Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
aon-trian-den-airgead-a-lorg-siad-on-rialtas-faighte-ag-roinn-na-gaeltachta

Aon trian den airgead a lorg siad ón rialtas faighte ag Roinn na Gaeltachta

| Tuairisc.ie | , ,

Ní bhfuair Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2025 ach aon trian den airgead a bhí á éileamh ag oifigigh na Roinne sin ón Rialtas do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Nuair a fógraíodh an Buiséad is déanaí ag tús mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, tugadh le fios go raibh €6.3 milliún breise le cur ar fáil don Ghaeilge agus don Gaeltacht in 2025.

Léiríonn cáipéisí atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise áfach gur lorg Roinn na Gaeltachta nach mór a thrí oiread sin, €18 milliún breise, do chláracha agus tionscnaimh a bhain leis an teanga nuair a bhí a n-éilimh don Bhuiséad nua á gcur chun cinn.

D’fhág an easpa sin go raibh ar oifigigh na Roinne roinnt tograí a bhí beartaithe a chaitheamh i dtraipisí. Ina measc, bhí togra chun líonraí spóirt Gaeilge a fhorbairt timpeall na tíre agus tionscnamh úr nuálaíochta  chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath.

Faoi lár mí Mheán Fómhair, coicís roimh fhógairt an Bhuiséid, bhí iarratas na Roinne coigeartaithe go dtí €13 milliún ach ní cheadófaí ach leath den mhéid sin ar deireadh.

I litir a sheol an tAire Catherine Martin, an t-aire sinsearach sa Roinn, chuig an Aire Airgeadais Jack Chambers, ba é an t-aon togra a bhain le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a luaigh sí ná scéim phíolótach  faoina n-íocfaí deontas le múinteoirí chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge.

Sa litir, a bhí i mBéarla, dúirt Martin go mbeadh tuiscint ag an Aire Chambers ar na ceisteanna a bhain le múineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais agus gur theastaigh aghaidh a thabhairt orthu chun an sprioc earcaíochta 20% atá luaite sa reachtaíocht teanga a bhaint amach.

Dúirt Martin go raibh Roinn na Gaeltachta le tús a chur le “roinnt” beart chun tabhairt faoin gceist agus go raibh an scéim phíolótach sin “ar an gceann is tábhachtaí”.

Dúirt Martin go raibh súil aici go nglacfadh 250 duine páirt sa scéim phíolótach, 200 múinteoir agus 50 duine eile ó earnáil an luathoideachais agusgo dtabharfaí deontas saor ó cháin idir €1,000-€6,000 an duine dóibh siúd a n-éireodh leo a gcumas Gaeilge a fheabhsú.

“Is í mo thuairim mheáite go bhféachfar ar an scéim seo, amach anseo, mar bheart ceannródaíoch a bheidh mar bhonn ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus go mbeidh tionchar aige ar an bpobal ar fad chomh maith leis an tsearbhís phoiblí,” a dúirt Martin sa litir.

Fógraíodh an scéim ar dtús i mBuiséad 2024 agus bhí €1 milliún le cur ar fáil di, ach níor cuireadh tús léi go fóill.

Bhí Roinn na Gaeltachta ag lorg €1.8 milliún breise don scéim i mBuiséad 2025. Deirtear i dTuarascáil Chaiteachais an rialtais don Bhuiséad go gacithfí €1.5 milliún breise ar thacú le múineadh na Gaeilge ach níor luadh an scéim deontais sna ráitis a d’eisigh aire agus aire stáit na Gaeltachta i ndiaidh fhógairt an Bhuiséid mí Dheireadh Fómhair.

D’fhiafraigh Tuairisc den Roinn ar cuireadh aon airgead breise ar fáil don scéim faoi Bhuiséad 2025 ach níor dúradh ach go raibh an scéim fós á forbairt agus go bhfógrófaí tuilleadh sonraí “in am trátha”.

Bhí €7 milliún breise á lorg ag an Roinn do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht ach thart ar €1.5 milliún sa mbreis a cuireadh ar fáil faoi dheireadh.

Ar an 1 Deireadh Fómhair, an lá tar éis an Bhuiséid, seoladh ríomhphost chuig an Rúnaí Cúnta i Roinn na Gaeltachta ag fiosrú ar cheart cuid de na tagairtí sonracha do thionscadail faoi leith a bhaint amach as an ábhar cainte a bhí réitithe do phreasócáid na n-airí Catherine Martin agus Thomas Byrne lá arna mhárach. Dúradh “gur ar éigean a bheas muid in ann brú ar aghaidh leo ar fad” ó tharla go raibh an t-airgead breise a bhí le cur ar fáil níos lú ná mar a éilíodh.

Rinneadh scrios ansin sna nótaí do na hairí ar roinnt tionscsamh, ina measc an t-aonad nuálaíochta i mBaile Átha Cliath agus forbairt na líonraí spóirt Gaeilge i gcomhpháirt le Spórt Éireann.

Fógraíodh €1.9 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2025, níos lú ná an €3 milliún a bhí á lorg.

Ardú 6% ar an maoiniú a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta i mbuiséad na bliana roimhe a bhí i mBuiséad 2025 agus ciste €107 milliún san iomlán le bheith ag an Roinn i mbliana.

I measc na bhfigiúirí a luadh go sonrach ag an am, dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin go raibh €2.25 milliún breise le cur ar fáil do scéimeanna tacaíochta teanga agus go mbeadh €1.9 milliún breise ar fáil  d’Údarás na Gaeltachta in 2025.

Buiséad iomlán €1.272 billiún atá le cur ar fáil don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in 2025. Is ionann an €107 milliún atá le caitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus 8% de bhuiséad iomlán na Roinne, an sciar is lú d’aon cheann de na rannáin a thagann faoi scáth na Roinne.

Níos mó