Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
pairtithe-traidisiunta-na-gearmaine-ag-iarraidh-an-afd-a-choinneail-amach

Páirtithe traidisiúnta na Gearmáine ag iarraidh an AfD a choinneáil amach

An mbeidh bua chomh mór sin ag páirtí conspóideach Alice Weidel in olltoghchán na Gearmáine inniu nach mbeidh an daonlathach Críostaí Friedrich Merz in ann neamhaird a dhéanamh dóibh agus comhrialtas á chur le chéile aige?

‘Bíodh an Eoraip san airdeall faoin gcontúirt ón taobh istigh,’ a dúirt leasuachtarán na Stát Aontaithe, J.D. Vance, ag comhdháil idirnáisiúnta faoi chúrsaí slándála i München na Gearmáine an deireadh seachtaine seo caite.

Is cinnte nach é an páirtí Alternative für Deutschland (AfD), atá chomh mór sin ar thaobh na heite deise agus ar féidir le páirtí polaitiúil a bheith gan a bheith mídhleathach, a bhí i gceist ag Vance.

In alt tuairimíochta a foilsíodh sa nuachtán Welt am Sonntag díreach roimh an Nollaig, scríobh leathbhádóir Vance agus an Trumpadóir, Elon Musk, gurb iad an AfD ‘an t-aon dream amháin ar féidir leo an Ghearmáin a shábháil.’

Lena chois sin, tá tús áite á thabhairt ar X, gréasán sóisialta Musk – agus ar TikTok na Síne, leis – do theachtaireachtaí agus físeáin de chuid an pháirtí chonspóidigh AfD thar ábhar bolscaireachta na bpáirtithe polaitiúla eile sa Ghearmáin. Sin a léirigh taighde de chuid na heagraíochta neamhrialtais Global Witness an tseachtain seo.

An éireoidh leis an AfD, atá go láidir i gcoinne na hinimirce, atá go mór ar thaobh na Rúise agus a dteastaíonn uathu tarraingt amach as an euro – ach, spéisiúil go leor, a bhfuil bean i gceannas orthu a bhfuil caidreamh fadtéarmach aici le bean de shliocht Shrí Lanca – an éireoidh leo sin olltoghchán an lae inniu a bhuachaint?

Ní éireoidh, más aon fhianaise na pobalbhreitheanna deireanacha: beidh daonlathaigh Críostaí an CDU/CSU, faoi stiúir Friedrich Merz, i bhfad chun cinn ar an AfD agus thart ar 30% de na vótaí acu. Ach d’fhéadfadh sé go mbeadh os cionn 20% de na vótaí ag AfD Alice Weidel, agus go mbeidh sé deacair ar Friedrich Merz comhrialtas a bhunú le daonlathaigh shóisialacha an SPD, atá faoi stiúir Olaf Scholz – an seansailéir reatha – gan chúnamh na bpáirtithe beaga ar nós Die Linke agus na Glasaigh.

Nó an ngéillfidh Merz don bhrú agus don chathú comhrialtas a bhunú leis an AfD, má bhíonn bua chomh mór sin ag páirtí Weidel nach mbeifear in ann neamhaird a dhéanamh dóibh a thuilleadh – in ainneoin gheallúintí sollúnta na bpáirtithe móra traidisiúnta nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas leis an AfD?

Tá rud amháin soiléir: ní éireoidh leis an AfD bua mór a bhaint amach mura n-éiríonn leo vótaí a mhealladh in iarthar na tíre. Má bhreathnaíonn tú ar thorthaí na bpobalbhreitheanna agus iad léirithe ar léarscáil na Gearmáine, buaileann sé idir an dá shúil thú: sin í an tseanteorainn idir an Ghearmáin Thiar agus an Ghearmáin Thoir, agus tá dath gorm éadrom, dath AfD, ar an Oirthear ar fad. Spéisiúil go leor, tarlaíonn an rud ceannann céanna má zúmáileann tú isteach ar an ardchathair, Beirlín: dath gorm éadrom ar an taobh thoir agus éagsúlacht dathanna – uaine na nGlasach, dearg an SPD agus gorm dorcha an CDU/CSU – ar an taobh thiar.

Dath dearg a bhí ar chathair Bremen, ar chaith mé féin cúpla lá inti san fhómhar, agus inar thug mé suntas – leathbhliain roimh an toghchán – do líon na bpóstaer agus na ngraifítí frith-AfD ar bhallaí agus ar chuaillí solais, frásaí a rinne comparáid go minic idir páirtí Alice Weidel agus an dream úd a bhí i gceannas sa Ghearmáin idir 1933 agus 1945.

Ach in Bremen agus in áiteanna eile iarthar na tíre, is iad an dream a chaitheadh vóta go traidisiúnta do na daonlathaigh shóisialacha is mó a bhfuil an AfD ag díriú orthu: gruaigeadóirí, altraí, oifigigh airm, oibrithe monarchan, agus más fianaise iad na pobalbhreitheanna éireoidh le páirtí Weidel cuid mhaith vótaí a bhaint de SPD Scholz sa chuid sin den tír ar ar tugadh an Ghearmáin Thiar fadó.

Tá gach cuma ar an scéal mar sin go bhfuil port Scholz seinnte mar sheansailéir agus gurb é Friedrich Merz a thiocfaidh i gcomharbacht air. Ar bun Eorpach, seans nach drochrud é sin: bhíodh teannas de chineál go minic idir Scholz agus a chomhghleacaí sa Fhrainc, Emmanuel Macron, agus má thagann Merz ina áit, seans go dtosóidh ‘inneall na hEorpa’ – ais Pháras agus Bheirlín – ag feidhmiú i gceart arís, rud a bhfuil géarghá leis agus an tírdhreach idirnáisiúnta mar atá.

Agus an AfD? ‘Beimid ag fanacht go foighdeach,’ a deir leascheannaire an pháirtí, Sebastian Münzenmaier. ‘Seans go mbeidh an AfD i mbun rialtais níos túisce ná mar atáthar ag ceapadh. Nó sin, tar éis an chéad olltoghcháin eile.’

Gach seans go bhfuil dealramh lena chuid cainte. Ní gá ach breathnú thar theorainn thiar na Gearmáine, áit nár éirigh le páirtithe traidisiúnta na hÍsiltíre PVV Geert Wilders – macasamhail an AfD san Ollainn – a choinneáil amach, in ainneoin a gcuid geallúintí sollúnta le blianta fada.

Níos mó