Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
sam-agus-an-ruis-chun-foirne-a-cheapadh-le-tabhairt-faoi-dheireadh-a-chur-leis-an-gcogadh-san-ucrain  

SAM agus an Rúis chun foirne a cheapadh le tabhairt faoi dheireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin  

| Tuairisc.ie | ,

I ráiteas ón gCreimil deirtear go raibh cruinniú “tairbheach dearfach” ceithre huaire ag an Rúis agus na Stáit Aontaithe san Araib Shádach faoin gcogadh san Úcráin. 

Dúirt urlabhraí de chuid rannóg Stáit Washington gur shocraigh Marco Rubio, Rúnaí Stáit SAM, agus Sergey Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtrach na Rúise, go gceapfaí foirne ardleibhéil le tús a chur le bealach a fháil le deireadh a chur le cogadh na Rúise san Úcráin chomh luath agus ab fhéidir. 

D’aontaíodar freisin go gcomhoibreoidís lena chéile amach anseo maidir le cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta a bheadh chun leasa an dá thír, agus go mbeadh deiseanna infheistíochta san áireamh ansin ach a mbeadh deireadh leis an achrann san Úcráin.   

Reáchtáladh an cruinniú san Araib Shádach idir an tAire Sergei Lavrov agus Marco Rubio agus níor tugadh aon chuireadh don Aontas Eorpach ná don Úcráin. 

Dar le Yuri Ushakov, comhairleoir gnóthaí eachtracha Vladimir Putin, “ní dócha” go mbeidh aon chruinniú idir Putin agus Trump an tseachtain seo chugainn.   

“Tá sé socraithe againn go ndéanfaidh an dá fhoireann idirbheartaíochta éagsúla teagmháil lena chéile in am trátha,” a dúirt Ushakov. 

Dúirt urlabhraí de chuid na Creimile, Dmitry Peskov, nach bhfuil an Rúis in aghaidh ballraíocht an Aontais Eorpaigh don Úcráin mar nach gceapann siad gurbh aon bhagairt dá slándáil féin a bheadh sa mballraíocht sin.  

“Sin ceart flaitheasach atá ag gach aon tír. Táimid ag caint ansin faoi phróisis lánpháirtithe agus eacnamaíochta, agus ar ndóigh ní féidir le haon duine iad sin a leagan síos d’aon tír. Ní dhéanfaimidne é sin,” a dúirt Peskov. 

“Ach is scéal eile ar fad ár seasamh ar chúrsaí a bhaineann le slándáil, cosaint nó comhghuaillíochtaí míleata.  Tá ceist eile anseo, agus is maith is eol do gach duine fúithi.”  

irt Peskov go mbeadh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, réidh le ghabháil i mbun cainteanna le Volodymyr Zelenskyy dá dteastódh sin. 

“Ach caithfear an bonn dlí le comhaontuithe a phlé chomh maith ó tharla go bhfuil ceisteanna le cur faoi dhlisteanacht Zelenskyy,” a dúirt Peskov agus é ag labhairt ar son na Creimile.   

Dúirt Yuriy Sak, urlabhraí ó Roinn Cosanta na hÚcráine, nach bhfuil sna cainteanna san Araib Shádach ach tús le “próiseas [a bheidh] casta agus an-fhada”.   

Dúirt sé go raibh sé “fíoraisteach” nach raibh an Úcráin páirteach sna cainteanna sin. 

Dúirt sé nach bhféadfaí aon socrú a dhéanamh gan an Úcráin [a bheith páirteach ann] 

“Níl aon fhaitíos orainn mar ní féidir é a dhéanamh, ó thaobh uimhríochta de, ní féidir aon socrú a bhrú ar an Úcráin dár mbuíochas. 

“Mar táimid inár gcónaí i dtír dhaonlathach agus toghtar ár n-uachtarán faoin mbunreacht le seasamh ar son mhuintir na hÚcráine agus tá muintir na hÚcráine agus arm na hÚcráine ina suí ag an mbord sin chomh maith.  

“Ní fhéadfaidh aon rud tarlú beag beann ar chead uainne.”  

Níos mó