Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘thog-muid-bhur-mboithre-go-leir-agus-buaimid-bhur-ngradaim-go-leir’-–-kneecap-sasta-lena-n-ainmniuchain-bafta

‘Thóg muid bhur mbóithre go léir agus buaimid bhur ngradaim go léir’ – Kneecap sásta lena n-ainmniúcháin BAFTA

| Maitiu O Coimin | ,

Tá an scannán Kneecap ainmnithe i sé chatagóir i ngradaim BAFTA na bliana seo – an catagóir don ‘Sárscannán Briotanach Is Fearr’ ina measc.

Chuir an banna rap as Béal Feirste fáilte roimh an scéal.

“Tá ainmniúchán díreach faighte againn do shé cinn as seacht gcinn de ghradaim BAFTA. Is é an líon is mó ainmniúchán ag na BAFTAs riamh é do scannán le dream arb é a gcéad scannán é,” arsa Kneecap le RTÉ.

“Agus iontas na n-iontas, scannán Gaeilge a rinne an beart – toisc gur thóg muid bhur mbóithre go léir agus go mbuann muid bhur ngradaim go léir.”

I ráiteas a chuir siad amach inniu dúirt an banna gurb iontach an rud é go raibh gradaim na Breataine á bhfáil ag Gaeil.

“Bhí rialtas na Breataine sách fada ag goid maoin na hÉireann agus fiú ár bhfoc*** bia – ní raibh aon ghorta ann.

“Agus muid ag aisteoireacht den chéad uair, ba dheas an t-athrú é dul sall agus teacht ar ais le cúpla rud agus nár stada sé!

“Tá sé fíorfoc** greannmhar Éire a bheith ag tógáil gradaim na Breataine. Tá an céipear aisteoireachta seo an-éasca.”

Is iad na catagóirí eile ina bhfuil an scannán faoin mbanna ceoil rap as Béal Feirste ainmnithe ná ‘Scannán Nach Bhfuil i mBéarla Is Fearr’, ‘Script Scannáin Is Fearr’, ‘Roghnú Aisteoirí Is Fearr’, ‘Eagarthóireacht Is Fearr’, agus ‘Céadscannán Thar Barr le Scríbhneoir, Stiúrthóir nó Léiritheoir Briotanach Is Fearr’.

Níor éirigh leis an scannán áit a fháil sa chatagóir ‘Scannán Is Fearr’ cé gur ainmníodh é ar an bhfadliosta don chatagóir sin ag tús na míosa.

Tagann na hainmniúcháin seo sna sála ar an scéala a fógraíodh inné gur ainmníodh Kneecap i seacht gcinn déag de chatagóirí ag Gradaim IFTA a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Beidh searmanas bronnta na ngradam BAFTA ar siúl dhá lá i ndiaidh Ghradaim IFTA sa Royal Festival Hall i Londain.

Bhuaigh Liam Óg Ó hAnnaidh, Naoise Ó Cairealláin, agus JJ Ó Dochartaigh triúr an gradam don aisteoir is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Palm Springs a bhí ar siúl in California an tseachtain seo agus táthar ag fanacht ar an bhfógra a dhéanfar an tseachtain seo chugainn seo faoi ghearrliosta na nOscar.

Kneecap luaite ar an bhfadliosta do dhá ghradam ag Gradaim an Acadaimh 2025 – an Fadscannán Idirnáisiúnta Is Fearr agus an tAmhrán Nua Is Fearr. Bhí liosta deireanach le n-ainmniúchán le fógairt le níos túisce an mhí seo ach cuireadh siar é mar gheall ar an loscadh mór atá ar siúl in Los Angeles faoi láthair.

“Is tríd an gceol agus tríd an bhfilíocht agus an scéalaíocht ó ghlúin go glúin a mhair an Ghaeilge riamh, mar sin, is iontach an onóir é a bheith mar chuid den stair shaibhir sin leis an scannán Kneecap – ag cur na teanga áille seo agus scannánaíocht na hÉireann ar ardán domhanda,” a dúirt stiúrthóir an scannáin Rich Peppiatt.

Dúirt TG4 i ráiteas a eisíodh faoi ainmniúcháin na ngradam BAFTA inniu go léiríonn Kneecap agus an rath atá ar an scannán “go bhfuil léiriúcháin Ghaeilge breá ábalta dul i gcomórtas – agus an bua a bheith acu – ar an ardán domhanda, iad ar comhchéim le scannáin mhóréilimh” agus go léiríonn an infheistíocht a rinne TG4 féin sa scannán gur féidir scéalta “atá fíor…a bhfuil an cultúr go smior iontu” an lucht féachana a mhealladh ó gach uile chearn den domhan.

“Tá níos mó i gceist le KNEECAP ná scannán amháin; is gluaiseacht é a bhfuil spás ar leith bainte amach aige i gcultúr na n-óg in Éirinn agus anois i scannánaíocht an domhain.

“Tá an Ghaeilge curtha ar na hardáin is tábhachtaí ar domhan ag Kneecap, í mar mhodh cruthaitheach cumhachtach acu chun dul i gcion ar chultúir dhúchasacha, ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa cheol agus ar dhuine ar bith a bhfuil meas acu ar shárscéalaíocht. Tá tiomantas TG4 tacú leis an rabharta feabhais seo i seánraí cláir a bhfuil script agus nach bhfuil script leo seasmhach. Comhghairdeas Kneecap,” a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4.

Níos mó