Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
deir-an-tae-go-mbeadh-taraifi-an-uachtarain-trump-neamhdhleathach,-gan-udar-agus-go-ndeanfaidis-dochar

Deir an tAE go mbeadh taraifí an Uachtaráin Trump neamhdhleathach, gan údar agus go ndéanfaidís dochar

| Tuairisc.ie | ,

Deir Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfógróidh sé baisc eile taraifí an tseachtain seo, taraif 25% ar an gcruach agus an t-alúmanam ar fad a iompórtálann an tír san áireamh

Deir an tAE go mbeadh taraifí an Uachtaráin Trump neamhdhleathach, gan údar agus go ndéanfaidís dochar

Tá rabhadh tugtha ag an gCoimisiún Eorpach go mbeadh aon taraif a chuirfeadh na Stáit Aontaithe ar earraí na hEorpa neamhdhleathach agus gur mó aimhleas ná leas a dhéanfadh a leithéid de bheart don gheilleagar.

“Má chuireann na Stáit Aontaithe taraifí i bhfeidhm, is amhlaidh a bheidís ag cur cánacha ar a saoránaigh féin, ag cur tuilleadh costais ar ghnóthaí agus ag spreagadh an bhoilscithe. Chomh maith leis sin, is amhlaidh a chothaíonn taraifí éiginnteacht agus cuireann siad as d’éifeachtúlacht agus do chomhcheangal na margaí domhanda,” a dúradh i ráiteas ón gCoimisiún.

Dúradh chomh maith go ngníomhódh an Coimisiún le leas ghnóthaí, oibrithe agus thomhaltóirí na hEorpa a chosaint ó bhearta gan údar.

Tá sé ráite ag Uachtarán SAM, Donald Trump, go bhfógróidh sé baisc nua taraifí an tseachtain seo agus go mbeidh taraif 25% ar an gcruach agus an t-alúmanam ar fad a iompórtálann an tír san áireamh

Ina chéad téarma sa Teach Bán [2017-2021] chuir Donald Trump taraif 25% ar chruach agus 10% ar alúmanam as tír isteach ach ina dhiaidh sin mhaith sé na taraifí sin do chuid de na tíortha a bhí ag trádáil leis na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Meicsiceo san áireamh.

Tá cruach agus alúmanam ina n-údar imris idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ó 2018, tráth ar chuir an tUachtarán Trump taraif ar na mianraí sin, cé gur chuir sé ar ceal arís iad ina dhiaidh sin.

Mar dhíoltas ar tharaifí SAM, chuir an tAontas Eorpach taraifí ar roinnt earraí a bhí á n-iompórtáil as na Stáit Aontaithe – sú mónóg, fuisce bourbon, gluaisrothair Harley-Davidson agus báid innill. Glacadh sos ón aighneas sin agus Joe Biden sa Teach Bán agus cuireadh taraifí sin an AE ar ceal ach ceaptar anois go mbeidh deireadh le sos comhraic taraifí an Aontais Eorpaigh ag deireadh an Mhárta.

Tá sé ráite ag an Uachtarán Trump go bhfuil sé i gceist aigesean “taraifí cómhalartacha” a chur ar aon tír atá ag cur taraifí ar iompórtálacha na Stát Aontaithe faoi láthair ach níor chuir sé ainm ar na náisiúin a bhí i gceist aige ná níos luaigh sé go raibh aon eisceacht ina choigeann aige.

Údar imní níos mó an bhagairt sin d’Éirinn ná d’aon tír eile san Aontas Eorpach mar gur go dtí na Stáit Aontaithe a sheolann an tír seo sciar níos mó dár n-easpórtálacha ná ballstáit eile.

Is leis na Stáit Aontaithe is mó a dhíolann an tír seo earraí, luach €54 billiún ar fad.

Earraí cógaisíochta agus leighis a thuilleann €36 billiún de sin agus comhlachtaí Meiriceánacha a dhéanann a bhformhór anseo.

As Meicsiceo agus Ceanada a cheannaíonn na Stáit Aontaithe formhór a gcuid cruach agus alúmanaim, rud a fhágann gurb iad an dá thír sin béal dorais is measa a bheidh buailte ag an taraif 25% atá á bagairt ag Trump.

Tá sé ráite ag lucht ceannais Cheanada go ndéanfaidh na taraifí seo an-dochar do gheilleagar na tíre. Chuir Doug Ford, ceannaire chúige Ontario, i leith an Uachtaráin Trump go raibh sé “ag athrú na rialacha agus cíor thuathail sheasta á cothú aige”.

San Astráil dúradh go mbeadh na mílte post i Meiriceá i mbaol dá rachadh an tUachtarán ar aghaidh lena phleananna.

Chothódh na taraifí nua seo tuilleadh aighnis faoi pholasaí trádála Trump a bhfuil díoltas fógartha ag an tSín dá mbarr cheana féin agus a gcuid taraifí féin curtha acu ar iompórtálacha ó na Stáit Aontaithe..

Ag seisiún eolais d’iriseoirí ag a theach i Mar-a-Lago i Florida Dé Domhnaigh a d’fhógair an tUachtarán Trump na cánacha nua atá beartaithe agus é ar a bhealach go dtí an Super Bowl i New Orleans.

Níos mó