Cuirfidh lucht na mórscéime fuinnimh gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Ghaeltacht Chonamara iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála amárach.
Tá plean ag an gcomhlacht fuinnimh inathnuaite atá i mbun an phlean muilte gaoithe a chur ar imeall thiar agus thuaidh na Sceirdí amach ó chósta Charna.
San iarratas a chuirfear faoi bhráid an Bhoird Pleanála lorgaítear cead d’fhorbairt 30 tuirbín a bheadh 325 méadar ar airde ar a mhéid agus a bheadh suite idir 5 agus 12 ciliméadar ón mórthír.
Deir lucht na forbartha go bhféadfadh an scéim cumhacht a sholáthar do 350,000 teach in Éirinn agus 550,000 tonna CO2 a shábháil in aghaidh na bliana.
Deir Páirtithe Leasmhara Charraigeacha Sceirde gur “céim thábhachtach chun tosaigh” a bhí san iarratas pleanála. Maíonn siad go ndéanfaí infheistíocht €70 milliún sa cheantar de thoradh an Chiste Sochair Pobail 20 bliain atá geallta mar chuid den fhorbairt.
Dúirt Micheál Ó Clochartaigh, Bainisteoir Páirtithe Leasmhara Charraigeacha Sceirde gur toradh an t-iarratas pleanála seo “ar thart ar thrí bliana de shuirbhéireacht, d’anailís sonraí agus de ghníomhaíocht rannpháirtíochta pobail”.
Is é Carraigeacha Sceirde an t-aon fheirm ghaoithe amach ón gcósta atá beartaithe do chósta thiar na hÉireann. Ar chósta an oirthir atá na cúig thionscadal eile atá beartaithe faoi láthair.
Dúirt Paul Concannon, Stiúrthóir Tionscadail Charraigeacha Sceirde go bhféadfadh an fheirm ghaoithe “astaíochtaí carbóin na hÉireann a laghdú, slándáil fuinnimh a fheabhsú, agus infheistíocht ríthábhachtach a spreagadh i scileanna áitiúla, i bhfostaíocht, i mbonneagar agus i bhforbairt gnó”.
Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde á forbairt ag Corio Generation tríd an gcomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST).
Is cuideachta phunainne de chuid Macquarie Asset Management é Corio Generation a oibríonn ar bhonn neamhspleách.