Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-roinn-gnothai-pobail,-tuaithe-agus-gaeltachta-le-bunu-ag-an-rialtas-nua

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le bunú ag an rialtas nua

Tá roinn nua, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le bunú ag an gcéad rialtas eile.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil bunú na Roinne nua i measc na mbeartaithe atá aontaithe mar chuid de na cainteanna faoi bhunú an chomhrialtais nua.

Foilseofar tráthnóna dréachtchlár an rialtais nua.

Bhí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann faoi rialtais Fhianna Fáil idir 2002 agus 2010.

Faoi láthair tá cúram na Gaeltachta ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Faoin mbunreacht 15 aireacht rialtais atá ceadaithe agus an cheist a bheadh ann ná an roinn aisti féin a bheadh sa roinn nua nó an leagfaí an cúram ar aire a bheadh i gceannas ar roinn eile chomh maith.

Faoin rialtas deireanach bhí gnóthaí pobail agus tuaithe mar chúram ar an aire coimirce sóisialaí, Heather Humphreys.

Ní léir go fóill ach oiread an leagfar príomhchúram na Gaeltachta ar aire sinsearach sa chéad rialtas eile, seachas é a tharmligean arís le haire stáit, mar atá tarlaithe i ngach rialtas ó 2011. Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall roimh an toghchán go leagfaidís cúram laethúil na Gaeltachta ar aire sinsearach a mbeadh Gaeilge aige.

Tá sé i gceist chomh maith Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun arís sa Ghaeltacht.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil athbhunú Scéim na mBóithre Áise luaite sa chlár rialtais a fhoilseofar tráthnóna.

Faoi Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht chuirtí cúnamh ar fáil do dhaoine feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae, bóithre portaigh, bóithre go dtí goirt, céanna agus a leithéid.

Bhí Scéim na mBóithre Áise i measc na scéimeanna Gaeltachta ar cuireadh deireadh leo le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Tá geallta ag an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go mbeadh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta “i gcroílár an chláir rialtais”.

Meastar go mbeidh gealltanais sa chlár rialtais faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, faoi fhorbairt an ghaeloideachais agus faoi chás na teanga sa chóras oideachais trí chéile.

Rinne Fianna Fáil agus Fine Gael margadh tráthnóna inné leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách maidir le rialtas nua a bhunú agus fógraíodh chomh maith go raibh socrú déanta leis na Teachtaí Dála ó Chiarraí Michael agus Danny Healy-Rae.

Tá sé ag i gceist go gcaithfeadh baill Fhianna Fáil vóta faoin gclár rialtais ag Ard-Fheis an pháirtí i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Pléifidh lucht Fhine Gael an cháipéis ag sraith cruinnithe réigiúnacha a gcuirfear tús leo ag deireadh na seachtaine.

Táthar ag súil rialtas nua a chur os comhair na Dála ach a bhfillfidh sí Dé Céadaoin seo chugainn nuair a thoghfar Micheál Martin ina Thaoiseach.

Tá socruithe le déanamh chomh maith faoi leagan amach na ranna stáit faoin rialtas nua, faoi líon na n-aireachtaí a bheidh ag na páirtithe éagsúla agus faoi cé a gheobhaidh na postanna sin.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin an tseachtain seo caite go leagfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar roinn eile sa chéad rialtas eile.

Faoi láthair, tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Níos mó