Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ar-gcead-radharc-againn-ar-chiarrai-agus-dun-na-ngall-agus-suil-le-coimhlint-mhaith-idir-gaillimh-agus-maigh-eo

Ár gcéad radharc againn ar Chiarraí agus Dún na nGall agus súil le coimhlint mhaith idir Gaillimh agus Maigh Eo

| Padraic O Ciardha | ,

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar na cluichí i mBabhta a Dó de Roinn 1 na Sraithe Peile Náisiúnta

Ár gcéad radharc againn ar Chiarraí agus Dún na nGall agus súil le coimhlint mhaith idir Gaillimh agus Maigh Eo

Roinn 1 na Sraithe Peile Náisiúnta 

Dé Sathairn, 1 Feabhra 

Ard Mhacha v Tír Eoghain – Páirc Lúthchleasaíochta (Beo ar RTÉ 2) 

Dún na nGall v Áth Cliath – Páirc Mhic Cumhaill (Beo ar TG4) 

Dé Domhnaigh, 2 Feabhra 

Doire v Ciarraí – Páirc na gCeilt (Beo ar TG4) 

Maigh Eo v Gaillimh – Páirc Mhic Éil (Beo ar TG4)

Cuirfidh Dún na nGall agus Jim McGuinness tús lena bhfeachtas sraithe anocht nuair a chuirfidh na Conallaigh fáilte roimh Áth Cliath i mBealach Féich. Cuireadh cluiche Dhún na nGall in aghaidh Chiarraí an tseachtain seo caite ar athlá de thoradh na Stoirme Éowyn agus gan deis againn dá bharr léargas a fháil ar an gcaoi a dtabharfaidh McGuinness faoi rialacha nua na peile. 

Is beag seans go scaoilfidh an bainisteoir le gach seift atá sa gcloigeann aige le linn na sraithe agus é ag iarraidh cúpla cleas a choinneáil do Chraobh Uladh agus craobh na hÉireann ina diaidh ach gheofar léargas áirithe ar cá seasann Dún na nGall le linn na sraithe agus radharc chomh maith ar Michael Murphy agus é fillte ar fhoireann an chontae. 

Tá obair mhór le déanamh ag Áth Cliath le linn an earraigh agus Dessie Farrell ag iarraidh foireann a chur le chéile gan Brian Fenton, James McCarthy, Jack McCaffrey agus Paul Mannion. Bhí cuma mhaith ar an bhfoireann sa gcéad bhabhta an deireadh seachtaine seo caite agus seacht bpointe aimsithe ag Seán Bugler ina mbua ar Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh. 

Níos luaithe anocht, beidh seaimpíní na hÉireann ag iarraidh a gcéad chluiche i sraith na bliana seo a bhuachan agus fir Thír Eoghain ag dul soir chuig Páirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha. Chlis ar fhoireann Kieran McGeeney sa dara leath i gcoinne na Gaillimhe Dé Sathairn seo caite agus cuireadh Niall Grimley den pháirc chomh maith, mar bharr ar an donas. Bhí bua cuimsitheach ag Tír Eoghain ar Dhoire an deireadh seachtaine seo caite agus Michael McKernan agus Niall Morgan i measc na n-imreoirí a sheas amach. 

Tá cluiche crua eile anois le teacht ag Doire agus Paddy Tally ag cur fáilte roimh Chiarraí, foireann ar chaith sé cúpla bliain mar thraenálaí uirthi faoi Jack O’Connor.  

Buntáiste é do Dhoire go bhfuil cluiche ceart imeartha acu leis na rialacha nua, rud nach bhfuil déanta go fóill ag Ciarraí ach beidh an Conchúrach ag súil le tús maith. Tá scata mór ó Chorca Dhuibhne ar an bpainéal aige i mbliana, a bhformhór – seachtar ar fad – ón nDaingean ach beidh muintir Chumann Caide na Gaeltachta ag súil go n-éireoidh go maith le Cathal Ó Beaglaoich agus é tugtha isteach ar an bhfoireann. 

Is é cath na gcomharsan i gConnachta cluiche mór an Domhnaigh agus Gaillimh ag taisteal suas an N17 chuig Caisleán an Bharraigh chun aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo. Thóg sé tamaillín ar fhoireann Phádraic Joyce socrú isteach sa gcluiche i gcoinne Ard Mhacha an tseachtain seo caite ach léirigh na Gaillimhigh a gcumas leis na scóranna nua dhá phointe sa dara leath. Rinne beirt Chois Fharraige, Cillian Ó Curraoin agus Finnian Ó Laoi, go maith le linn an chluiche. 

Cé gur chaill siad in aghaidh Átha Cliath, ní raibh aon chaill ar Mhaigh Eo sa gcluiche agus beifear ag súil le toradh maith sa mbaile i bPáirc Mhic Éil. Bíonn muintir an chontae i gcónaí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh agus ba cheart go mbeadh coimhlint mhaith eatarthu. 

Níos mó