Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘bhi-na-milte-smaoineamh-i-mo-chloigeann-ach-duirt-me-go-dtriailfinn-i’-–-an-cheathru-rua-buioch-go-brach-as-misneach-na-hoige

‘Bhí na mílte smaoineamh i mo chloigeann ach dúirt mé go dtriailfinn í’ – An Cheathrú Rua buíoch go brách as misneach na hóige

“Tháinig sí chugam agus níl’s agam, bhí na mílte smaoineamh i mo chloigeann. Bhí na leaids a rá liom tabhairt fúithi só dúirt mé go dtriailfinn í agus, buíochas le Dia, chuaigh sí thar an trasnán.”

Beidh muintir na Ceathrún Rua buíoch go brách do mhisneach na hóige agus go háirithe d’Fhionán Ó Conghaile, an t-ógánach a d’aimsigh an scór ag fíordheireadh na himeartha i bPáirc an Chrócaigh a thug Craobh Shóisir na hÉireann siar go Conamara.

Chuir imreoirí de chuid na Ceathrún Rua iliomad iarrachtaí amú le linn an chluiche ceannais i gcoinne Naomh Pádraig Uisce Chaoin Dé Sathairn seo caite, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne agus an cluiche le baint, níor thug an déagóir mórán ceann do chéard a tharlódh dá gcuirfeadh sé an deis amú agus dá gcaillfeadh an Cheathrú Rua.

“Bhí ceann curtha amú agam le mo chiotóg cheana féin só bhí mé ag smaoineamh faoi [ghearradh isteach ar an deasóg] ach ní raibh mórán ama agam agus bhí orm í a bhualadh agus, mar a dúirt mé, buíochas le Dia, chuaigh sí thar an trasnán,” a deir an Conghaileach.

“Chuir muid go leor amú ach bhí a fhios againn go raibh sé ionainn agus choinnigh muid orainn ag imeacht agus ag imeacht agus d’éirigh linn sa deireadh.”

D’fhéadfá a rá gur chuir An Cheathrú Rua go leor amú sa gcluiche ceannais. D’aimsigh siad naoi bpointe ó 26 iarracht ar fad, ach ba chuma faoi na cinn a chuaigh ar strae nuair a d’aimsigh an ceann ba thábhachtaí a sprioc.

Maghnus Breathnach, bainisteoir na Ceathrún Rua. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

“Nuair a tháinig an spás sin d’Fhionán ag an deireadh ansin, bhí an mhuinín sin aige í a chiceáil,” arsa bainteoir na Ceathrún Rua, Maghnus Breathnach. “Sin an chaoi a bhíonn sé leis na leaids óga, níl aon fhaitíos orthu agus tá siad sásta tabhairt faoi na foirne eile.”

Deir Breathnach nach féidir cur síos a dhéanamh ar an ngaisce atá déanta ag an bhfoireann seo.

“Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach, ní raibh a fhios againn céard a dhéanfadh muid [i dtaobh ceiliúrtha]. Bhí sé iontach. Thug na leaids an-taispeántas agus léirigh siad an-chroí sa dara leath nuair nach raibh rudaí ag dul i gceart,” arsa fear an Spidéil.

Cé gur chuir siad tús cuibheasach maith leis an gcluiche ceannais, d’fhág botúin deis ag Naomh Pádraig teacht ar ais sa gcluiche agus bhí fir Chonamara dhá phointe chun deiridh ag déanamh ar leath ama. Thug leathchúlaí láir na Ceathrún Rua, Myles Mac Donnachadha, spreagadh don fhoireann díreach roimh leath ama áfach le cúilín breá.

“Bhí’s againn go raibh go leor den pheil imeartha againn [sa gcéad leath] ach nach raibh na scóranna faighte againn,” arsa Breathnach. “Bhí Myles iontach ó thús go deireadh an chluiche, bhí sé thar a bheith dainséarach.

“Fiú dá mbeadh muid imithe isteach cúpla pointe síos ag leath ama, bhí muid chun na rudaí céanna a rá. Díreach socrú síos agus coinneáil orthu sna 30 nóiméad a bhí fágtha.”

Arís agus arís eile le linn an fheachtais seo, tá An Cheathrú Rua tagtha slán ó ghéarchoimhlintí agus bhí Breathnach muiníneach go dtarlódh a leithéid arís.

“Sin an meon atá ann. Bhí muid ag iarraidh muinín a thabhairt do na himreoirí ó thús na bliana agus téann sé siar go dtí an cluiche a d’imir muid i gcoinne Chill Fhir Iarainn i gCraobh an Chontae is dócha. Fiú nuair a bhí an t-am caite sa gcluiche sin, bhí na leaids relaxed, bhí sé soiléir san intinn acu céard a bhí le déanamh agus fuair muid an scór. Tharla an rud céanna inniu. Choinnigh siad leis agus choinnigh siad leis agus d’éirigh linn sa deireadh.”

Micheál Ó Briain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ba é an seanfhondúir Micheál Ó Briain a rug ar an gcic amach deireanach sin san am cúitimh sular cuireadh an liathróid i lámha Fhionáin Uí Chonghaile chun an scór a fháil.

“Bhí an t-ádh liom,” arsa an Brianach. “Díreach chuir mé mo lámh léi agus fuair mé greim uirthi. Bhí mé in ann í a thabhairt do Mhaitiú [Ó Domhnaill] agus thug seisean d’Fhionán í.

“B’fhéidir go mbíonn cúigear déag amuigh ar an bpáirc ach tagann [an gaisce] seo ón 36, 37 leaid a bhíonn thíos ag traenáil chuile oíche, ag brú a chéile ar aghaidh. Sna cúpla nóiméad deiridh sin, is dóigh go raibh’s againn go raibh sé sna cosa againn mar tá leaids ansin i gcónaí ag brú a chéile ar aghaidh.

“An cúpla athrú a rinneadh, leithéidí Micheál Ó Tuathail, Paudie [Mac Cormaic], Seán Óg [Ó Loideáin] a tháinig isteach ag an deireadh, agus daoine mar sin, tugann siad an-mhisneach don fhoireann nuair a fheiceann tú ag teacht isteach iad. Sin atá ag teastáil uait. Ní cúig dhuine dhéag a ghnófaidh cluiche duit, teastaíonn an 36, 37 leaid sin.”

Stiofán Ó Briain. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Deartháir Mhichíl, Stiofán, a chroch an corn ar Ardán Uí Ógáin agus blianta faide caite acu ag imirt lena chéile i ngeansaí na Ceathrún Rua.

“A, tá sé dochreidte, é a dhéanamh le do dheartháir a raibh tú ag imirt leis ó bhí sibh i bhur ngasúir, tá sé dochreidte. Níl aon fhocail ann i ndáiríre. Lá fíorbhródúil atá ann don chlann.”

Bheadh go leor ann a déarfadh nach bhféadfá clabhsúr níos fearr a chur ar do laethanta imeartha ach is léir go bhfeicfear na Brianaigh sa dubh agus dearg arís i mbliana agus iad chun tabhairt faoin ngrád Idirmheánach i nGaillimh.

“Chuile lá a dtéann muid amach, bíonn muid ag cuimhneamh arb é an cluiche deireanach a imreoidh muid le chéile é ach tá mé ag ceapadh go ndéanfaidh muid bliain eile, le cúnamh Dé,” arsa Stiofán.

“Tá sé chomh maith anois is dócha,” a deir Micheál mar fhreagra.

Níos mó