Tá margadh faoi shos cogaidh déanta ag Iosrael agus Hamas ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcogadh uafásach atá ar siúl in Gaza le 15 mí.
Caithfidh rialtas Iosrael an comhaontú a fhaomhadh go hoifigiúil agus dúirt an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu go raibh roinnt coinníollacha sa mhargadh a bhí fós le soiléiriú.
Toradh an margadh seo ar roinnt míonna de chainteanna síochána a raibh Catar agus tíortha eile ina n-eadránaithe orthu.
Thiocfadh an sos cogaidh i bhfeidhm láithreach.
Cuireadh tús leis an gcogadh nuair a d’ionsaigh Hamas deisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, ionsaí inar maraíodh 1,200 duine agus inar fuadaíodh ina ngialla 251 duine.
San ionsaí díoltais ar Gaza a lean, mharaigh Iosrael breis is 46,000 Palaistíneach, de réir fhigiúirí roinn sláinte an stráice. Tá 94 giall fós á gcoimeád ag Hamas, agus meastar gur bhásaigh 34 de na gialla.
Táthar ag súil go bhfágfaidh an sos cogaidh go mbeidh na céadta míle Palaistíneach a raibh orthu dul ar a dteitheadh de dheasca ionsaithe Iosrael ábalta filleadh ar a mbailte.
Mar chuid den mhargadh ceadófar isteach in Gaza gach lá trí thrasbhealach teorann Rafah 600 trucail lán cúnaimh agus soláthairtí leighis.
Tuairiscítear go ndeir oifig de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtiocfaidh an sos cogaidh i bhfeidhm sna laethanta amach romhainn agus go mairfidh an chéad chuid den sos cogaidh sé seachtaine agus go dtosófaí ar ghialla a scaoileadh saor le linn na tréimhse sin.