Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
fiafraigh-de-chatgpt-faoi-lion-na-marbh-in-gaza-is-braithfidh-an-freagra-ar-theanga-do-cheiste

Fiafraigh de ChatGPT faoi líon na marbh in Gaza is braithfidh an freagra ar theanga do cheiste

I staidéar nua, cuireadh ceisteanna i dteangacha difriúla faoi líon na ndaoine a bhásaigh i gcoimhlintí féachaint an mbeadh na freagraí mar a chéile

Fiafraigh de ChatGPT faoi líon na marbh in Gaza is braithfidh an freagra ar theanga do cheiste

Cuir ceist ar bhot AI cé mhéid duine a maraíodh sa chogadh in Gaza agus braithfidh an freagra ar an teanga a labhraíonn tú leis.

Léiríodh i staidéar nua ar shamhailtí móra teanga (LLM), dála ChatGPT, go mbíonn tionchar ag an teanga a úsáidtear leis an LLM ar na torthaí a chuirtear ar fáil.

Rinne lucht taighde in Ollscoil Zürich san Eilvéis agus Ollscoil Konstanz sa Ghearmáin staidéar ar na freagraí a chuir ChatGPT ar fáil ar cheisteanna a bhain le dhá choimhlint idirnáisiúnta – an choimhlint in Gaza agus an choimhlint idir na Turcaigh agus na Coirdínigh.

Cuireadh ceisteanna faoi líon na ndaoine a bhásaigh sna coimhlintí i dteangacha difriúla. Fiafraíodh faoi líon na marbh sa choimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael san Eabhrais agus san Araibis agus fiafraíodh faoi líon na marbh sa choimhlint eile sa Tuircis agus sa Choirdis.

Léiríodh sa staidéar go raibh difríocht 34 ± 11% idir na teangacha sna meastacháin a chum an LLM. Is i dteanga an ionsaitheora a bhí an meastachán ab ísle. Frítheadh freisin gur minice a chuirtear freagra “seachantach” ar fáil i dteanga an ionsaitheora mar a séantar gur tharla nó go dtarlaíonn a leithéid d’ionsaithe.

Chuir na taighdeoirí na ceisteanna ceannann céanna san Araibis agus san Eabhrais faoi ionsaithe ar leith – ionsaí Iosrael ar an gcampa teifeach i Nuseirat in 2014, mar shampla.

Luadh sibhialtaigh a dhá oiread níos minice agus páistí a shé oiread níos minice sna freagraí Araibise a chum Chat GPT ná mar a luadh iad sna freagraí Eabhraise.

Ba é an córas GPT 3.5 a úsáideadh don staidéar ach rinneadh “anailís shimplithe” ar thorthaí GPT-4 – an leagan is nua de Chat GPT – agus ba iad “na treochtaí céanna” a bhí i gceist ansin.

Agus na difríochtaí sna freagraí tugtha faoi deara ag na taighdeoirí, thug siad faoi údar na neamhréire sin a thuiscint. Rinneadh “anailís chórasach” ar na foinsí nuachta Araibise agus ba léir nach ndearna an LLM ceangal idir ionsaithe sonracha agus líon na marbh mar a tuairiscíodh iad ar an nuacht san Araibis.

“Mar gheall go mbíonn sé ag brath ar fhocail a thagann aníos arís agus arís eile, d’fhéadfadh an LLM líon na marbh ó ionsaithe difriúla a d’fhág lorg níos mó ar chúrsaí nuachta a lua le hionsaithe eile, nó líon carnach na marbh atá go mór chun cinn sna sonraí oiliúna,” a míníodh sa staidéar.

Dúirt údair an staidéir, Christoph Valentin Steiner agus Daniel Kazenwadel, go bhfuil an fhéidearthacht ann go méadódh an claonadh teanga a aithníodh ina gcuid taighde na claontaí eile atá ann agus faisnéis á scaipeadh amach anseo agus go gcuirfí le “bolgáin eolais”, agus go gceapfá gur mar sin atá an saol.

Níos mó