Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
lasair-oidhreacht-joe-steve-a-iompar-ar-aghaidh-ag-scoil-gheimhridh-nua

Lasair oidhreacht Joe Steve á iompar ar aghaidh ag scoil gheimhridh nua

Déanann Scoil Gheimhridh Joe Steve ceiliúradh agus comóradh ar oidhreacht Joe Steve Uí Neachtain, scríbhneoir, aisteoir agus fear pobail a raibh meas agus ómós air i bhfad is i gcéin. Nuair a bhásaigh Joe Steve i mí Eanáir na bliana 2020, d’fhág sé an pobal faoi bhrón, ní hamháin i gCois Fharraige ach ar fud na tíre agus níos faide i gcéin, a deir Pádraig Ó Dubhghaill.

“Bhain bás Joe Steve Uí Neachtain croitheadh as pobal Chois Fharraige agus as earnáil na healaíne agus an chultúir sna ceantair Ghaeltachta uilig ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile.

“Ar ndóigh, ba dhuine ildánach Joe – drámadóir, aisteoir, file agus duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge a bhain máistreacht amach ar na gnéithe éagsúla litríochta. Fear pobail a bhí ann chomh maith a sheas an fód ar son an cheantair inar tógadh é agus an dream a bhí ina gcónaí ann.”

Tháinig an smaoineamh d’fhéile bhliantúil ón toil a bhí ann i measc an phobail ómós a léiriú do chuimhne Joe Steve agus lasair a oidhreachta a iompar ar aghaidh.

“Go gairid tar éis bhás Joe, chinn Comharchumann Shailearna, le cead agus beannacht Mháirín (bean chéile Joe) agus an chlann, go ndéanfadh muid a shaothar agus a shaol a chomóradh trí fhéile bhliantúil a eagrú. Cuireadh Éigse Joe Steve ar siúl den chéad uair sa bhliain 2022 agus d’éirigh go rímhaith leis.”

Bunaithe ar mholtaí éagsúla a tháinig ón bhféile sin, socraíodh le bliain anuas í a fhorbairt mar Scoil Gheimhridh a chuirfeadh réimse leathan imeachtaí ar siúl agus ardán ar fáil do lucht na n-ealaíon idir óg agus aosta.

Fear ildánach a bhí i Joe Steve agus féachann clár na scoile le gnéithe éagsúla den obair a raibh sé féin páirteach inti a shníomh isteach sna himeachtaí. Mar sin beidh an drámaíocht, an plé poiblí, an litríocht agus an ceol ann.

“Bhí an oiread gnéithe den saol a raibh plé ag Joe Steve féin leo gur mhaith linn blaiseadh díobh a chur san áireamh sa gclár más féidir. Ar ndóigh, tá sé tábhachtach dúinn go mbíonn gné láidir drámaíochta agus litríochta ag Scoil Gheimhridh Joe Steve agus tá sé sin le feiceáil ar an gclár.

“Bhí fonn orainn go mbeadh dráma mar chuid lárnach den chlár ach chomh maith leis sin i mbliana tá muid ag déanamh iarracht an t-aos óg a spreagadh nó ar a laghad a gcuid tuairimí a fháil. Spreag muid chun filíochta iad leis an gcomórtas filíochta agus tá an-tóir ar na ceardlanna drámaíochta don óige a bheidh ar siúl.”

Déanfaidh an ócáid ‘Allagar na nGlúnta’ iarracht mianta agus tuairimí na hóige a bhailiú agus iad a shníomh le taithí saoil an phobail chun gníomhartha feabhais a bheartú don Ghaeltacht.

“Bhí fonn ar Joe Steve riamh go mbeadh cás na Gaeltachta á phlé agus na pobail á spreagadh chun iad féin a chur chun cinn.”

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá pobal mór tagtha le chéile chun an scoil a chur ar bun idir oibrithe deonacha, eagraíochtaí agus gnólachtaí áitiúla.

Bíonn obair mhór i gceist le réiteach féile ar bith agus tá an lucht eagraithe go mór faoi chomaoin ag an gCoiste Eagraithe agus oibrithe an Chomharchumainn atá ag plé leis le roinnt míonna, chomh maith le lucht urraíochta na scoile geimhridh.

“Ní fhéadfaí a leithéid a chur i gcrích gan an tacaíocht mhaoinithe agus urraíochta atá faighte againn ón iliomad eagraíocht. Tá aisteoirí agus lucht stáitse den scoth tagtha ar bord freisin agus tá muid faoi chomaoin ag na scoileanna, na tithe ósta agus an pobal fré chéile, a thug cúnamh dúinn.”

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i rith na scoile beidh an dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain ar stáitse agus é á stiúradh ag Ciarán Ó Fátharta. Cuirfidh Johnny Óg Connolly agus cairde saothar ceoil nuachumtha dar teideal ‘Ómós’ i láthair ag oscailt na féile chomh maith agus Caitlín Ní Chualáin ina bean an tí.

Beidh ócáid speisialta eile ann Tigh Mholly ar Dhomhnach na scoile, áit a mbeidh mír as an sraithdhráma raidió ‘Baile an Droichid’ á haithris beo ag aisteoirí as an áit. Tá lucht eagraithe na scoile ag iarraidh beocht agus brí na Gaeilge a léiriú agus ceiliúradh á dhéanamh acu ar oidhreacht Joe Steve agus tá na himeachtaí dírithe ar an aidhm sin.

“Ceann de na haidhmeanna atá againn ná go léiríonn an Scoil Gheimhridh go bhfuil an Ghaeilge ina teanga bheo agus go dtugann sé deis do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge teacht le chéile, idir óg agus aosta.

“Chomh maith leis seo, tugann an fhéile deis don phobal áitiúil, do chuairteoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i nualitríocht na Gaeilge foghlaim faoi Joe Steve Ó Neachtain agus a shaothar agus a shaol a cheiliúradh,” a deir Pádraig Ó Dubhghaill.

Níos mó