Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
 ‘is-ceart-an-cheannasaiocht-a-fhagail-faoi-ghluin-nios-oige’-–-o-feinneadha

 ‘Is ceart an cheannasaíocht a fhágáil faoi ghlúin níos óige’ – Ó Feinneadha

| tuairisc | ,

Tá sé ráite ag duine de na daoine is mó a bhí á lua le huachtaránacht Chonradh na Gaeilge nach bhfuil spéis aige sa ról agus gur chóir an cúram a fhágáil faoi ghlúin atá níos óige ná eisean.

D’fhógair an t-uachtarán reatha, Paula Melvin, nach mbeidh an ceathrú téarma á lorg aici ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo chugainn. Caithfidh na  hainmniúcháin a bheith déanta faoin Aoine ach níl sé i gceist ag Ciarán Ó Feinneadha a ainm a chur chun cinn don ról.

Bhí an gníomhaí teanga agus fear CLG aitheanta á lua go láidir mar dhuine a d’fhéadfadh an ról a ghlacadh dá gcuirfeadh sé a ainm chun cinn ach tá sé ráite aige le Tuairisc nach bhfuil spéis aige ann agus gur mhaith leis duine ó “ghlúin atá níos óige” a fheiceáil mar uachtarán.

“Sheas mé don uachtaránacht sna 1980idí nuair a bhí mé 22. Cheap mé ag an am sin gur cheart ceannasaíocht Chonradh na Gaeilge a fhágáil faoi ghlúin atá níos óige. Níl an tuairim atá agam air sin athraithe ó shin, beagnach daichead bliain níos déanaí agus ceapaim fós gur cheart an cheannasaíocht a fhágáil faoi dhuine atá níos óige.

“Níl ach méid áirithe fuinnimh agam agus ba mhaith liom an fuinneamh sin a chur isteach san obair atá mé a dhéanamh leis Na Gaeil Óga,” a dúirt Ó Feinneadha le Tuairisc.

Ba í Paula Melvin, a bhí 29 bliain d’aois nuair a toghadh ina huachtarán í in 2022, an bhean ab óige a bhí sa ról riamh agus duine de na daoine ab óige. Ba í an tríú bean a bhí ina huachtarán ar an gConradh, bhí Íte Ní Chionnaith agus Áine de Baróid seal ina n-uachtaráin.

Tá roinnt daoine eile á lua leis an ról – Dónall Ó Cnáimhsí as Gaeltacht Dhún na nGall, Ciarán Mac Giolla Bhéin as Béal Feirste, Rónán Mistéil as Baile Átha Cliath, agus Mairéad Ní Fhátharta as Inis Meáin.

Scríobh Paula Melvin chuig Coiste Gnó an Chonartha agus chuig rúnaithe na gcraobhacha ar fud na tíre agus ar fud an domhain lena cinneadh gan seasamh arís a chur in iúl dóibh. Beidh sí ina huachtarán go dtí go dtoghfar duine nua ina háit ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i mbaile Loch Garman ar an 21-23 Feabhra.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, duine eile a bhí á lua leis an ról le Tuairisc nach raibh spéis aige ann “an uair seo” ach go gcuimhneodh sé ar an ról amach anseo nuair a bheadh níos lú cúraimí air.

“Bheadh spéis agam ann ach ní bheidh m’ainm á chur chun cinn agam an uair seo. B’fhéidir i gceann cúpla bliain nuair a bheidh na páistí tógtha agus an obair eile atá orm laghdaithe.”

Dúirt Ó Cnáimhsí go raibh “obair” le déanamh ag Conradh na Gaeilge i dtaca leis an Ghaeltacht agus le pobal na Gaeltachta “a spreagadh agus a ghríosú”.

“Níl go leor guthanna le cloisteáil ón Ghaeltacht, seachas faoi cheist na tithíochta agus tá ceisteanna eile ann.

‘Tá mé féin ar an Mheitheal Ghaeltachta agus tá sé deacair daoine a aimsiú ó na ceantair Ghaeltachta ar fad. Tá sé go maith go bhfuil an mheitheal Ghaeltachta ann ach deacair daoine a spreagadh,” a dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga in iarthuaisceart Dhún na nGall, agus ball de Choiste Gnó agus Meitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge.

Ní bheidh an Baile Átha Cliathach a bhí á lua leis an ról, Rónán Mistéil, ag cur a ainm chun cinn. Ach an oiread le hÓ Cnáimhsí, dúirt Mistéil go mbeadh spéis aige sa ról “amach anseo”.

“Is ról spéisiúil é, agus tá spéis agam ann, ach ní i mbliana. Ní dóigh liom go mbeadh an t-am agam, agus tá mé sách óg go fóill agus d’fhéadfainn smaoineamh arís air i gceann cúpla bliain. Bheadh na daoine eile atá á lua an-chumasach ar fad agus ní chuirfidh mé ina gcoinne,” a dúirt sé.

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, príomhoide Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin, go bhfuil sí fós “idir dhá chomhairle” faoina hainm a chur chun cinn don toghchán ach go bhfuil spéis aici i ról an uachtaráin.

“Níl aon chinneadh déanta agam fós, tá mé idir dhá chomhairle faoi. Tá an ról an-tábhachtach agus dá mbeadh an t-ádh orm é a fháil dhéanfainn mo sheacht ndícheall leis ach níl an cinneadh déanta agam fós m’ainm a chur chun cinn. Bheadh sé go maith bean Ghaeltachta a bheith sa ról,” a dúirt Ní Fhátharta le Tuairisc.

Duine eile atá á lua leis an ról ná Ciarán Mac Giolla Bhéin, ceannasaí Chomhairle na Gaelscolaíochta. Dúirt sé le Tuairisc go bhfuil sé ag déanamh a mhachnaimh faoina ainm a chur isteach.

“Tá mé go fóill ag machnamh faoi. Tá a fhios agam go bhfuil go leor dualgaisí ag baint le bheith i d’uachtarán ar an Chonradh agus caithfidh mé mo mhachnamh a dhéanamh air sin, ar chúinsí pearsanta agus oibre. Beidh mé á dhéanamh sin anocht agus amárach, agus déanfaidh mé cinneadh Dé hAoine,” a dúirt sé.

Tá go dtí Dé hAoine, an 17 Eanáir ag baill Chonradh na Gaeilge lena n-ainm a chur isteach le haghaidh thoghchán na huachtaránachta a bheidh ar siúl i Loch Garman ar an 22 Feabhra.

Níos mó