbliain – san áireamh ansin.

“Cuirfimid dlús faoin dul chun cinn ar ‘Thithíocht do Chách’ le plean nua tithíochta a bheidh radacach agus réalaíoch agus a bheidh lánmhaoinithe ionas go dtógfar tuilleadh tithe,” a deirtear.

Táthar ag iarraidh freisin go mbeadh 12,500 printíseach nua ann gach bliain faoi 2030 agus go mbeadh dhá thrian acusan ag obair in earnáil na ceardaíochta is na tógála. Táthar freisin ag iarraidh an nasc idir soláthraithe oideachais agus an earnáil tógála a dhéanamh níos láidre.

Faoin dréachtchlár, bheadh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ina Thaoiseach go n-aontódh an comhrialtas a thríú buiséad in 2027. Thiocfadh Simon Harris Fhine Gael i gcomharbacht ar Martin ansin don chuid eile den téarma.

Maidir le cúrsaí comhshaoil, deirtear go leagfar síos “spriocanna uaillmhianacha” chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2040 agus go gcinnteofar go mbeidh an spreagadh agus na rialacháin oiriúnach leis na haidhmeanna sin a bhaint amach i ngach earnáil de gheilleagar na tíre.

Ar cheist na himirce, gealltar “córas a bheidh cothrom ach níos doichte”, go gcuirfear acmhainní breise ar fáil agus go rithfear reachtaíocht chun a chinntiú go ndéanfar iarratais tearmainn a phróiseáil níos sciobtha, go neartófar na tslándáil ar an teorainn, agus go ndéanfar an córas le daoine nach nglactar lena n-iarratas a sheoladh ar ais níos éifeachtaí.

Maidir le cúrsaí sláinte, aidhm eile atá sa gclár nach mbeidh aon othar níos mó 10-12 seachtain ag fanacht sula bhfeicfear é agus cuirfear thart ar 4,500 leaba bhreise ar fáil sna hospidéil.

Tugtar gealltanas sa gclár freisin go gcuirfear deireadh leis an tástáil acmhainne don Liúntas do Chúramóirí sna cúig bliana seo chugainn ag an rialtas.

Tá sé ina sprioc leis an gclár rialtais go mbeadh costas cúram linbh laghdaithe go dtí €200 sa mhí sna blianta seo romhainn agus ní dhéanfar aon athrú ar an aois ag a mbeidh duine i dteideal pinsean stáit, 66 bliain.

Gealltar go n-ísleofar an cháin bhreisluacha in earnáil an fháilteachais go 9% agus fanfaidh an ráta CBL ar bhillí fuinnimh mar atá ag 9%.

Bunófar fórsa slándála don chóras iompar poiblí ag a mbeidh na cumhachtaí céanna atá ag na Póilíní Aerfoirt faoi láthair.

Beidh plean sa gclár chomh maith ionas gur 19:1 an cóimheas daltaí le múinteoirí a bheidh sna bunscoileanna ach a dtiocfaidh deireadh le tréimhse an rialtais nua.

San athbhreithniú atá le déanamh ar an bPlean Forbartha Náisiúnta deirtear go gcuirfear maoiniú sa mbreis ar fáil le bóithre nua a thógáil agus caoi a choinneáil ar na bóithre atá againn.

Tá filleadh Scéim na mBóithre Áise sa nGaeltacht ar cheann de na gealltanais atá déanta i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Deirtear go bhfágfar mar atá an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus go ndéanfar í a ‘neartú’ trí ghnóthaí pobail agus Gaeltachta a chur léi

Níos mó