Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
is-i-mbliana-a-athroidh-me-mo-shaol…

Is i mbliana a athróidh mé mo shaol…

| aine ni dhonnaile | ,

Is maith a thuigim an gnáthamh. Cúpla lá i ndiaidh na Nollag, tinneas póite orm agus lán mo bhoilg de thurcaí ite agam, socraím amharc chun tosaigh agus rúin na hAthbhliana a leagan amach. Osclaím mo ríomhaire agus déanaim iarracht teacht ar spreagadh éigin chun mo shaol ar fad a athrú ó bhonn.

Is éard atá i gceist leis sin i ndáiríre ná rúin na chéad seachtaine de mhí Eanáir a leagan amach. Sílim go bhfuil Couch to 5k tosaithe agam gach uile bhliain ó bhí mé 16 bliain d’aois agus níl mé cinnte an mbeinn ábalta ciliméadar amháin a rith anois fiú. 

Tá a fhios agam go gcuireann an t-am seo den bhliain isteach ar go leor leor daoine agus ní eisceacht ar bith mé féin. Ní bhím ag mothú iontach gnéasúil i ndiaidh craos a dhéanamh ar feadh mhí na Nollag, agus tosaím achan bhliain úr go hiomlán spreagtha chun roinnt meáchain a chailleadh agus an chuma atá orm a athrú ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Cé gur duine mé a bhaineann sult as dúshlán, ní féidir sin a dhéanamh taobh istigh de chúpla lá, agus bím in ísle brí nuair a fheicim nach bhfuil rud ar bith i ndiaidh athrú faoi lár mhí Eanáir. Ar an drochuair, is ansin a éirím as. 

Déanfaidh mé i mbliana é, a deirim liom féin. Is i mbliana a athróidh mé mo shaol. Bím i bhfad róchrua orm féin achan bhliain, rud a scriosann an chéad mhí den bhliain úr dom, agus bíonn sé deacair go leor dul i ngleic le dorchadas agus dubhachas mhí Eanáir gan aon bhrú a chur orm féin meáchan a chailleadh ná drochnósanna a bhriseadh anuas air sin.

Nach cuma má tá cúpla punt curtha orm i gcaitheamh na Nollag? Bhain mé sult as achan dinnéar mór a bhí agam le mo theaghlach agus as gach aon oíche a chaith mé sa phub i nGaillimh. Is cinnte nach raibh mé ag smaoineamh ar mo choimlíne agus mé ag tabhairt faoi bhosca Heroes agus cúpla gloine fíona le cairde oíche Nollag ach an oiread.

Ag deireadh an lae, níl a fhios ag duine ar bith eile cén tomhas jíons atá ort, agus is cuma le duine ar bith má thógann sé cúpla seachtain ort aghaidh a thabhairt ar an ghnáthshaol mar is ceart. Tóg do chuid ama! Dá mbeadh sé furasta, bheadh achan duine á dhéanamh!

Tá cúpla rún leagtha amach agam i mbliana – ba mhaith liom cúpla seachtain a chaitheamh thall i Meiriceá, níos mó éisc a ithe, geansaí Árann a cheannach, dul i mbun pinn níos minice, agus tá mé ag dul a thoiseacht mascára gorm a chaitheamh. Níl rud ar bith neamhréalaíoch ná ródhúshlánach ansin.

Caithfidh mé sult a bhaint as na rúin seo le bheith ábalta cloí leo, agus sílim go dtugann 8 mbabhta neamhchríochnaithe de Couch to 5k le fios nach maith liomsa a bheith ag rith ar chor ar bith. Éireoidh mé maidin amárach, cuirfidh mé bríste compordach agus mascára gorm orm féin agus bainfidh mé sult as na spriocanna nua atá leagtha síos agam féin don bhliain úr.

The post Is i mbliana a athróidh mé mo shaol… appeared first on NÓS.

Níos mó