Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
priomhoidi-faoi-bhru-ag-tuismitheoiri-glacadh-le-tuairisc-o-shiceolaithe-mar-bhunus-do-dhioluine-on-ngaeilge

Príomhoidí faoi bhrú ag tuismitheoirí glacadh le tuairisc ó shíceolaithe mar bhunús do dhíolúine ón nGaeilge

| Tuairisc.ie | ,

Scríobh an Roinn Oideachais chuig príomhoidí ag míniú dóibh nach féidir díolúine a bhronnadh ach amháin nuair a chomhlíontar ceann de na critéir atá leagtha síos ag an Roinn

Príomhoidí faoi bhrú ag tuismitheoirí glacadh le tuairisc ó shíceolaithe mar bhunús do dhíolúine ón nGaeilge

Tá sé meabhraithe ag an Roinn Oideachais do scoileanna nach leor tuairisc ó shíceolaí oideachais gairmiúil le díolúine a bhronnadh ar dhalta ó staidéar na Gaeilge.

De réir tuairisc san Irish Times, scríobh an Roinn chuig príomhoidí ag míniú dóibh nach féidir díolúine a thabhairt ach amháin sa gcás go gcomhlíontar ceann de na critéir atá leagtha síos ag an Roinn do bhronnadh díolúintí, mar shampla, má bhíonn riachtanas speisialta oideachais ag dalta nó má tháinig siad chun cónaí in Éirinn ó thar lear.

Bhíodh tuairisc ó shíceolaí riachtanach chun díolúine ón nGaeilge a fháil ach athraíodh an córas sin in 2019 agus fágadh an cinneadh faoi phríomhoidí iarratas ar dhíolúine a dhéanamh.

Is léir go mbaineann tuismitheoirí úsáid as síceolaithe oideachais go fóill chun a léiriú gur cheart díolúine a cheadú dá bpáiste. Deirtear go mbraitheann príomhoidí faoi bhrú ó thuismitheoirí díolúine a cheadú nuair a fhaightear a leithéid, tuairisc a bhféadfadh costas idir €700-€800 a bheith ag baint léi.

Is chuig príomhoidí i scoileanna ina bhfuil ráta ard díolúintí á mbronnadh a scríobh an Roinn.

I gcás go mbronnfaí tuairisc ó shíceolaí ar phríomhoide, dúirt an Roinn go gcaithfí freastal ar riachtanais oideachais an dalta ar dtús agus mura dtiocfadh feabhas ar chúrsaí, go bhféadfaí smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ansin.

Gheall an Roinn anuraidh go ndéanfaí iniúchadh ar na scoileanna is mó a bhronnann díolúintí ón nGaeilge ar dhaltaí agus scríobhadh chuig breis is leathchéad scoil mí an Mhárta ag lorg míniú ar cén fáth go raibh céatadán na ndíolúintí a bronnadh sa scoil seasta cuid mhaith níos airde ná an meán náisiúnta.

Ardú ar líon na ndaltaí a thagann thar sáile agus ar líon na ndaltaí le riachtanais bhreise is minice a luaigh scoileanna mar mhíniú.

Bhí díolúine ón nGaeilge anuraidh ag beagnach 70,000 dalta, idir dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile.

Mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh an córas nua a tháinig isteach in 2019 rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine ach tá an díolúine níos coitianta anois ná riamh.

13.4% de dhaltaí iarbhunscoile a raibh díolúine ón nGaeilge acu anuraidh, céatadán níos airde ná mar a bhí ann aon uair roimhe seo agus i bhfad níos airde ná an 2.5% a bhí i gceist aimsir na mílaoise nua.

Níos mó