Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
conas-a-fhoghlaimimid-caidrimh-shlaintiula-a-bheith-againn?

Conas a fhoghlaimímid caidrimh shlaintiúla a bheith againn?

| sorcha ni dhubhain | ,

Ní mhúineann éinne duit conas a bheith i gcaidreamh. Conas do shaol a mheascadh le duine eile. Níl aon ranganna ar an meánscoil bunaithe ar conas a chomhoibríonn beirt le chéile. 

Tá cara liom ag siúl amach le fear le timpeall trí mhí anuas. Is duine fíor-intleachtúil é an fear seo; léann sé go leor leabhar, oibríonn sé in ollscoil, tá dochtúireacht aige. Tá sé curtha ar phóidiam aici. Tá rudaí millteanacha á insint aici di féin ina haigne féin: nach bhfuil sise a dóthain maith ná cliste dó. 

Bhíodar i gCill Airne le haghaidh coinne tráth. Lá fliuch a bhí ann agus chuadar isteach in óstán galánta chun fothain agus faoiseamh a fháil. D’aimsíodar seomra suí deas san óstán chun caife a ól agus a scíth a ligint. Bhí boird fichille leagtha amach, ina suí go soineanta ar bhord i gcúinne an tseomra. Chonaic mo chara an cluiche fichille agus thosaigh sí ag cur allais. Thuig sí lom díreach ar an spota go raibh an cheist ag teacht… 

Tháinig sí: “An imríonn tú ficheall?” A cuid éiginnteachtaí nochta, mhothaigh sí míchompordach. “No, ní imrím,” a d’fhreagair sí.

As Béarla úsáidtear an téarma ‘triggered’. Thosaigh an seanscéal céanna arís ina ceann, “Nílim maith a dóthain ná cliste a dóthain dó. Tá sé ag lorg duine a imríonn ficheall, ní imríonn tú é. Ní éireoidh leis an gcaidreamh seo.” Tá sé rí-shoiléir domsa nach bhfuil aon phioc den meon san ag cabhrú léi. Níl sé ag déanamh aon mhaitheasa di, don gcaidreamh.

Tá an leochaileacht a bhaineann le caidreamh dochreidte. Tá tú nocht os comhair an duine eile, go fisiciúil agus go mothúchánach. Bhíos ag éisteacht le podchraoladh faoi ghnéas le deanaí. Bhí beirt bhan ag caint, a ngnó féin ag an mbeirt acu, iad cumhachtach, saibhir. Bhí duine acu ag míniú go mbíonn baol ag baint le caidreamh – seo an rud iontach agus an rud scanrúil fúthu. 

Is baol é, níl éinne chun gealltanas a thabhairt duit go n-oibreoidh gach rud amach. Is féidir le do leannán a insint duit go mbeidh gach rud go breá amach anseo ach faraor, níl liathróid criostail ag éinne.

Is baol é, aontaím leis sin. Tá tú ag ligean do dhuine nua teacht isteach i do shaol i ngach uile shlí – go fisiciúil, go spioradálta, agus ó thaobh meabhrach de. Na rudaí maithe agus na drochthréithe atá agat, taispeántar do do leannán iad. Impíonn tú orthu glacadh leat agus (níos mó ná sin), fanacht leat. An bhfuil aon ní níos scanrúla? Ní dóigh liom é.

Ní thugtar scileanna don aos óg faoi conas caidrimh a rangú agus cinn shláintiúla a idirdhealú ó chinn mhíshláintiúla. Tá go leor daoine ann atá tar éis blianta fada a chur amú le duine a bhí faoi bhun caighdeáin toisc nach raibh aon taithí ná féinmhuinín acu. Ní raibh cliú acu go rabhadar i dteideal iompar níos fearr. Is múinteoir dian í an taithí. 

An scáthán é, caidreamh? Nuair a roghnaíonn tú páirtí, is saghas ráiteas é don domhan mór. Tá tú ag rá go poiblí: ‘Seo é a bhfuil tuillte agam. Seo mo chuidse. Seo mo luach mar dhuine, i bhfoirm duine.’

Mura bhfuil tú ábalta feidhmiú i gcaidreamh sláintiúil go fadtéarmach, cad a deir sé sin fút? Fiú daoine a bhfuil éachtaí iontacha bainte amach acu sa saol; duaiseanna buaite, aitheantas agus cáil bainte amach acu; theip orthu in earnáil na dlúthchaidreamh. 

Labhair an t-aisteoir Gwyneth Palthrow faoi thromchúis an chinnidh colscaradh a fháil. Ba dheacair di glacadh leis gur theip ar a pósadh. Bhí Gwyneth pósta le Chris Martin ar feadh beagnach 10 mbliana sular dhein siad ‘conscious uncoupling’.

Gan aon oiliúint, cuirtear amach sa saol agus sa tsochaí sinn mar dhéagóirí agus mar dhaoine óga, ag súil go mbeimid in ann caidreamh sláintiúil a aimsiú agus a choimeád. Cad é an t-algartam ceart don ngrá? An bhfuil foirmle ann is féidir a úsáid chun grá a dhaingniú? Is dócha, dá mbeadh sé chomh héasca leis sin, go mbeadh gach duine ina lánúineacha sona fadtéarmacha. 

Nuair a bhristear an gnáthphatrún, sin an uair a bhuaileann tú leis an duine ceart. B’fhéidir go bhfuil íomhá de do shárpháirtí agat; fear ard, dorcha agus dathúil ach is duine íseal, fionn a bhfuil gnáthchuma air a bhíonn agat ar deireadh, agus tú ríméadach leis an duine céanna sin. 

Ag pointe áirithe, caithfear dul sa tseans agus tumadh isteach i bhfarraige an ghrá agus gan a bheith imníoch go mbáfar thú. Táim tagtha chuig an bpointe anois go bhfuilim sásta an seans a thógáil. Tá sé cosúil le bheith ag an mbord “roulette” ag an gcasaíne. D’fheadfá dearg nó dubh a roghnú. D’fheadfá an cinneadh ceart a dhéanamh nó an rogha mhícheart a ghlacadh agus is í an fhulaingt a bheidh i ndán duit. 

Caithfear an cluiche a imirt, áfach. Pé toradh a bheidh ar chúrsaí, fiú más pian nó lúcháir atá romhat, tá sé mar chuid de shaol an chine dhaonna. Is baol é an grá ach is baol é ar fiú dul sa tseans air.

The post Conas a fhoghlaimímid caidrimh shlaintiúla a bheith againn? appeared first on NÓS.

Níos mó