Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceithre-theach-nua-a-gcur-ar-fail-le-dul-i-ngleic-le-gearcheim-na-mban-ti-i-gcorca-dhuibhne

Ceithre theach nua á gcur ar fáil le dul i ngleic le géarchéim na mban tí i gCorca Dhuibhne

| Maitiu O Coimin | ,

Beidh ceangal ar na tionóntaí a gheobhaidh na tithe i scéim nua sa Ghaeltacht scoláirí Gaeilge a choinneáil

Ceithre theach nua á gcur ar fáil le dul i ngleic le géarchéim na mban tí i gCorca Dhuibhne

Inniu an sprioc ag teaghlaigh ar mhaith leo teach a fháil ar cíos trí ‘Thogra na dTeaghlach Gaeltachta’ i gCorca Dhuibhne.

Beidh ceangal ar na tionóntaí a gheobhaidh na tithe scoláirí Gaeilge a bheidh ag freastal ar Choláistí Chorca Dhuibhne a choinneáil do sheacht gcinn de na cúrsaí Gaeilge a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana.

Tá an tógáil le tosú an mhí seo agus beidh na tithe le cur amach ar cíos an bhliain seo chugainn.

Beidh ceithre theach nuathógtha ar fáil faoin togra nua atá á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le dul i ngleic le dhá ghéarchéim atá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i láthair na huaire – an ghéarchéim tithíochta agus géarchéim na mban tí.

Caithtear léiriú spéise a chur faoi bhráid Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne (CFCD) inniu, an 14 Eanáir.

Tá an fíorghanntanas tithíochta atá sa cheantar ag cur isteach go mór ar dhaoine óga atá ag iarraidh cónaí san áit agus clann a thógáil ann, agus tá an fíorghanntanas ban tí ag cur isteach ar oibríochtaí Choláistí Chorca Dhuibhne.

Tithe cúig sheomra leapa a bheidh sna tithe atá le tógáil ar shuíomh an tseanfhoirgnimh a bhí ag an CFCD i lár Bhaile an Fheirtéaraigh.

Beidh an t-ioncam a thuilleann na teaghlaigh ó na scoláirí Gaeilge seo saor ó cháin mar a bhíonn i gcás an ioncaim a thuilleann na mná tí i gcoláistí samhraidh ar fud na Gaeltachta.

Tá coinníollacha eile ag baint leis an léas a bhronnfar ar na ceithre theaghlach a n-éireoidh leo teach a fháil ar an scéim. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga an tí agus caithfidh an tionónta féin a bheith ina bean/fhear an tí do na scoláirí i rith na gcúrsaí. Is ceithre seachtaine déag a bheidh i gceist, ar a laghad, leis na cúrsaí Gaeilge. Íocfar an t-airgead trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeltachta agus beidh ar an tionónta aitheantas a bhaint amach faoin scéim sin. Tabharfaidh CFCD cúnamh leis an bpróiseas sin.

Beidh na tithe ar fáil ar léas ar feadh trí bliana ar a laghad agus deir CFCD go bhféadfaí suas le €50,960 a thuilleamh saor ó cháin gach bliain. Beidh an deis ann níos mó ná seacht gcúrsa a dhéanamh sa bhliain, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó airgid fós le tuilleamh.

Thug CFCD le fios go bhfuil spéis léirithe ag roinnt teaghlach sa togra cheana féin ach go nglacfar le léirithe spéise ó dhaoine eile suas go dtí an 14 Eanáir. Cuirfear tuilleadh eolais faoi na coinníollacha ar fad ar fáil do dhaoine a léiríonn spéis sa togra.

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeilge le blianta beaga anuas agus roinnt tacaíochtaí breise fógartha ag Airí na Gaeltachta agus iad ag iarraidh tuilleadh teaghlach a mhealladh chun scoláirí a choinneáil.

Níos mó