Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
curam-na-gaeltachta-le-bogadh-go-dti-roinn-eile-faoin-gcead-rialtas-eile-–-martin

Cúram na Gaeltachta le bogadh go dtí roinn eile faoin gcéad rialtas eile – Martin

| tuairisc | , ,

Gheall an Tánaiste Micheál Martin inniu go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ‘i gcroílár’ chlár an chéad rialtais eile

Deir an Tánaiste Micheál Martin go leagfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar roinn eile sa chéad rialtas eile.

Ag labhairt dó le Nuacht TG4 inniu, gheall Martin, ar dócha go mbeidh sé ar an gcéad Taoiseach eile, go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “i gcroílár” chlár an rialtais nua.

“Beidh an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí i gcroílár an chláir rialtais. Beidh athruithe ar an áit ina mbeidh Aire na Gaeltachta,” arsa Martin.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil chomh maith go dtabharfadh an chéad rialtas eile tús áite do thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Dúirt Micheál Martin, go ndéanfar athstruchtúrú ar leagan amach na ranna rialtais agus go n-aistreofaí cúram na Gaeltachta go dtí roinn eile mar chuid den athrú sin.

Faoi láthair, tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Gheall Fianna Fáil ina bhforógra toghcháin go ndéanfaí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a athbhunú dá mbeidís i gcumhacht.

Bhí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann faoi rialtais Fhianna Fáil idir 2002 agus 2010.

Níor thug Micheál Martin aon ghealltanas gur ar aire sinsearach a leagfaí príomhchúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile, seachas é a tharmligean le haire stáit, mar atá tarlaithe i ngach rialtas ó 2011.

Faoin mbunreacht 15 aireacht rialtais atá ceadaithe agus an cheist a bheadh ann ná an roinn aisti féin a bheadh sa roinn nua. Faoin rialtas deireanach bhí gnóthaí pobail agus tuaithe istigh leis an roinn coimirce sóisialaí.

Tá aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ina éileamh le fada ag lucht feachtais ach cé gur gheall Fianna Fáil go mbeadh Gaeilge ag an aire sa roinn nua, níor thug siad aon ghealltanas nach dtarmligfí cúraimí na teanga agus na Gaeltachta chuig aire stáit arís.

Idir an dá linn, dúirt Micheál Martin agus an Taoiseach Simon Harris inniu nach raibh aon ról ag Michael Lowry maidir le socrú cé a bheadh sa chéad rialtas eile.

Tá Lowry ar dhuine den Ghrúpa Réigiúnach Neamhspleách atá i mbun cainteanna le Fianna Fáil agus Fine Gael faoi thacú le bunú comhrialtas nua.

Tá ról Lowry sna cainteanna rialtais i mbéal an phobail toisc go bhfuil comhad faoi fhiosrúchán Moriarty curtha faoi bhráid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Bhain fiosrúchán Moriarty le bronnadh an dara ceadúnas fón póca ag an stát ar an bhfear gnó Denis O’Brien agus mar chuid den iniúchadh sin fiosraíodh an caidreamh a bhí ag Michael Lowry le O’Brien.

Bhí Lowry ina aire cumarsáide agus chinn an Binse Fiosrúcháin gur roinn sé eolas le O’Brien a chabhraigh leis an ceadúnas a fháil.

Níos mó