Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘cuirfear-tus-laithreach-bonn-le-re-orga-mheiricea’-–-donald-trump-insealbhaithe-mar-uachtaran

‘Cuirfear tús láithreach bonn le ré órga Mheiriceá’ – Donald Trump insealbhaithe mar uachtarán

| tuairisc | , ,

Tá an tUachtarán Donald Trump insealbhaithe in Washington dá dhara téarma agus ceithre bliana eile aige i gceannas ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

 Ina chéad aitheasc mar an 47ú huachtarán, mhaígh Trump go gcuirfí tús “láithreach bonn” le “ré órga Mheiriceá”.  

Dúirt sé gur chreid sé gur shábháil Dia é ón iarracht a deineadh anuraidh é a fheallmharú ionas go bhféadfadh sé tír “iontach” a dhéanamh de Mheiriceá arís.  

 Cuirfidh sé deireadh láithreach le “meath Mheiriceá” agus le “treascairt Mheiriceá” agus déanfaidh sé Meiriceá “a shaoradh”, a mhaígh sé. 

 “Tá tús á chur láithreach bonn le ré órga Mheiriceá. Ón lá seo amach beidh ár dtír faoi bhláth agus beidh meas arís uirthi ar fud an domhain. Beidh an uile náisiún in éad linn agus ní ligfear d’éinne úsáid a bhaint asainn níos mó. Lena rá go simplí, gach lá de rialtas Trump, tabharfaidh mé tús áite do Mheiriceá,” ar sé. 

Gheall sé freisin go mbeadh maidhm orduithe feidhmiúcháin á ndéanamh aige chomh maith le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar an ord náisiúnta agus domhanda. Dúirt sé freisin go gcuirfidh sé deireadh leis na “meath” a bhí i Meiriceá 

Ar na gealltanais a thug sé ag an searmanas, a reáchtáladh taobh istigh mar gheall ar an bhfuacht mór, bhí go ndéanfadh sé daingean dothrasnaithe den teorainn ó dheas agus go gcuirfeadh sé tús leis an bhfeachtas díbeartha is mó dá bhfacthas riamh le daoine nach bhfuil cead acu a bheith sa tír a chur abhaile.  Dúirt sé go bhfógródh sé “géarchéim náisiúnta” ar an teorainn le Meicsiceo agus go bhfógródh sé ina “sceimhlitheoirí” na cairtéil drugaí a bhíonn i mbun gnó ansin. 

 “Síneoidh mé sraith orduithe feidhmiúcháin stairiúla chun tús a chur le hathnuachan iomlán Mheiriceá agus le réabhlóid na céille,” ar sé. 

Dúirt sé freisin gurb é an polasaí a bheadh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá feasta ná nach bhfuil ach dhá inscne ann – baineann agus fireann – agus gheall sé go n-athródh sé ainm Mhurascaill Mheicsiceo go dtí Murascaill Mheiriceá. Caithfidh sé i dtraipisí cláir de chuid rialtais a ceapadh chun an éagsúlacht a chur chun cinn.

Go gairid i ndiaidh mheán lae sa gCaipeatól a cuireadh Donald Trump faoi mhionn mar an 47ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe, an áit chéanna a d’ionsaigh díorma léirsitheoirí in 2021 agus iad meáite toradh an toghcháin in 2020 a chur ar ceal, áitiú a bhí á dhéanamh ag Uachtarán an lae inniu agus a dhara téarma caillte aige an turas sin. 

Is fánach an duine a chreidfeadh an lá sin go mbeadh Donald Trump ar ais sa Teach Bán arís ach d’ainneoin é a bheith táinsithe faoi dhó agus a bheith ina choirpeach ciontaithe, rinne sé fíor-éacht go deo i dtoghchán 2024 nuair a fuair sé an ceann is fearr  ar Kamala Harris, iarrthóir na nDaonlathach.  

An Leas-Uachtarán, JD Vance, ba thúisce a ghlac móid a oifige agus ina dhiaidh an tUachtarán nua, Donald J Trump, ar chuir John Roberts, Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, faoi mhionn é. 

Chuir Donald Trump a lámh dheas san aer agus leag sé a lámh chlé ar an mBíobla chun móid na huachtaránachta a ghlacadh.  

“Mionnaím [nó deimhním] go ndéanfaidh mé cúraimí Uachtarán na Stát Aontaithe go diongbháilte, agus chomh maith agus atá ar mo chumas, go ndéanfaidh mé Bunreacht na Stát Aontaithe a choinneáil, a chaomhnú, agus a chosaint,” arsa Trump. 

 Tá éiginnteacht go leor i ndán do na Stáit Aontaithe faoin ardcheannasaí nuathofa agus tromlach aige sa gComhdháil agus sa Seanad agus é ráite aige go n-íocfaidh a naimhde as a gcáineadh.  

Bhí tuairisc san New York Times go ndúirt an tUachtarán nua le comhairleoir amháin go mbeadh sé ag síniú orduithe feidhmiúcháin lá a insealbhaithe “go mbrisfeadh a lámh”. 

In 2016 agus é tofa ina Uachtarán den chéad uair, an ghruaim agus an t-olc a bhí sa treis ag Trump ina chéad aitheasc, óráid ar ar thug an t-iarUachtarán George W Bush “some weird sh*t”.  

Dúirt Trump san óráid sin go raibh Meiriceá i mbéal na hanachana agus gheall sé go gcuirfeadh sé féin deireadh le “treascairt Mheiriceá” agus go gcuirfeadh sé “Meiriceá roimh chuile shórt”.  

Cé go raibh na téamaí céanna chun cinn arís, bhí a chuid cainte ag insealbhú an lae inniu ábhairín níos dearfaí. Gheall sé  go gcuideodh sé le pobal na tíre a aontú agus gur uachtarán a bheadh ann a chuirfeadh an tsíocháin chun cinn. 

Níos mó