Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cursai-oideachais-agus-oige-buailte-–briseadh-sios-faighte-ar-chiorruithe -fhoras-na-gaeilge

Cúrsaí oideachais agus óige buailte –briseadh síos faighte ar chiorruithe  Fhoras na Gaeilge

| Padraic O Ciardha | ,

Is i réimsí an oideachais agus na hóige is mó a bhainfear an t-airgead atá le gearradh ag Foras na Gaeilge óna bhuiséad do 2025 agus ciorruithe breis is €800,0000 fógartha ag an eagraíocht trasteorann.

I mbriseadh síos ar na ciorruithe atá faighte ag Tuairisc ón bhForas, deirtear go bhfuil ciorrú 15% – thart ar €200,000 – le déanamh ar “scéimeanna don óige agus eile” a dhéanann an Foras maoiniú orthu i réimse an oideachais.

Tá buiséad cumarsáide agus margaíochta an Fhorais gearrtha breis is 20% chun €100,000 a shábháil. Tá an feachtas ‘Creidim Ionat’ i measc na dtionscadal atá curtha ar ceal faoin réimse sin.

Ciorrú os cionn 20% eile atá le déanamh i réimse na n-ealaíon agus na hearnála poiblí chun tuairim is €80,000 a ghearradh ón mbuiséad bhunlíne.

Deir an Foras go bhfuil os cionn €100,000 gearrtha de bhunsheirbhísí agus costais ghnó sa réimse corparáideach agus go bhfuil €100,000 ciorrú eile le déanamh i réimsí na foilsitheoireachta agus na foclóireachta.

Tá an Scéim Tacaíochta Gnó agus an chéad ghlaoch eile de Scéim na bhFéilte curtha ar fionraí chomh maith chun €140,000 a shábháil.

Tá an maoiniú bliantúil a fhaigheann na sé cheanneagraíochtaí Gaeilge le laghdú 3% in 2025 agus laghdú 2% le déanamh ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus ar an maoiniú a chuireann an Foras ar fáil do na meáin scríofa – Tuairisc, Nós agus Comhar.

Deir Foras na Gaeilge go ndéanfar “athbhreithniú ar na míreanna seo má thagann réiteach chun cinn”.

Baileoidh grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge le chéile i mBaile Átha Cliath inniu chun na deacrachtaí atá ag cur as don earnáil ó fógraíodh ciorruithe an Fhorais an mhí seo caite a phlé.

Tá an cruinniú éigeandála eagraithe i ag Conradh na Gaeilge chun an scéal sin agus plean gnímh a phlé le grúpaí teanga.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go bhfuil córas maoinithe Fhoras na Gaeilge “briste”  agus go bhfuil “idirghabháil phráinneach” ag teastáil ón dá rialtas, ó thuaidh agus ó dheas, chun teacht ar réiteach.

Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad bliantúil Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, ach le blianta fada bíonn fadhbanna go minic le maoiniú na heagraíochta mar gheall ar dheacrachtaí polaitiúla ó thuaidh.

Tá socrú aontaithe idir ranna airgeadais an dá rialtais go mbeadh dream amháin in ann maoiniú breise a bhronnadh ar eagraíocht trasteorann ar nós Foras na Gaeilge gan ceangal a bheith ar an rialtas eile airgead breise a chur ar fáil ach tá diúltaithe ag an DUP don réiteach sin. Dúirt LeasChéad-Aire an Fheidhmeannais, Emma Little–Pengelly an DUP, an tseachtain seo caite nár thacaigh sí leis an socrú a moladh.

Tuairiscítear go ndearnadh cúig iarracht an socrú nua a faomhadh san Fheidhmeannas ó thuaidh le roinnt míonna anuas ach nár éirigh leis na hiarrachtaí é a chur ar an gclár i Stormont.

Fágann sin nach féidir leis an rialtas ó dheas airgead breise a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge cé go maítear go bhfuiltear toilteanach sin a dhéanamh.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt Julian de Spáinn go raibh fearg ar ghrúpaí faoi na ciorruithe atá le déanamh agus go raibh todhchaí chuid de na ngrúpaí i mbaol toisc nach mbeadh siad in ann cíos a íoc ar a gcuid áiseanna.

Chuir de Spáinn an milleán ar an DUP faoi na ciorruithe a fógraíodh le gairid agus dúirt sé go raibh tionchar ag an gcinneadh gan glacadh leis an socrú nua ar ghrúpaí ó thuaidh agus ó dheas den teorainn.

“Tá Foras na Gaeilge briste, agus tá an DUP ag cur bac roimh an mholadh atá aontaithe idir an dá Aire Airgeadais trínar féidir cuid den fhadhb seo a réiteach. Má léanann an cros 32 contae seo ar aghaidh, agus muna mbíonn réiteach ar an tsáinnseo, fágfar Foras na Gaeilge san áit chéanna arís agus arís eile, agus de réir mar a thiocfaidh méadú leanúnach ar chostais oibríochta an eagrais, tiocfaidh ciorruithe i bfheidhm ar na grúpaí agus ar na scéimeanna pobail ar fud na tíre. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh leis an socrú seo nó níl sé inbhuanaithe a thuilleadh.”

Mar sin féin, dúirt de Spáinn go gcaithfí a bheith “réadúil faoin ghéarchéim atá romhainn” agus go bhfuil “seans láidir” nach n-aontóidh an DUP leis an leasú atá molta.

Sa gcás sin, deir de Spáinn go mbeidh gá le “modhanna eile maoinithe a fhiosrú, modhanna a ligfidh don Rialtas ó dheasmaoiniú a chur ar fáil a dhéanfas difear do ghrúpaí ar an talamh.”

Deir an Conradh nach raibh Foras na Gaeilge maoinithe i gceart riamh agus dá mbeadh sé maoinithe mar a mhaoinítear An Chomhairle Ealaíon ó dheas go mbeadh buiséad €50 milliún ag an bhForas seachas an €17.7 milliún atá acu faoi láthair.

Cúis ghearáin é ag Foras na Gaeilge go bhfuil buiséad na heagraíochta mórán mar a bhí ó rinneadh ciorruithe air aimsir na géarchéime airgeadais in 2008.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge an tseachtain seo caite gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr maoinithe na heagraíochta.

Dúirt Regina Uí Chollatáin go raibh súil aici gur rud sealadach a bheadh sa ghearradh siar atá á dhéanamh agus gur chun leasa na bhforas trasteorann go léir a bheadh sé dá ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras maoinithe reatha.

Níos mó