Tá dóchas léirithe ag beirt iar-airí Gaeltachta go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht níos fearr as sa roinn nua atá geallta di sa dréachtchlár rialtais a foilsíodh an tseachtain seo – an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Faoi láthair tá cúram na Gaeltachta ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Bhí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann faoi rialtais Fhianna Fáil idir 2002 agus 2010 agus bhí Éamon Ó Cuív naoi mbliana ina aire sinsearach inti.
“Tá sé an-mhaith, sa méid is go luíonn Gaeltacht le cúrsaí forbartha tuaithe, agus go dtéann forbairt infreastruchtúir agus forbairt teanga le chéile,” a dúirt sé.
“Bhí mé féin den tuairim nuair a bhí mé sa Roinn sin go raibh sé i bhfad níos éasca daoine a thabhairt leat ar cheisteanna teanga dá mbeadh rudaí maithe á gcur ar fáil ó thaobh infreastruchtúir de.
“I gcás oileáin, má tá céibh le cur ann, nó i gcás na mórthíre, má tá bóthar le cur ann, dá gcuirfí na rudaí sin ann bheadh seans níos mó ann nuair a labhródh tú faoi chúrsaí teanga go n-éistfeadh daoine leat.
“Bhí díomá orm le cúig bliana déag anuas go raibh an Ghaeltacht scartha amach ó na rudaí sin. Nuair a bhí spórt agus pobal faoin Roinn chéanna, bhíodh tú in ann coinníollacha teanga a chur le go leor de na deontais a thugtaí le haghaidh áiseanna spóirt agus pobail sa Ghaeltacht, bhí sé go maith don teanga.
“Tá súil agam go mbeidh roinn láidir Ghaeltachta ann anois agus an cúram aistrithe arís go dtí an Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe,” a deir Ó Cuív.
“Luíonn sé le réasún gur ansin a bheadh sé agus go mbeadh an Ghaeltacht agus na hOileáin le chéile, mar tá an chuid is mó de na hoileáin a bhfuil daoine ina gcónaí orthu sa Ghaeltacht.”
Chuir Ó Cuív brú ar a pháirtí, Fianna Fáil, roimh an toghchán cúram na Gaeltachta a aistriú go dtí an Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe.
“Seo an seans is fearr go mbeadh Gaeilge ag an Aire Sinsearach sa Roinn freisin.”
Deir an t-iar-aire Pat Carey, an duine deireanach a bhí ina aire gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta sular scaipeadh cúraimí na roinne,
Deir sé go bhfuil sé i bhfabhar an chinnidh an roinn sin a athbhunú agus cúraimí na Gaeltachta a aistriú.
“Sin é an treo a mbeinnse sásta leis chun an fhírinne a rá,” a deir Carey.
“Ní roinn fiontraíochta nó fostaíochta atá i Roinn na Gaeltachta. Cúrsaí pobail agus mar sin de a bhíonn i gceist.”
Deir Carey gur chuir easpa foirne agus acmhainní as d’obair Roinn na Gaeltachta nuair a bhí sé féin ina aire sinsearach inti agus nach rabhthas in ann tionscnaimh “a chríochnú go héifeachtach”.
Measann Carey chomh maith go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí cúraimí a roinnt idir aire sinsearach agus aire stáit chun go mbeadh an roinn nua in ann feidhmiú go héifeachtach.
Deir an t-iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh gur chuir sé “iontas” air nuair a chuala sé go raibh cúram na Gaeltachta á aistriú.
Dar leis go bhfuil go luíonn cúram na Gaeilge go nádúrtha le cúrsaí cultúir agus oidhreachta, na cúraimí eile a bhí ar an roinn ina raibh sé féin ina aire stáit. Dá mbeadh a rogha aige, áfach, chuirfeadh sé an Ghaeltacht go dtí an Roinn Oideachais, mar ar thug sé tréimhse ina aire sinsearach.
“Is í an Roinn is tábhachtaí don teanga ná an Roinn Oideachais. B’fhéidir amach anseo go n-athrófar an cúram na Gaeltachta go dtí an Roinn Oideachais, ach chuir sé iontas orm go bhfuil sé le haistriú go dtí an Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe, cén nasc atá ann i ndáiríre?
“Dá mbeadh muid dáiríre faoin teanga, bheadh baint níos mó ag polasaithe teanga le cúrsaí oideachais. Tá iomrá ar na réamhscoileanna anois, agus tá deis ann faoi choinne réamhscoileanna a thógáil ar an suíomh céanna le scoileanna. Sin an seans is mó atá ann faoi choinne infreastruchtúr ar leas na teanga.”
Tá amhras ar Bheirtí Ó hAinmhire, iar-státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta, gur ag maolú atá “dáiríreacht” an státchórais faoi Roinn na Gaeltachta de réir a chéile.
Deir Ó hAinmhire, a bhí ag obair sa roinn agus í faoi chlónna éagsúla, an roinn gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta ina measc, go ndéantar imeallú ar Roinn na Gaeltachta is cuma cá mbíonn sí.
“Nuair atá Roinn na Gaeltachta brúite isteach le cúpla roinn eile, tá cúpla cúram ar na daoine ag an leibhéal is airde agus ansin bíonn sé níos measa fós agus b’fhéidir nach mbeadh tuiscint dá laghad acu ar an nGaeltacht. Tá go leor acu nach dtuigeann an Ghaeltacht i ndáiríre,” a dúirt Beirtí Ó hAinmhire.
“An uair go raibh Roinn na Gaeltachta ann mar roinn amháin, bhí an-dáiríreacht ann. Bhí an roinn ag feidhmiú trí Ghaeilge agus bhí daoine dáiríre. Ina dhiaidh sin, bhí go leor cur i gcéill ann agus maraíonn cur i gcéill an teanga mar cruthaíonn sé soiniciúlacht.”
“Má tá siad in ann roinn a fháil a bheidh dáiríre faoin teanga agus gan a bheith ag breathnú ar chórais agus ar rudaí a chur in áit ar mhaithe leo a bheith ann seachas ar mhaithe leis an teanga, is ea is fearr é.”
Dé Céadaoin seo chugainn a fhógrófar airí an chéad rialtais eile.
Ní léir go fóill an leagfar príomhchúram na Gaeltachta ar aire sinsearach, seachas é a tharmligean arís le haire stáit, mar atá tarlaithe i ngach rialtas ó 2011. Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall roimh an toghchán go leagfaidís cúram laethúil na Gaeltachta ar aire sinsearach ag a mbeadh Gaeilge.
Faoin mbunreacht 15 aireacht rialtais atá ceadaithe agus an cheist a bheadh ann ná an roinn aisti féin a bheadh sa roinn nua nó an leagfaí an cúram ar aire a bheadh i gceannas ar roinn eile chomh maith.
Faoin rialtas deireanach bhí gnóthaí forbartha pobail agus tuaithe mar chúram ar an aire coimirce sóisialaí, Heather Humphreys. Rinneadh cúram gnóthaí forbartha tuaithe agus pobail a tharmligean le haire stáit, Joe O’Brien an Chomhaontais Ghlais.